LÉIRMHEAS: Mná stuifiúla Orange is the New Black tagtha chun cinn sa séasúr nua

Taibhsítear dár léirmheastóir ar uairibh nach bhfuil gá le Piper Chapman a thuilleadh agus nach aici atá na scéalta ná na radharcanna is fearr a thuilleadh

LÉIRMHEAS: Mná stuifiúla Orange is the New Black tagtha chun cinn sa séasúr nua

Deirtear linn go dtéann an t-am tharat go mall agus tú i ngéibheann sa phríosún. Bhuel cuirtear sin abhaile ort agus tú ag féachaint ar Orange is the New Black, a raibh an séasúr is déanaí chugainn ar Netflix an tseachtain seo. Cé go bhfuil ceithre bliana agus 52 clár gafa tharainn ar scáileán níl ach bliain caite i scéal Piper Chapman agus a leathbhádóirí i mbraighdeanas in Ionad Ceartúcháin Litchfield.  Don séasúr seo gluaisfidh rudaí níos moille fós agus eachtraí an trí chlár déag ag tarlú thar thréimhse 3 lá.

Bhíomar ar fad ar tinneall nuair a shroich séasúr a ceathair ceann scríbe. Bhí Poussey, duine de na carachtair is geanúla, maraithe ag oifigeach príosúin agus círéib á tógáil ag na cimí dá bharr. Fágadh sin leis an íomhá de Dayanara agus gunna aici le cloigeann oifigeach eile. Tugtar an chuid áirithe sin den scéal chun críche luath go maith agus leantar leis an ransú agus an réabadh. Tarlaíonn eachtraí an ghála i bhfíor-am nach mór agus is mar sin a bheidh don séasúr ar fad.

Mar gheall ar chomhdhéanamh an tséasúir beidh gach carachtar ag teacht os ár gcomhair go rialta. Mheabhraigh an chéad ghála seo an meascán mearaí de charachtair théagartha a sholáthraíonn an tsraith seo dúinn. Mná iad gach duine den chliar ar fiú trácht orthu seachas beirt. Tosaíodh amach le Piper i lár an aonaigh agus an tsraith bunaithe ar chuimhní cinn Piper Kelman. I gcaitheamh na sraithe, áfach tá carachtair stuifiúla cosúil le Red, Crazy Eyes, Taystee, Poussey agus Nicky tar éis guailleáil isteach. Mná de gach cine, cúlra agus claonadh gnéis anseo. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é an carachtar is geanúla agus is suimiúla acu ná bean dhubh, leispiach a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aici. Taibhsítear dom ar uairibh nach bhfuil gá le Piper a thuilleadh agus ní aici atá na scéalta ná na radharcanna is fearr a thuilleadh.

Táimid siar is aniar eatarthu seo ar fad sa chéad ghála ach n’fheadar an ciúta é seo a rachaidh chun leadráin tar éis scaithimh. Baineadh súp riamh as na hiardhearcaí a thug éachtaint ar chúlraí na mban agus na cúiseanna go rabhadar sa phríosún.  Arís mar gheall ar chreatlach an tséasúir maolófar air sin  i mbliana.

Is saothar é seo a dhein an greann a shníomh leis an drámatúlacht i gcónaí agus a thug sobaldráma dúinn nár chuir fiacail ann. Níor thaitin seo liom ar uairibh, ach ar an iomlán oibríonn sé agus sé an meascán seo a thugann sainiúlacht don tsraith.

Tá’s agat go bhfuil do chóta bán déanta nuair a dhéanann Sesame Street scigaithris ort agus tá bús an diabhail ann i gcónaí faoin mír dá gcuid Orange is the new Snack. Léiriú é ar stádas na sraithe agus ag an bpointe seo is é an piarda is mó i gceárta Netfix agus House of Cards é féin ag sodar ina dhiaidh. Beartaíodh le déanaí dhá shraith eile a dhéanamh agus sé an dúshlán atá rompu anois ná gan ligint don rud ar fad imeacht chun leadráin agus seanchaiteachta. 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Mná stuifiúla Orange is the New Black tagtha chun cinn sa séasúr nua'