LÉIRMHEAS: Labhair ‘gach cúinne’ de ‘Fís na Fuiseoige’ linn

Is fada ó chonaic ár léirmheastóir saothar chomh ciúin agus chomh cumhachtach le ‘Fís na Fuiseoige’ a craoladh ar TG4 aréir

LÉIRMHEAS: Labhair ‘gach cúinne’ de ‘Fís na Fuiseoige’ linn

Ní fhéadfaí gan tagairt don scéal úd faoi Liam Ó Flaithearta ag filleadh ar an bhfód dúchais tar éis a bheith ar deoraíocht ón oileán mara ar feadh trí scór bliain. A mhaide á bhualadh i gcoinne na talún aige is é ag cogarnaíl leis féin: ‘aithním tusa’.

Sa saothar seo (Fís na Fuiseoige, TG4 aréir) déanann Aodh Ó Coileán cíoradh ar an nasc mínádúrtha atá ag an Éireannach leis an bhfód dúchais.  Is clár fileata, físiúil a sholáthraíonn sé agus ní haon hiontas é go bhfuil duaiseanna á mbronnadh ar fhear an Daingin (baile a bhfuil a stair achrannach féin aige maidir le logainmneacha agus dinnseanchas).  Cuireadh abhaile orainn arís agus arís eile i gcaitheamh an chláir go raibh tionchar riamh ag áit ar mhothúcháin, ar mheon agus ar chaint na ndaoine a mhair inti.

Tá an nasc leis an bhfód dúchais coitianta i measc phobail éagsúla ar fud an domhain ach tá rud éigin neamhshaolta, suaithinseach faoin gceangal atá ag an Éireannach leis an talamh. Déanann an táirge seo iarracht é sin a thabhairt leis go machnamhach, ciúin, tuisceanach.

Cur chuige simplí éifeachtach a úsáideadh le cloigne cainte agus aithris filíochta nasctha le seatanna draíochtúla de thírdhreach na tíre (a bhuíochas sin d’ochtacaptar).

Amhrán Aimhirgin, a cumadh timpeall 1000AD, mar thús againn agus an Dr. Máirín Ní Dhonnchadha ag aithris agus ag déanamh anailíse go deisbhéalach, pointeáilte. Seo linn trí litríocht na Gaeilge leis an iliomad samplaí d’fhilí agus de shaothair a dhein cíoradh ar an gceangal áite. Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Cathal Ó Searcaigh, Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Louis de Paor; is beag file nó scríbhneoir Gaeilge nach raibh an t-ábhar seo idir chamáin acu uair éigin. Gach rud ó ‘Úirchill an Chreagáin’ go dtí ‘An tEarrach Thiar’ agus ‘Beir mo Dhúthracht’. Cuid de na filí céanna ag aithris dúinn agus ár dtreorú.

Ba é an Paorach a bhí mar chomhairleoir litríochta ag an táirge agus labhair sé féin go tuisceanach, ábalta i rith an chláir. Ní nach ionadh, ní fhéadfaí gan logainmneacha agus dinnseanchas a lua.

Ba dheas agus ba ghonta mar a dhein an Paorach tagairt do na leaganacha Béarla dár logainmneacha mar ‘ghibiris.’ Mhaígh sé gur ‘balbhaíodh’ gné thábhachtach de stair na tíre nuair a ghearr speal an aistriúcháin an nasc oidhreachta leis an talamh.

Ba chuí leis mar a tugadh chun cuimhne na línte úd ó John Montague faoi ‘the shards of a lost tradition’:

‘The whole landscape a manuscript

We had lost the skill to read,

A part of our past disinherited;

But fumbled, like a blind man,

Along the fingertips of instinct.’

Bhíos an-tógtha chomh maith le hionchur Nuala Uí Dhomhnaill. Í ag labhairt go paiseanta faoin nasc a mhothaíonn sí le Corca Dhuibhne. Meon a thugann na línte tosaigh ón dán Ag Tiomáint Siar leis go paiteanta:

Labhrann gach cúinne den leithinis seo liom

ina teanga féinig, teanga a thuigim.

Ar an gcuma chéanna, labhair ‘gach cúinne’ de ‘Fís na Fuiseoige’ linn.

Deineadh an saothar a chur le chéile thar thréimhse bliana agus gluaiseann sé ar aghaidh ar bhogstró. Is fada ó bhí saothar chomh ciúin ach chomh cumhachtach sin ag an am céanna.   

Comóradh cuí ar oidhreacht agus traidisiún mar aon le bheith ina gháir mhaíte.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Labhair ‘gach cúinne’ de ‘Fís na Fuiseoige’ linn'