Ní fhéadfá gan a bheith ag taibhreamh faoin sifil a bheadh ar Bhryan Dobson bocht dá mbeadh air an Nuacht a chur i láthair ó Oireachtas na Gaeilge

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ba ar an gcúits a fuair ár léirmheastóir blaiseadh ar Fhéile an Oireachtais ina chontae dúchais, ach níor fágadh ar an tráigh fholamh é

Ní fhéadfá gan a bheith ag taibhreamh faoin sifil a bheadh ar Bhryan Dobson bocht dá mbeadh air an Nuacht a chur i láthair ó Oireachtas na Gaeilge

Idir óg agus aosta, idir Chiarraígh, Chonamaraigh agus Chonallaigh (agus a lán eile nach iad). Idir lucht eagrais, lucht comórtas agus lucht ragairne. Allagar na nGael, cairdeas na mblianta agus cuimhní ar chomrádaithe imithe ar shlí na fírinne.

Amhránaíocht, steipeadaíl, lúibíní agus agallaimh bheirte. Scéalaíocht, alfraitsíocht agus lúbaireacht. Buaiteoirí gealgháireacha agus céilithe comhraic dhíomácha ach mórchroíoch (den chuid is mó). An gabhar á róstadh fad is a bhí an braon anuas á ól.  Macnas meisciúil, spallaíocht, slataíocht agus codladh go headra. Sin agaibh an tOireachtas. Ní haon iontas go bhfuil cosán dearg déanta ag mórán air i gcaitheamh na mblianta.

Filleadh ar na ceithre hairde ar an Domhnach, go maolchluasach nó caithréimeach, traochta agus marbh le tinneas dí. Ba dheacair é a mhíniú don allúrach ach ba chóir dó freastal air más áin leis éachtaint a fháil ar mheon na nGael.

Ar an drochuair, ba ón gcúits a fuaireas blaiseadh ar an bhféile im chontae dúchais agus lena gceart a thabhairt do TG4, níor fhágadar ar an tráigh fholamh mé. Gan amhras is é an raidió is ansa le mórán aimsir an Oireachtais i gcónaí, ach tá cleas na teilifíse tar éis guailleáil isteach go hiomlán i ngarraí Raidió na Gaeltachta lena gclúdach cuimsitheach féin ar imeachtaí an deireadh seachtaine (cuid mhaith de ar fáil ar an idirlíon).

Cuireadh Eimear Ní Chonaola ó dheas don Déardaoin agus Aoine le cláracha speisialta Nuachta uair an chloig a láithriú ó lár an aonaigh in óstán Ghleann an Iolair. Meascán mearaí de cheol, amhránaíocht, steipeadaíl agus comhrá. Ní haon dóithín é an cúram sin agus dhein sí é go paiteanta. N’fhéadfainn gan a bheith ag taibhreamh faoin sifil a bheadh ar Bhryan Dobson bocht dá mbeadh air tabhairt faoina leithéid de dhúshlán. 

Ar an Déardaoin, deineadh ceiliúradh beag ar fiche bliain de Nuacht TG4 agus bhaineas súp as an bpacáiste a thug siar bóithrín na smaointe sinn. Aghaidheanna cáiliúla agus ainmneacha a bhí ligthe i ndearúd. Deirimse fiche bliain ag fás leat. Cuma chomh hóg sin ar an dá Rónán (Mac an Iomaire agus Ó Domhnaill) gur dhóigh leat go rabhadar ar thaithí oibre idirbhliana. A gcumas thar na blianta ag meabhrú dúinn nach aon iontas é go bhfuilid anois ar bheirt de phiardaí móra na Gaeilge.

Dé hAoine deineadh paiste cainte le Joe Steve Ó Neachtain ar ar bronnadh gradam speisialta Raidió na Gaeltachta, is é tuillte go maith aige. Lena chois sin bhí Pádraic Ó Griallais ag déanamh dreas cainte faoina chomhlacht poitín agus an clár faisnéise a deineadh faoi, Poitín Micil

Fé mar a dúirt, bhí TG4 luite amach orthu féin i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Ba é an craoladh beo ar na comórtais don rince ar an sean-nós buaicphointe a gcraolta. Tá borradh thar na bearta faoin ealaín seo leo roinnt blianta agus tugadh le fios dúinn go raibh 203 iomaitheoir ann i mbliana, an líon is mó riamh. Is cinnte go raibh craoladh TG4 lárnach sa bhorradh seo. Caithfear aitheantas a thabhairt dóibh chomh maith as craoladh trí huaire go leith a dhéanamh rud a chinntigh gur freastalaíodh ar na rannóga ar fad, seachas an churadhmhír amháin. An oíche sin bhí craoladh beo ar cheolchoirm Pheadair Uí Riada.

Deineadh go leor craolta ar an idirlíon i gcaitheamh an deireadh seachtaine: comórtais na lúibíní, agallaimh bheirte, comórtais sean-nóis na mban agus na bhfear, sceitsí agus gan amhras, Corn Uí Riada. Ambaiste ní ‘Súil Eile’ a bhí againn (nó ag teastáil uainn) ach ‘Súile Eile.’