LÉIRMHEAS: Manglam Mearaí Montage of Heck

Ar go leor slite, tá an scannán nua faoi Kurt Cobain ag iarraidh an iomarca a bhaint amach ach tá rud éigin cumhachtach faoi, agus faoi cheol Nirvana go háirithe

MTV Unplugged: Nirvana

Cé hé an grúpa ceoil is mó ar domhan i láthair na huaire? N’fheadar mé. D’athraigh an t-idirlíon an ollcháil úd a bhaineadh grúpaí ceoil áirithe amach dóibh féin roimhe sin. Is ann i gcónaí do phríomhshruth leamh an cheoil, ach táimse ag caint ar bhanna a thuilleann moladh na léirmheastóirí mar aon le hadhradh lucht a leanta. Nuair a bhíos deich mbliana d’aois, ba iad Nirvana an grúpa ceoil ba mhó ar domhan. I 1994 chuir an príomhamhránaí, Kurt Cobain, lámh ina bhás féin. Is beag a shíleas ag an am gur móitíf tragóideach a bheadh ann lenár linn: fear óg sna fichidí ag cur críoch obann lena shaol.

Tá go leor a deir gur chuir an cháil déistin air, gur mhó an brú a bhraith sé bheith ina urlabhraí do ghlúin iomlán. Déanann scannán nua, Kurt Cobain: Montage of Heck, scagadh ar na téipeanna agus na leabhair nótaí iomadúla a d’fhág an t-amhránaí ina dhiaidh.  Fágadh faoin stiúrthóir, Brett Morgen, é na foinsí uile a thabhairt le chéile, chomh maith le hagallaimh le muintir is le cairde Cobain. Bhí iníon Cobain, Frances, ina léiritheoir feidhmeannach ar an tionscnamh uaillmhianach seo. Manglam mearaí is ea toradh na hoibre. 

Ar go leor slite, tá Montage of Heck ag iarraidh an iomarca a bhaint amach. Tá taithí againn go léir ar chláracha faisnéise ina mbíonn cloigne cainte. Sa scannán seo, feicimid máthair is deirfiúr Cobain, a bhean chéile, Courtney Love, agus Krist Novaselic, a sheinn an dordghiotár in Nirvana (agus go leor daoine eile nach iad). Tá míreanna físe a bhain le hóige Cobain agus míreanna físe eile a bhain lena chaidreamh le Courtney Love. Tá an t-uafás grianghraf, dar ndóigh, tréith choitianta eile den chlár faisnéise.

Ansin, déantar iarracht ábhar na leabhar nótaí, léaráidí, pictiúir agus liricí, a úsáid ar bhealach ‘ealaíonta’ trí mhaisíocht bheochana. Bhíothas ag iarraidh taobh cruthaitheach Cobain (go háirithe a chumas líníochta) a thabhairt chun solais ach is gearr go n-éiríonn sé ábhairín fadálach. Tá taifeadadh de ghlór Cobain ina n-insíonn sé scéal a óige agus, arís, gabhann maisíocht bheochana leis an nglór. Tá an tseift seo ceart go leor nuair a théann tú i dtaithí air, ach tá i bhfad an iomarca de ann.

Tá go leor nach n-aontódh liom. Nuair a eisíodh an scannán i Meiriceá, moladh go hard na spéire é as an léiriú daonna a dhéantar ar Cobain, as na gnéithe éagsúla dá phearsantacht a thaispeáint. Is cinnte go bhfaighimid léargas ar an óige mhíshocair a chaith sé nuair a scar a thuismitheoirí. Trí ghlór Cobain, cloisimid faoi iarracht a dhein sé lámh a chur ina bhás féin agus é ina dhéagóir. Bhí baint mhór ag drugaí leis an tréimhse achrannach seo, rud a d’éirigh níos measa nuair a thriail sé an phiain mhistéireach ina bholg a leigheas le tuilleadh drugaí. Ach tuigtear dúinn freisin go raibh bua iontach ceoil ann chomh maith le bua na healaíne, cé nach raibh sé ar a chumas srian a choimeád air féin. Fiú is é ina bhuachaill óg, deineadh iarracht a chuid fuinnimhe mire a chur faoi smacht ag an ndruga Ritalin.

Trína chuid ceoil a scaoil sé leis an bhfuinneamh sin; ba óna bholg nimhneach a bhéic sé. Bhí sé de nós ag baill Nirvana dul le craobhacha ar stáitse, rud a spreagadh an slua chun fiántais. Nuair a shíneadar conradh le Geffen (an cuimhin libh nuair a bhí gradam ag comhlacht ceoil?), bhí deis acu an domhan a shiúl.

Tá go leor míreanna físe ó cheolchoirmeacha fite fuaite sa scannán seo, ó laethanta tosaigh i seomra suí go staideanna móra na hEorpa. Le linn dúinn a bheith sáite i gceol Nirvana agus i scéal a dteacht chun cinn, cuireadh críoch bhorb leis an sruth nuair a fógraíodh bás Cobain. Ní hé nach rabhthas ag súil lena bhás, ach níor taispeánadh aon chuid den bhriseadh croí a lean é.

I dtreo dheireadh an scannáin fhada seo (maireann sé os cionn dhá uair a chloig!), taispeántar físeán a deineadh ina theach mar a raibh cónaí air lena bhean agus lena iníon. Glaodh isteach ar Cobain a bhí amuigh ar an ngrianán.

Isteach leis go drogallach, gan aon chos faoi, is shuigh sé ar chathaoir. Bhí cuma thar a bheith suaite air, gan ar a chumas a shúile a choimeád ar oscailt, fiú. Agus Frances ar a ghlúine aige, bhí Courtney Love ag iarraidh gruaig a hiníne a ghearradh. Ba thruamhéileach an radharc é agus an riocht ainnis ina raibh sé. Junkie damanta a bhí ann faoin dtráth sin. Bhí sé faoi gheasa ag an hearóin agus níor leor grá dá hiníon chun go bhfanfadh sé glan amach ón druga.

Ainneoin na lochtanna atá ar an scannán seo, tá rud éigin cumhachtach faoi a mheall go huile is go hiomlán mé: bhí dearmad déanta agam ar fheabhas a gcuid ceoil.

Mholfainn d’éinne a bhí tógtha le ceol Nirvana tráth dá raibh breathnú air.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Manglam Mearaí Montage of Heck'