Léirmheas leathchlaonta ó iarbhall de ‘Na Plandaí’ ar ‘Yahú’, albam nua RÍS

Ní haon réabhlóid é Yahú ach éabhlóid a bhí ag teastáil i gceol agus I gcumadóireacht chomhaimseartha na Gaeilge

Rís cropped

haon léirmheas oibiachtúil, neamhchlaonta, scartha ón ábhar, é seo. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir, bhí i mbanna ceoil le beirt de bhaill reatha Rís, Breandán Ó hEaghra agus an drumadóir, PJ Mac Donncha. Thosaigh muid amach le chéile sa rang céanna i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Breandán i mbun amhránaíochta agus giotáir, James Mac Donncha ar an dordghiotár, mise ar an méarchlár agus PJ ag lascadh maidí. Muid ar fad ag iarraidh corramhrán a scríobh ach gan muid i ndáiríre ach ag sodar i ndiaidh Bhreandáin.

Choinnigh muid ag casadh agus muid scaipthe ar fud na tíre ag an ollscoil. Seasann oíche amháin amach i measc an uafáis, muid beo ar RnaG ag comórtas amhrán nuachumtha in Óstán an Dóilín, nó Tigh Josie, mar is fearr aithne air, thiar sa mbaile.

Cluais ag ár gcairde nua ollscoile leis an raidió, muid ag déanamh go maith go dtí gur thosaigh tionlacan feadóg stáin, an fheadóg mhícheart tugtha linn againn, struchtúr deas ceoil scriosta ag feadóg i dtiúin C seachas i dtiúin D. Níor thug muid féin faoi deara ar an oíche é, ach ba ghearr le scréach a ligfeadh cat i bpian é agus muid ag éisteacht siar leis an taifead.

YahúNa Plandaí a bhí mar ainm orainn – feiliúnach mar ainm ar bhealaí éagsúla – agus bhí an ceolchoirm deireanach againn in éineacht le Bréag i 1996. D’éag na Plandaí, ach san áit gur shearg cupóg, d’fhás bláth.

Is é Yahú an tríú halbam ag Rís, agus tá chomh héagsúil leis an méid a chuaigh roimhe agus a bhí an chéad dhá albam sin lena chéile. Ar go leor bealaí, ba albaim aonair ag Breandán a bhí i heileó caimpeolo agus An Fear Nár Mhair Ach Soicind. struchtúr agus ceol timpeall anois air, uirlísí nua, glórtha nua, scríbhneoirí nua. Má bhí an chéad albam ina albam pop agus beagán an iomarca den léiriú déanta air, agus an dara halbam ina leagan álainn Conamarach de americana, níl aon cheist faoi céard isYahú ann. Fite fuaite leis an gceol, tá macallaí éagsúla le cloisteáil… na Beatles, Tom Petty & the Heartbreakers, Lou Reed, Calexico, Oasis, The Stunning. Is albam rac é seo.

Ar bhealach, níl rud ar bith nua faoi Yahú. Amhráin i nGaeilge faoi Maggie Thatcher, an damhsóir Pádraig Bradley, an imirce… chuala muid a léithéid cheana. Ach cé go bhfuil sé cosúil lena bhfuil cloiste cheana againn, tá iomlán nua ag an am céanna.

In ionad an ghéarcháineadh ar Mhaggie, is ag impí leagan as an ngéarleanúint atáthar. San amhrán faoi Bhradley, tá riff thríd nach mbeadh as alt ar Achtung Baby. Is minicí in amhráin imirce, agus an t-amhránaí ag bríonglóidí faoi cibé cén ceantar i gConamara arbh as dó go mbítear ag trácht ar leithéidí portaigh, curachaí agus ar chearca fraoigh. Níl aon trácht orthu sin i Feicim Óir, mar, is dócha, nach air sin a bhíonn leithéidí na ndaoine atá ar chomhaois liom féin atá thall i J.J.’s i Dorchester nó sa nGoalpost i Quincy, Boston, ag bríonglóidí, ach ar chairde, ar ghaolta agus ar bheith “ag imirt peil ar an Máimín, ag ardú bratach Leitir Móir”.

Éagsúil freisin atá ‘Suzanne Vega’, atá ar cheann de na hamhráin is deise ar an albam, amhrán grinn atá dorcha, amhrán faoi sheanleaid i gConamara a thiteann i ngrá leis an amhránaí ó na hochtóidí, agus a thugann a chúl dá phósadh. Is maith ann glór domhain Bhreandáin ar an amhrán seo, agus, mar atá tríd an albam ar fad, cuireann castacht phríomhghiotáir Richie iontas agus áthas ar an éisteoir.

Is fiú trácht a dhéanamh ar an gceol. Tá drumaí PJ tomhaiste, meáite, ag brú chun cinn amhráin ar nós Cá’il Sí Dul, agus a bheadh ag rolladh anuas taobh sléibhe i leithéidí ‘Bradley’. Chuala mé Breandán ar chlár Rónán Beo@ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tagairt do ‘Bradley’ mar amhrán ‘punk country.’ Rinne mé gáire nuair a chuala mé seo, ach nuair a smaoiníonn tú ar fho-sheánraí eile ar nós an punk bluegrass’ atá á threabhadh ag Trampled By Turtles, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige. Tóg seánra réasúnta caomhnach, ná hathraigh an stíl cheoil an iomarca ach méadaigh an luas faoi dheich, cas an fhuaim suas go 11 agus sin agat é!

Ag éisteacht leis an albam, is é ‘Flathais Gaelach’ an t-amhrán is mó atá as alt, nó is aistí, b’fhéidir, ar Yahú. Cineál agallamh beirte i bhfoirm rap an chine gheal atá ann agus ní luíonn sé isteach leis an gcuid eile den albam. Ag éisteacht leis beo, áfach, tá níos mó comhthéacs agus ciall leis, agus tá an obair atá Pat O’Neill a chur isteach ar an dordghiotár thar cionn. Go deimhin, tá tionchar Pat le cloisteáil ar fud an albaim, agus struchtúr níos daingne sa rithim ag baint leis an albam seo ná mar a bhí ag Rís go dtí seo.

I measc na n-amhrán eile a sheasann amach, tá ‘Feicim Óir’, bailéad imirce a fhágann Richie Ó hEadhra, iarimreoir lántosach d’fhoireann peile na Ceathrún Rua, ag canadh faoi bheith ag imirt ar Pháirc an Mháimín, ag crochadh bratach Leitir Móir. Níl a fhios agam an maithfear dó an formholadh atá á dhéanamh aige ar na naimhde áitiúla an chéad uair eile a shiúlfaidh sé isteach sa gCistin ar an gCeathrú Rua. Casann Richie an líne ‘Thought these immigration songs were over my friends…’ ag tús ‘Feicim Óir’, agus is cinnte gur cheap go leor daoine amhlaidh, gurb é ‘N17’ leis na Sawdoctors an t-amhrán deireanach mór imirce a scríobhfaí sa tír seo. Bhí muid ar fad mícheart.

Is é Richie féin a chuireann tús leis an albam le ‘Purgadóir’, tús dorcha le Yahú a leagann marc an ghiotáir agus drumaí ar an gcuid eile den cheol.

Leanann Breandán ansin é le Aon Phingin Agam, ceann de bhuaicphointí an albaim, le liricí fíor-Chonamarach (“Tá ag cuardach chain nua gold…”), ach is i lár Yahú atá an t-ór i ndáiríre. Tá ainmneacha daoine i gceithre amhrán as a chéile (‘Bradley’, ‘Suzanne Vega’, ‘Thatcher’ agus ‘Tigh Jude’), agus ceithre amhrán den scoth ann, iad ar fad iomlán éagsúil lena chéile.

haon réabhlóid éYahú ach éabhlóid a bhí ag teastáil i gceol agus I gcumadóireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Éabhlóid atá ar bun ag Rís freisin, agus beidh sé spéisiúil a fheiceáil cá mbeidh a dtriall ina dhiaidh seo.

Fág freagra ar 'Léirmheas leathchlaonta ó iarbhall de ‘Na Plandaí’ ar ‘Yahú’, albam nua RÍS'