LÉIRMHEAS: Ómós cuí tugtha do Bowie, Maude agus Ó Doibhlin

Tugann an fhéile IMRAM tuiscint do chách ar a bhríomhaire is atá na healaíona Gaeilge

LÉIRMHEAS: Ómós cuí tugtha do Bowie, Maude agus Ó Doibhlin

Bhí an Pavilion i nDún Laoghaire lán go doras, agus fiach ar thicéid don mhórthogra  is déanaí de chuid IMRAM, ‘Réaltneach’, amhráin de chuid David Bowie traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock. Ba iad Hillary Bow, Liam Ó Maonlaí agus an Brad Pitt Light Orchestra na hoirfidigh. Seo an tríú togra dá leithéid a raibh an BPLO páirteach ann, agus bhí muintir Blake chun tosaigh san amhránaíocht an uair seo agus réimse guthanna acu a d’fheil go mór do na hamhráin, iad binn ard scaití agus domhain garbh scaití eile.

Ní éistim mórán le ceol Bowie, mar sin is corrfhonn a d’aithin mé. Dúirt daoine níos eolaí liom go raibh greim agus tuiscint mhaith ar an gceol ag na ceoltóirí, rud a bheifí ag súil leis ó dream chomh hoilte a bhfuil taithí mhór acu.
Ba léir freisin go raibh siad ag baint sult as an gceol, agus a gcroí, a n-anam agus a bhfuinneamh ann.

Tar éis amhrán a dhein tástáil mhaith ar a réimse ghlór, scairt duine ón lucht féachana, ‘Arís!’ ‘An ag magadh fúm atá tú?’ arsa James Blake ón BPLO.

Cuireann na pictiúir a chruthaíonn Margaret Lonergan go mór leis na hócáidí seo, agus tugann siad deis leis  don lucht féachana na liricí féin a bhlaiseadh. An uair seo chonaiceamar an iomaí craiceann a chuir Bowie de le linn a shaoil sa réimse leathan pictiúr de agus threisigh na híomhánna ealaíonta ar fad teachtaireacht na n-amhrán.

Amhrán ó gach ré de ghairm Bowie a bhí roghnaithe ag Gabriel, a albam deireanach Blackstar san áireamh. Luaigh Liam Ó Maonlaí gur pribhléid a bhí ann deis a fháil na hamhráin nach raibh an deis ag Bowie féin a chanadh beo a chur i láthair an lucht éisteachta.

Féile litríochta is ea IMRAM agus bhí cor nua sa cheolchoirm – do reic Gabriel a dhán féin ‘Bowie’ ina ghuth cheolmhar féin chun tús a chuir leis an dara leath.

Is é is aidhm do na hócáidí seo ná bheith istigh a thabhairt dóibh siúd ar bheagán Gaeilge ar a bhríomhaire is atá na healaíona Gaeilge. Ón méid a a chonaic is a chuala mise, d’éirigh thar barr arís leo.

Caitlín Maude
Caitlín Maude

Sea, is cuspóir de chuid lucht IMRAM é an deighilt idir éigse na Gaeilge agus an dream nach bhfuil acu ach Béarla a shárú agus ba léir an cuspóir sin chomh maith ag an léiriú de ‘Aisling Gheal – Tionscadal Caitlín Maude’ níos luaithe san fhéile. Ní hamháin gur léadh dánta le Caitlín Maude sa bhunleagan in Amharclann  Scoil na mBuachaillí i Smock Alley, ach léadh na haistriúcháin chomh maith – aistriúcháin a rinne Caitlín féin, Gabriel Fitzmaurice, Micheál Ó hAirtnéide agus Biddy Jenkinson. Bhí Biddy féin agus Emer Ní Neachtain i measc na léitheoirí. Chuir Enda Reilly ceol a chum sé féin i láthair agus chas Síle Denvir, bean an tí, cuid de na hamhráin a chanadh Caitlín Maude féin.

Léiriú cumhachtach a bhí ann, a d’fhág tocht go minic ar an lucht éisteachta, sa chaoi go ndearna siad dearmad bosa a bhualadh ag deireadh míre.

Bhí filíocht físe Margaret Lonergan le feiceáil sa chúlra le linn na hócáide seo chomh maith – cumasc éifeachtach de ghrianghraif theaghlaigh de Chaitlín Maude, pictiúir de chuid Paul Henry, agus grianghraif oiriúnacha eile.
Cuireadh clabhsúr ar an oíche le taifead de Chaitlín ag léamh a dáin, ‘A Dhé’, agus ag rá an amhráin, ‘Liam Ó Raghallaigh’.

Ócáid chumhachtach mar ar cuireadh scoth na filíochta i láthair, dánta do Chaitlín le Máirtín Ó Direáin agus Micheál Ó hAirtnéide ina measc, dánta a léirigh an meas a bhí ag a comhfhilí ar fhile Ros Muc.

Lean IMRAM i mbliana leis an nós fónta atá acu oíche ómóis a eagrú gach bliain do dhuine a bhfuil saothar ar leith déanta aici nó aige ar son litríocht na Gaeilge. I mbliana is do Bhreandán Ó Doibhlin a tugadh ómós in Óstán Mhig Reachtain i mBaile Átha Cliath. 

Ómós atá tuillte aige gan amhras as an saothar léannta, ilghnéitheach atá curtha i gcrích aige sa Ghaeilge – úrscéalta a réab múnlaí seanchaite, saothair chritice ar mhór an spreagadh iad agus sáraistriúcháin, go háirithe ón bhFraincis. Munar leor sin d’aistrigh sé saothair eaglasta- caiticeasma na hEaglaise Caitlicí go Gaeilge, chuir sé saothair foclóra agus díolaimí de litríocht na Gaeilge ar fáil. Fear é freisin a thuigeann agus a dhéanann cur síos agus  comhthéacsú dúinn ar stair is cultúr leathan na hEorpa. Ba é freisin ba mó ba chúis le tarrtháil Choláiste na nGael i bPáras, ionad luachmhar d’Éireannaigh i bPáras.

Tugadh aitheantas do na gnéithe sin ar fad dá shaothar ag ócáid a raibh óráidí, ceol, amhránaíocht agus reacaireacht filíochta ann. Ceol dúchasach, amhráin agus dánta aistrithe ón bhFraincis go Gaeilge agus dánta Rimbaud.

I láthair ag an oíche airneáin le ceiliúradh a dhéanamh ar a shaothar an fhir ildánaigh seo, bhí filí, léirmheastóirí, amhránaithe agus ceoltóirí, ina measc, Colm Breathnach, an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Pádraigín Ní Uallacháin, an Dr Tadhg Ó Dúshláine, Liam Ó Muirthile, Marcas Ó Murchú, Sheila Pratschke, Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Hilary Bow.

Breandán féin a chuir clabhsúr leis an oíche le píosa géar, greannmhar cainte a léirigh nach bhfuil aon mheath tagtha ar an bhfuinneamh agus an tuiscint ba chúis leis na héachtaí ar fad atá déanta aige.

Gura fada buan é.