LÉIRMHEAS: Léiriú den chéad scoth ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin ar an Spideál

Nuair a oibríodh na soilse, an ceol agus an aithris in éineacht ní bréag a rá go raibh lucht Éigse an Spidéil faoi dhraíocht ag ‘An tEarrach Thiar’

LÉIRMHEAS: Léiriú den chéad scoth ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin ar an Spideál

An tEarrach Thiar ag Éigse an Spidéil

Óstán Chois Fharraige

Rinneadh léiriú den chéad scoth ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin ag ceolchoirm mhór Éigse an Spidéil oíche Dé Sathairn. Ciogal amhrán a mheall an slua chuig Óstán Chois Fharraige sna Forbacha agus chuaigh ábhar, léiriú agus cur i láthair na filíochta faoi chroí an lucht éisteachta. Johnny Óg Connolly a chuimhnigh ar sheánra an lied a chur in oiriúint do shaothar Mháirtín Uí Dhireáin.

Is ionann ciogal agus sraithphíosa cumadóireachta a chuireann ceol le hamhráin nó dánta. Roghnaíodh dhá cheann déag de shárdhánta an Direánaigh agus chuir Johnny Óg ceol leo. Ní hamháin sin ach cuireadh fios ar Liam Ó Maonlaí chun an pianó a chasadh agus na dánta a rá.

Ní thugann tuairisc mhaol mar sin ceart don léiriú ná don ócáid. Ar chúl an stáitse crochadh mórphortráid den Direánach leis an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta. Aithníonn ealaíontóirí Árann a chéile agus ba mhaith an oidhe ar an ócáid a leithéid a bheith ann, meabhrú físiúil den fhile mar fhear poiblí agus pobail óir ní cleachtas príobháideach a bhí sa bhfilíocht don Direánach. Nuair a oibríodh na soilse, an ceol agus an aithris in éineacht ní bréag a rá go raibh lucht na hÉigse faoi dhraíocht.

Trí cinn de théamaí éagsúla a saothraíodh sna dánta a roghnaigh Johnny Óg: dúchas an oileáin, grá is geanúlacht an chroí agus an t-athrú saoil a bhíonn i ndán dúinn ar fad. Mhínigh Johnny féin don lucht éisteachta ar an oíche gurb é an dán ‘Slán leis na Seanchaithe’ a bhí ceaptha a bheith mar chlabhsúr, liric mhachnamhach ar an traidisiún, ar an athrú saoil agus ar bhuaine an chultúir mar thréith dhaonna:

‘Nuair a smaoiním ar a bhfuil imithe dhíbh

Is ar a bhfuil fágtha beo.

Is a Dhia! Nach mór atá idir iad

Is sibhse thiar ansiúd, 

Óir rugadh libhse an tsaoithiúlacht 

Is an tsíodúlacht ba dual.’

Ach socraíodh ceann a chur ar an gciogal trí fhilleadh ar ‘An tEarrach Thiar’ arís agus ba é toradh na haithrise gur cuireadh an lucht éisteachta líonmhar ina seasamh mar ghníomh ómóis don fhilíocht, don cheol, don léiriú. Cé go raibh fáil ar leabhrán leis na dánta agus ealaín Sheáin Uí Fhlaithearta ar an oíche chinntigh glór cinn agus urlabhra soiléir Liam Uí Mhaonlaí gur cloiseadh chuile fhocal de na dánta. Chuir a chuid pianódóireachta seisean go mór le ceol cairdín Johnny Óg.

Ba shaoithiúil, síodúil an taispeántas é agus tá ardmholadh ag dul do Johnny Óg Connolly, Liam Ó Maonlaí, don léiritheoir Deirdre Nic Conaonaigh agus Éigse an Spidéil a thug ardán gradamúil don saothar seo. Beidh roinnt léirithe eile ann amach anseo sa Taibhdhearc agus i Seanscoil Shailearna agus b’fhiú go mór cluas a thabhairt don chiogal

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Léiriú den chéad scoth ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin ar an Spideál'

  • Donncha

    Tagaim le gach rud thuasráite. Oíche an speisialta a bhí ann. Go drogallach agus le teann dualgais a tharraingíos mé féin ón dteach le dul soir ag Óstán Chois Fharraige leis an seó a fheiceál. Tar éis ‘An tEarrach Thiar’ a bheith críochnaithe, is go drogallach a d’fhágas an halla, bhíos chomh mór i ngreim ag draíocht an cheoil is na filíochta. Léiriú den scoth: ag éisteacht le filíocht Uí Dhireáin curtha le ceol Johnny Óg, canta and casta ag Liam Ó Maonlaí, bhí sé cosúil le ceolchoirm le Leonard Cohen.