LÉIRMHEAS: Faoi dhraíocht ag ‘Aisling?’ inspioráideach na nGael

D’éirigh le foireann ‘Aisling?’ seó inspioráideach a chur os ár gcomhair a chorraigh muid, a chuir ag machnamh muid agus a chuir faoi dhraíocht muid. Cuirtear ar siúl arís agus arís eile é, a deir ár léirmheastóir…

LÉIRMHEAS: Faoi dhraíocht ag ‘Aisling?’ inspioráideach na nGael

Pictiúr: Colm Hogan

Áislann Ghaoth Dobhair
Dé Sathairn, 10 Nollaig 2016

‘Is turas machnamhach ealaíne é seo ina ndéantar scéal na Gaeltachta ó 1916 i leith a chíoradh’ – sin an cur síos atá scríofa ar an chlár Aisling?, an t-imeacht iontach cultúrtha atá curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta i gceithre ionad Gaeltachta i gCiarraí, Corcaigh, an Ghaillimh agus Tír Chonaill le coicís anuas. Thug siad scoth na n-ealaíontóirí, ceoltóirí, amhránaithe, filí, scríbhneoirí, rinceoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí le chéile ó cheantair Ghaeltachta na tíre, agus iad faoi stiúir chumasach Dharach Mhic Con Iomaire. Gan amhras ar bith, chuir siad faoi dhraíocht muid le léiriú cumhachtach cróga a chuir ceisteanna go leor orainn agus a thug ábhar machnaimh dúinn sa bhliain chinniúnach seo i stair ár dtíre.

Ní ar ghnáth-ardán amharclainne a rinneadh an léiriú seo. Baineadh úsáid as seomra mór folamh ar an urlár uachtarach san Áislann i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair le spás léirithe a chruthú agus tógadh an feisteas iomlán ina thimpeall – cúlbhrat, córas fuaime, córas soilse agus suíocháin chéimnithe don lucht féachana. B’éacht ann féin a bhí ansin agus d’éirigh go hiontach maith leis. Maidir le frapaí de, ní raibh i gceist ach trí phíosa de churach chomh maith le rámhaí a úsáideadh go cliste, go héifeachtach agus go healaíonta i ndóigheanna agus i gcruthanna éagsúla le linn an léirithe. Rinne Úna Ní Fhlatharta agus Eoin Geoghegan gaisce agus iad ag cur na bpíosaí le chéile, á mbaint as a chéile agus á n-úsáid go cruthaitheach agus go samhlaíoch ó thús deireadh an taispeántais.

Mairéad Sileoutte
Pictiúr: Colm Hogan

An tseanchurach ina luí ar an chladach i ngearrscéal Mháirtín Uí Chadhain ‘Úr agus Críon’ (ón leabhar An tSraith ar Lár) a thagann i mo chuimhne. Bhain Ó Cadhain úsáid as an churach mar shiombail don seansaol a bhí á mhilleadh agus á bhascadh ag an saol nua-aimseartha sa chéad seo caite. An churach sin a bhí ‘ag brúsca na toinne go buacach, ropach, antlásach, fíochmhar, fraochmhar, tolgach, meargánta’ tamall roimhe sin, bhí sí anois ina luí i mbarr cladaigh, ‘í tollta, ite, diúlta, dreoite, stromptha, ag imeacht ina críonach’. Íomhá chumhachtach agus í curtha inár láthair go simplí ach go hinnealta, maisiúil.

Is dócha gur a macasamhail seo atá á gcíoradh in ‘Aisling?’:

An miste linn?

Cé muid féin?

Cén meas atá againn ar ár gcultúr?

An mairfidh an teanga i bhfad eile?

An cuma linn cad a tharlóidh?

An bhfuil mise ag déanamh mo dhóthain?

Ní fhéadfainn moladh ard go leor a thabhairt d’fhoireann iomlán an léirithe seo, a raibh gach gné de ar ardchaighdeán. Bhí na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fheabhas – Mairéad Ní Mhaonaigh agus Ciarán Ó Maonaigh (Dún na nGall); Johnny Óg Connolly, Pól Ó Ceannabháin agus Róisín Seoighe (Conamara); Méabh Ní Bheaglaíoch (Corca Dhuibhne); agus Caoimhín Ó Fearghail (An Rinn). Chuir rince Róisín Seoighe go mór le héifeacht an léirithe. Chuaigh cuid aisteoireachta Úna Ní Fhlatharta agus Eoin Geoghegan (Conamara) i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus rinne Eoghan Mac Giolla Bhríde (Dún na nGall) a chuid filíochta féin a aithris go spreagúil agus go paiseanta. Chuir an sárchóras fuaime, an soilsiú éifeachtach agus an ealaín ghrafach (Seán Cathal Ó Coileáin, Dún na nGall, agus Seán Ó Flaithearta, Inis Mór) go mór leis an leiriú. Bhí na míreanna uilig ceangailte le chéile go healaíonta tríd an cheol agus ní raibh titim i luas an léirithe in áit ar bith. Chomh maith leis sin, bhí lámh mháistriúil an dea-stiúrthóra le sonrú ar an phíosa iomlán.

Cé go bhfuil Aisling? iontach dáiríre, trom agus teibí, d’éirigh leis an fhoireann taispeántas inspioráideach a chur os ár gcomhair a chorraigh muid, a chuir ag machnamh muid agus a chuir faoi dhraíocht muid.

Pól aonarach 2
Pictiúr: Colm Hogan

Bíonn mír amháin nó míreanna faoi leith i dtaispeántas nó i ndráma a théann i bhfeidhm go mór ar dhuine. Ba dheacair idirdhealú a dhéanamh anseo idir na míreanna éagsúla ar fad nó bhí gach mír den chur i láthair chomh maith sin.

É sin ráite, thóg dhá phíosa faoi leith mo chroí, is é sin, na hamhráin nua-chumtha le Róisín Seoighe (‘Níl mé marbh’) agus le Méabh Ní Bheaglaíoch (‘Amhrán na nGael’). Chuaigh an dara ceann, go háirithe, i bhfeidhm orm agus tá an curfá draíochtach sin a chan an fhoireann uilig go binn i mo chluasa go fóill:

Sinne Éire, sinne Gaeil le bród is brí,

Nár laga choíche sinn ’s ár dtine fhiáin, ár mbuile, cuisle, croí,

Lasaimis lóchrann ár sinsear, sprioc ár saoil,

Seas is can go tréan Amhrán na nGael.’

Tá cur síos ag Róisín Seoighe sa chlár ar an dóigh ar spreagadh í le ‘Níl mé marbh’ a scríobh, amhrán ina bhfuil teachtaireacht dhearfach faoin Ghaeilge agus faoin éifeacht a bhí ag saighdiúirí 1916:

‘Dóibh siúd ar fad a sheas an fód

Tá mé ag seasamh anseo anois le bród.

Tá cuid mhór den bhliain 2016 caite againn ag amharc siar – ag cuimhneamh, ag comóradh, ag ceiliúradh. Is tráthúil, mar sin, gur i seachtainí deireanacha na bliana stairiúla seo a chuir Ealaín na Gaeltachta an tseoid seo os ár gcomhair i gceantair Ghaeltachta na tíre, seoid a léiríonn an saibhreas iontach teanga agus cultúir atá againn, agus an saothar agus an streachailt a rinne na glúnta a chuaigh romhainn lenár n-oidhreacht a chaomhnú agus a shaibhriú.

Mar a bhí fís ag réabhlóidithe 1916, caithfidh fís a bheith againne. Mar a scríobh Úna Ní Fhlatharta sna nótaí foirne sa chlár: ‘Is fúinn féin atá sé, níl aon duine chun í a shábháil dúinn. Má tá muid dáiríre, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach má tá, caithfear dúiseacht’.

Á léamh sin dom, ba iad línte seo an Phiarsaigh a rith liom: ‘Má chaillfear an Ghaeilge, caillfear Éire!’.

Is fiú go mór ‘Aisling?’ a fheiceáil. Cé go ndearnadh freastal an-mhaith ar an seó, pobal réasúnta beag a chonaic é sna ceithre cheantar Gaeltachta go dtí seo.

Ba cheart é a chur in oiriúint don raidió agus/nó don teilifís. Ba cheart é a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a thaispeáint ar TG4 nó ar RTÉ in 2017.

Tá mé cinnte go n-éireodh go maith leis dá bhféadfaí é a chur ar an ardán in ionaid eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht.

Screen Shot 2016-12-13 at 20.07.05
Pictiúr: Colm Hogan