LÉIRMHEAS LEABHAIR: Leacht lán ómóis í an leabhar seo…

Ár déanta ag an gCogadh Mór ar an Trá Shalach i gConamara céad bliain ó shin

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Leacht lán ómóis í an leabhar seo…

An Mine
Sléacht agus ár i gCois Fharraige
Eagarthóir: Lochlainn Ó Tuairisg
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
Praghas: €15

Scéal tubaiste a tharla céad bliain ó shin ar an Trá Shalach ar an Lochán Beag i gCois Fharraige, an 15 Meitheamh 1917 agus é á inseacht in altanna ó údair éagsúla. Phléasc mianach cogaidh a thug fir an bhaile i dtír ag súil go mbeadh éadáil éigin acu air agus maraíodh naonúr as an áit sa tubaiste sin a chroith an pobal agus a d’fhág muiríní óga ar an anchaoi.  Tugann an leabhar slachtmhar tábhachtach seo an-léargas dúinne nach raibh saolaithe ar an saol a bhí ag ár muintir i gConamara na linne. Ní raibh acu ach allas a gcnámh, comhar na gcomharsan agus an bád bán agus a lorg sin uilig go láidir ar an leabhar. 

Ní raibh aon chúnamh le fáil ón stát ag baintreach ná dílleachta agus gan de leigheas ar an bpian ach í a iompar agus a phlúchadh le sclábhaíocht an tsaoil.

Cuimsithe le chéile sa leabhar tá píosaí a foilsíodh faoin mianach i nuachtáin éagsúla ag an am, cuid acu i Meiriceá.

Ach ní taobh le scéal an Mhine atá an leabhar, tá neart ann don té ar spéis leis nó léi an stair, an dinnseanchas nó an ginealas mar go bhfuil tochailt dhomhain déanta ag an dream a bhailigh an t-eolas.

Sula dtagtar go dtí an lá léanmhar sin 100 bliain ó shin, tugtar siar muid go dtí an saol i gCois Fharraige ag an am, an chéad chogadh mór ina thine bhruite agus Loch Lurgan ina páirc chatha i ngan fhios do mhuintir na mbailteacha. Is maith sciobtha a dúradh leo ina dhiaidh go raibh fainic curtha orthu faoin gcontúirt  a bhí neadaithe amuigh sa bhfarraige, i bhfógraí Béarla i stáisiúin an RIC.

Tá dhá mhapa áisiúla sa leabhar – léarscáil OS agus na garrantaí marcáilte air agus ceann eile a rinne Breandán Mháirtín Mhóir a bhfuil tithe agus bóithríní uilig an bhaile sa mbliain 1900 breactha air, dhá sheoid don dream nach dtaithíonn garraí ná cró.

Tá alt ann leis an Ollamh Tomás de Bhaldraithe, a foilsíodh ar dtús i 1943, ina n-ainmnítear garrantaí, lochanna agus gnéithe cladaigh an cheantair agus ceann eile ar gharrantaí an Locháin Bhig agus an seanchas a bhain leo le Pádraic Seán Ó Tuairisg.  Tá díol cúpla oíche airneáin d’ábhar cainte sa dá alt sin leo féin agus foinse luachmhar iad don seanchaí nó an staraí óg atá fós ar scoil.

Tá beathaisnéisí an naonúir a bhásaigh curtha i dtoll a chéile ó cháipéisí oifigiúla agus ón seanchas agus ainm curtha ar a sinsir, a muintir agus a sliocht. Tá bailiúchán suntasach pictiúr ann de mhuintir na marbh agus feicfidh tú an Conamara beag a chruthaigh an cruatan, agus an imirce a lean é, i Portland agus cathracha eile Mheiriceá. Anseo chomh maith tá píosa breá bleachtaireachta – cérbh leis an mianach agus cá bhfuil na mairbh i gcré na cille.

Oscailt súl ab ea a neamhchúisí agus a chaith na húdaráis leis an tubaiste, leis an anó a chruthaigh sí agus leis an mianach mallaithe ba chionsiocair leo. Scéiniúil an deifir a bhí orthu an coiste cróinéara a chur díobh, d’ainneoin an t-uafás a bhí díreach tarlaithe ar an mbaile. 

Fear inste scéil amháin a thug na cosa leis ar éigean as an ár, Joe Hughie Ó Fátharta, agus is é an t-agallamh a rinne seisean le Seán Ó Tuairisg ar Raidió na Gaeltachta cloch choirnéil an leabhair seo domsa. Cuireann sé an scéin chéanna orm agus a bhí orm nuair a chuala mé faoin slad a rinne an mine agus mé i mo ghasúr ach leis an aois, tuigim níos fearr an t-ualach a cuireadh ar an bpobal sin, ualach ab éigean dóibh a iompar i ngan fhios don saol mór agus an teacht aniar a bhí iontu le teacht uaidh chomh maith agus a d’fhéad siad.

Tá leacht cloiche tógtha i gcuimhne na bhfear agus na scorachaí a maraíodh ar fhód a mbáis ar an Trá Shalach ach leacht lán ómóis í an leabhar seo dóibh féin, dá muintir agus don dream díograiseach a chuir i dtoll a chéile í.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS LEABHAIR: Leacht lán ómóis í an leabhar seo…'