LÉIRMHEAS: Nuair a leagann Bob Dylan lámh ar do ghualainn, níl neart agat air ach géilleadh dó

Is gaire ná riamh Bob Dylan ar na saolta seo do chéadfacht aeistéitiúil Sheosaimh Uí Éanaí a deir ár léirmheastóir i ndiaidh dó freastal ar cheolchoirm Dylan i mBaile Átha Cliath

LÉIRMHEAS: Nuair a leagann Bob Dylan lámh ar do ghualainn, níl neart agat air ach géilleadh dó

Bob Dylan sa 3Arena, An Rinn, Baile Átha Cliath
Déardaoin 11 Bealtaine 2017

Dhá neomat déag tar éis a hocht íslíonn na soilse sa 3Arena. Fásann aníos ó bholg an tslua na gártha adhartha. Cúpla corda so-aitheanta ón mbanna. Nod dá sheanchara Liam Clancy. Tá Dylan anois os comhair na haltóra, pianó. Gártha molta phobal Bob anois ina racht.

Et introibo ad altara Dei.

An Iontróid:  ‘Things Have Changed’ (2000)                                                                                                            ‘I used to care – but things have changed’, ach i bhfianaise an chur chuige paiseanta, a mhalairt ar fad atá fíor. Tá an sean- ‘is cuma liom’ curtha de anocht. Tuar na maitheasa atá le teacht. Tá Bob ag racáil, agus away leis ar eiteog na fantaisíochta lena phobal dílis, a thine Bhealtaine féin á hadú ag gach duine de na bráithre atá istigh anocht in Ardeaglais na Rinne.

An Soiscéal: ‘Don’t Think Twice, It’s Alright’ (1962) / ‘Highway 61 Revisited’. (1965)

Má cheap Abraham tráth go raibh Dia ag cur dallamullóg air, God said to Abraham ‘kill me a son’/Abe said ‘man, you’re havin’ me on’, is fada ón gcur i gcéill an leagan seo den iomann clasaiceach. Tá mo chomhaoiseach, Meiriceánach mná as Cionn tSáile ar mo dheis gafa leis an gceol agus an ócáid. A deirfiúr, atá dall, agus a hiníon siúd, cuairteoirí ó California, taobh léi, iad beirt i lár an aonaigh freisin. Tá Corcaíoch fir sa tsraith romham, an leathchéad aige, déarfainn, ag racáil leis go heolach ar imeall an tsuíocháin. Na lánúineacha óga ón India taobh leis, fadtaistealta, a bpáirt féin á tógaint acu siúd sa searmanas mar aon le gach éinne eile.

Áit éigin níos faide siar, sna Déithe, tá a fhios agam, mar bhíos ag cabaireacht leo roimh ré lasmuigh, tá an túis bheannaithe á sú isteach ag Sorcha, tréidlia mná as Baile Átha Cliath agus a fear ard caol as Beannchar, Contae an Dúin.

Admhaím nach aon fhinné neodrach mise an babhta seo. Nílim neodrach istigh, ach tig liom bheith réasúnta fuarchúiseach ar ball. Agus ní hé go dtagann daoine ar Bob Dylan, dála an scéil. Aimsíonn Bob Dylan a phobal féin. Na daoine ar leis iad.

Má leagann sé lámh ar do ghualainn, níl neart agat air ach géilleadh dó.

Seanmóir an tSagairt: ‘Why Try To Change Me Now?’ (2015)

Tar éis ‘Beyond Here Lies Nothin’ (2008), a d’imigh tharam, beagán, tá an tArd-Draoi leis an stráice fada óir/airgid fad chosa a bhríste – mar a bhíodh ag oifigigh mharcshlua na Stát Aontaithe tráth – anois ag déanamh fá dhéin lár an stáitse. Níl hata an Cherokee air fós. Cuirtear an cheolchoirm rac ar feitheamh.

Anois, fán spotsolas lárnach, táimid cois tinteáin leanbhaois Dylan in Hibbing, Minnesota. Cúpla corda tosaigh ‘Why Try to Change Me Now’, in ómós do bhailéid mhóra rómánsúla Mheiriceá an fhichiú haois. Fuaimrian a óige.

Bheadh cúig cinn eile dá leithéid roimh dheireadh na hoíche. Bhí ‘Stormy Weather’ agus ‘That Old Black Magic’ ar fheabhas. Ach bhí ‘Autumn Leaves’ iomlán eisceachtúil. Níb fhearr ná aon leagan eile dár chuala riamh. Tá úinéireacht agus ceannas glactha aige ar an gceann sin, i mbreithiúnas bhean Chionn tSáile ar mo dheis. Tagaim léi. Dúirt fear anaithnid sa jeaics liom ar ball, áit, i mo thaithí, nach bhfuil aon éalú ón fhírinne lom – fiú más doicheallach féin an fhírinne chéanna – ‘Autumn Leaves? Pure Showtime’.

Is cuma liom ann nó as canóin Sinatra i seit-liosta Dylan. Chomh fada is atá treabhsair an mharcshlua thuasluaite oibrithe de aige ar éacht-iontas órga a stór amhrán féin.

Canon Missae – An Coisreacan Sollúnta: ‘Blowing In The Wind’.

Fada, fada siar d’fhoghlaim Dylan ó sheanmháistrí an traidisiúin bhéil, léargas nach roinntear ar chách. ’Sé sin, nach bhfuil in aon amhrán ach creatlach ar a gcuirtear feoil as an nua i móimint eiseach a chasta. Sin rud a thuigeann chuile neach beo sa sean-nós seo againne. Is mairg don té atá ag súil le ‘Blowin’ In The Wind’ 2017 agus giobail thiún 1962 ar sileadh leis.

Sa mhéid sin, is gaire Dylan ar na saolta seo do chéadfacht aeistéitiúil Sheosaimh Uí Éanaí, ná mar a bhí an uair go raibh aithne acu beirt ar a chéile i tithe ceoil Greenwich Village i 1965!

Agus nuair a dhíríonn Dylan le díograis ar an móimint naofa análaithe sin (‘the absolute breath’ a d’aithin Alan Ginsberg ann agus é os cionn a bhuille tráth), tagann míorúilt shollúnta an choisreacain. An ‘hoc est enim amhrán meum’, mar a thugaim féin air. Is fairsinge ná aon ceol, ná ealaíon, ná taispeántas, ná aon bhata tomhais eile ar thaobh seo na beatha an toradh.

Nuair a bhíonn leithéidí Perlman, Kissin nó Vengerov, Jerry Lee-Lewis, Leonard Cohen, sular fhág sé sinn, nó Dylan féin, os cionn a mbuille, is ag fuirseadh le dúichí an anama at bhíd. 

Tá na hamhráin ó Tempest (2012) ag neadú isteach go deas anois. Pay in Blood’, ‘Duquesne Whistle, ‘Early Roman Kings’, ‘Love Sick’, ‘Long and Wasted Years’, ‘Soon After Midnight’.  File an uaignis agus na goilliúnachta. File na feirge. File an dóchais agus an éadóchais. File an Dul in Aois.

Sé ‘an tiománaí pianó’ an leagan is déanaí – welly fuinniúil á leagan aige ar gach rud. Seasann sé suas formhór an ama – meas madra atá aige ar an stól. Macalla Lee Lewis anseo, poundáil Little Richard ansiúd. Cúig bliana le cois an trí scór go leith atá ag Bob Dylan i mbliana. Samhlaigh a leithéid!

Tá hata an Cherokee á chaitheamh anois aige. ‘Tangled Up In Blue’, nó ‘tangled’ up ina chéad bhean chéile Sara, b’fhéidir, fós. Tagann tocht éigin air le linn na rife ina lár. Luíonn an banna isteach ina ionad – scaoileann sé leo.  Tá cumhacht an amhráin fós ag goilliúint air, gan dabht. Mothú dáiríre, móimint naofa. 

Ite, missa est: An Beannú Deireanach.

Chuardaíomar, pobal Ardeaglais na Rinne, spiorad Bob Dylan 1962 – 66. Fuaireas féin leagan sásúil de ann. Ceirteacha 2017 á gcaitheamh ag ‘Highway 61 Revisited’, ‘Desolation Row’ agus ‘Ballad of a Thin Man’. An tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh.

Lán de ghrásta, beannaithe idir fhir is mhná, dearbhaithe as an nua inár luachanna is inár mbeith, amach linn arís ‘to keep on keepin’ on’.

Deo gratias, a Bhob.

  

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Nuair a leagann Bob Dylan lámh ar do ghualainn, níl neart agat air ach géilleadh dó'

  • Joe Breathnach

    Bhí mé ann, agus sin mar a bhí. An guth grágach leis an uaigneass, an damhsa áibhéileach, an lámh ar a cromáin, go hairithe le linn na hamhráin Sinatra… agus an banna ar fheabhas. Cuireann ‘Soon After Midnight’ an dán ‘Pangur Bán’ i gcuimhne dhom i gcónaí.