LÉIRMHEAS DRÁMA: Mórfhilí na Rúise ina nDuibhnigh chruthanta ag ‘Lón Leningrad’ Aisteoirí Bulfin

Ba léiriú eile é ‘Lón Leningrad’ le hAodh Ó Domhnaill ar mhórbhua IMRAM: a chumas cleamhnas a dhéanamh idir an dúchas agus litríocht na cruinne

LÉIRMHEAS DRÁMA: Mórfhilí na Rúise ina nDuibhnigh chruthanta ag ‘Lón Leningrad’ Aisteoirí Bulfin

Bhí Scoil na mBuachaillí in Amharclann Smock Alley lán go doras do Lón Leningrad, an léiriú is déanaí de chuid Aisteoirí Bulfin i gcomhar le Féile IMRAM. Dráma cumasach 50 nóiméad a d’fhuin Aodh Ó Domhnaill as saothair Dainill Kharms agus Anna Akhmatova.

Ba chumasach agus ba phaiteanta an stiúradh a rinne Lionel Mac Cárthaigh ar an gceathrar aisteoirí sa chliar, é féin ina measc mar ‘léiritheoir’ ar dhráma, dráma a bhí á chleachtadh os ár gcomhair, mar dhea.

Ba mhaith ann Fionnuala Ní Gallchóir i bpáirt Anna agus Tadhg Ó Bric i bpáirt Kharms a tháinig ar cuairt gan choinne uirthi ina lóistín suarach i lár léigear Leningrad. Chothaigh a chaint ainrialach ainsrianta amhras bhean an tí, Maria (Bríd Ní Gruagáin).  Mac aici sna péas, mac eile san arm, í amhrasach dá réir faoin aos dána agus a ndúil sa tsíocháin. Í dílis do Stalin sa Chogadh Mór ar son na hathartha.

Rinne an chliar bhreá ceisteanna filíochta, saoirse agus cogaidh a chíoradh go cumasach, agus macallaí láidre san allagar de shaol na litríochta Gaeilge agus saol na Gaeilge i gcoitinne. D’éirigh leo an t-allagar sin a chur inár láthair ní hamháin le caint láidir a raibh blas na Gaeltachta uirthi ainneoin a dúchas Rúiseach, ach lena gcuntanós is a gcolainn.

Chuir na híomhánna ‘beo’ den chogadh le Margaret Lonergan, file físe tí IMRAM, a bhí le feiceáil sa chúlra i rith an ama go mór leis an léiriú.

Ionad thar a bheith oiriúnach a bhí i Scoil na Buachaillí, foirgneamh brící dearga, oscailte thar thrí urlár. Dhá fhuinneog ghotacha os cionn an stáitse ar baineadh feidhm éifeachtach astu mar ardán breise. Dearadh stáitse simplí, éifeachtach faoi bhainistíocht Aoileann Ní Chonchúir. Bhí
greann dubh ann a mheall gáire croíúil go minic, ach chuir Lón Leningrad tocht orainn leis de bharr úafás an chogaidh agus an phriacail agus an uaignis.

Threisigh ionchur ‘an léiritheora ar stáitse’ éifeacht an dráma, a d’fhéadfadh a bheith tur gan na headarlúidí sin idir é féin is a chliar.
Ó tharla gur éirigh thar cionn leis an dráma bheinn ag dréim leis go mbeidh breis léirithe ann.
Agus mórfhilí na Rúise ina nDuibhnigh chruthanta againn, ba léiriú eile é seo ar mhórbhua IMRAM: a chumas cleamhnas a dhéanamh idir an dúchas agus litríocht na cruinne.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS DRÁMA: Mórfhilí na Rúise ina nDuibhnigh chruthanta ag ‘Lón Leningrad’ Aisteoirí Bulfin'

  • Tomás Traein

    Sea, agus tá saothar le Kharms ar fáil sa Ghaeilge chomh maith, sa leabhar Folcadán Airciméidéis

  • Seán

    Tuigtear dom go mbeidh an dráma seol e feiceáil ag an Oireachtas i gCill Airne, le cúnamh Dé.

  • Lelia Ní Chinnéide

    Sár léiriú a bhí ann cinnte, ach im thuairim (claonta) chuir soilsiú agus fuaim chomh maith céanna leis na gnéithe eile den léiriú seo chun snas agus cothromaíocht a thabhairt don ócáid!

  • Fionnbarra

    Sar-drama a bhi ann, bhain me an-tairbhe as. Mholfainn e d’einne ag dul chuig Oireachtas na Samhna!