LÉIRMHEAS: Fir Bolg lán le ceol agus dea-aisteoireacht ach caithfear géarú ar an ngreann

Sraith fhónta, dhifriúil í Fir Bolg, ach caithfear géarú ar an ngreann le go mbeidh an oiread bús faoin táirge is atá faoin gcliar agus ceol

LÉIRMHEAS: Fir Bolg lán le ceol agus dea-aisteoireacht ach caithfear géarú ar an ngreann

Is coincheap cliste, suimiúil atá ag éirí thiar as an tsraith seo agus lena chois sin tá meitheal chuidsúlach aisteoirí earcaithe lena chur i gcrích (Fir Bolg, TG4, aréir).

Cúig bliana fichead tar éis dóibh dul i bpíobáin a chéile agus a hataí a chaitheamh lena mbanna ceoil rathúil tá an banna ceoil traidisiúnta Fir Bolg ag teacht le chéile arís. 

Tá Seán (caimeo beag ó Patrick Bergin) imithe ar shlí na fírinne agus tagann a iar-chomhghleacaithe ar a shochraid. An fear mórchúiseach, Davy (Seán McGinley), an duine gangaideach, Peadar (Don Wycherley), an té atá ina eadránaí Séamus, (Peadar Cox) agus an fear simplí, Tarlach (Aonghus McAnally).

Táid imithe in aois agus tite chun feola ach is léir go maireann an nimh san fheoil i gcónaí. Ina ainneoin sin ar fad maireann a gcáil i measc a lucht leanta.

I dteachtaireacht réamhthaifeadta, impíonn Seán ar an ngrúpa na clocha a chaitheamh as na muinchillí agus breith ar a n-uirlisí ceoil in athuair. I gcúpla iardhearcadh fánach tugtar éachtaint de shaghas ar bhunú an ghrúpa. N’fheadar an seift mhaith í seo agus b’fhearr nach bhfillfí ar an gcleas sna gálaí atá le teacht. Is cinnte go mbeidh cad é céipears fúthu sna cúig chlár atá fágtha agus sé is dóichí ná a mhalairt ná go bhfuil cúpla cloch fós sna muinchillí. 

Sraith ghrinn atá in ainm is a bheith anseo, rud atá ag teastáil go dóite, ní hamháin ó TG4 ach ós na cainéil Éireannacha eile chomh maith. Is ábhar díomá agus náire é teirce an ghrinn ar gach cainéal anseo. Cé ná rabhas lúbtha ag gáirí faoi seo, baineadh gáire asam agus bhaineas taitneamh as an rud ar fad. D’aistrigh Peadar Cox scríbhinn Brian Reddin, ach dá fheabhas é an t-aistritheoir fágtar rian ar an táirge deiridh i gcónaí. Go deimhin, cinneadh roinnt de na slaiseanna a fhágaint i mBéarla anseo.

Bhí cad é bús faoi na haisteoirí atá earcaithe do na príomhrólanna agus caimeonna ag leithéidí Bergin, Liam Cunningham, Stephen Rea, Amy Huberman, Paddy Maloney, Ryan Tubridy, Brendan Grace agus Conal Gallen. Caithfear a chinntiú nach slogfaidh an faiteadh súl seo ar fad an scéal nó an greann.

Bheadh Seán McGinley molta agus mise im thost agus bím an-tógtha le Don Wycherley, fear a bhfuil obair mhór déanta aige in iomaire na Gaeilge le roinnt mhaith blianta. Seo an chéad uair agam McAnally a fheiscint i ról drámata agus tugann sé faoi le flosc. Tugann Cox taispeántas ábalta uaidh chomh maith, mar is dual dó. Ní fhacamar puinn do Morahan (Mandy), ach cinnteoidh a carachtar go mbeidh ról ag an mBéarla go leanúnach. Ar an dtaobh eile don scéal, táim ag tnúth go mór le Máirtín Jaimsie a fheiscint.

Bhaineas súp leis as na dreasanna beaga ceoil agus beidh dhá cheann déag d’amhráin nua-chumtha (le Fiachna Ó Braonáin ós na Hothouse Flowers) le cloisint i gcaitheamh na sraithe. Tá sé siúd ina stiúrthóir ceoil ar an tsraith, rud a chinnteoidh nár cheart go mbeadh aon bharr cleite isteach ná bun cleite amach.

Sraith fhónta, dhifriúil ach caithfear géarú ar an ngreann le go mbeidh an oiread bús faoin táirge is atá faoin gcliar agus an ceol.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Fir Bolg lán le ceol agus dea-aisteoireacht ach caithfear géarú ar an ngreann'