LÉIRMHEAS: Diabhlaíocht dána ‘Big Maggie’ curtha inár láthair ag draoithe ‘Druid’

Muna raibh macalla Medea na Gréige nó Bantiarna Macbeth i ‘Big Maggie’ go léiriú Garry Hynes agus ionchollú fíochmhar scanrúil Aisling O’Sullivan, bhuel, tá anois…

Keith Duffy agus Aisling O'Sullivan i radharc as Big Maggie. Pictiúr: Robert Day
Keith Duffy agus Aisling O’Sullivan i radharc as Big Maggie

‘Big Maggie’ (1969), le John B. Keane
Druid
The Gaiety, 
BÁC                                                                                           

Samhlaigh a leithéid seo. Cúlhaiste an eileatraim oscailte – an chéad radharc stáitse. Ford fada ‘athchóirithe’, muna bhfuil dul amú orm, mar ba nós le adhlacóirí beaga na tuaithe san am. An t-eileatram folamh. An cónra á chur as ár radharc ar chúlstáitse. Bing! Táimíd gafa, agus níl focal ráite fós. Maith sibh, a dhraoithe Druid.

Bean, sách óg, in éide iomlán baintrí, toitín ina láimh dheis. An lámh chlé, ar nós cuma léi, ar chóiste na marbh. Ríméad gan náire uirthi go bhfuil a fear fánach, an bastard, á chur. An chluas bhodhar aici d’ímpí a clann mac is iníon go mbogfadh sí chomh fada le béal na huaighe leo. Ar mhaithe le clú, nó ar son na measúlachta féin, fiú.

Keith Duffy. Pictiúr: Robert Day
Keith Duffy. Pictiúr: Robert Day

Pé rud eile fúithi, níl ribe den bhréagchráifeacht ag roinnt le Big Maggie Polpin. Agus is cuma sa tsioc léi cúlchaint na gcomharsan. Buanna a bhí gann go leor i sochaí righin bhailte beaga Éireann na seascaidí. Molann a crógacht an bhean. Ach tá taobh eile le Maggie ann, nach bhfuil chomh folláin sin.

Is treise an leagan reatha, dá fheabhas í céad seáp Druid le Big Maggie cúig bliana ó shin. Tugann Karen McCartney agus Charlotte McCurry cumas leo nach raibh dáiríre riamh sa script. Is treisiú freisin Muiris Crowley agus Emmet Byrne i bpáirteanna na mac. Tá Mick Olohan arís ós cionn a bhuile – ní raibh saor leachtanna ciútálta go dtí é!

An fear chéile a d’fhág Maggie ina spreas seargtha. Leagfadh sé lámh uirthi, rinne sé ceap magaidh di le líon na straoilltí ar luigh sé leo gan discréid ná gan náire. Chleachtaigh sé an leaba fuar ina coinne, bean óg folláin. D’imigh sé le drabhlás is le hól; cheil sé na pinginí uirthi. 

Ach, anois go bhfuil an lámh in uachtar aici féin, tugann Maggie íde na muc is na madraí dá hál mac is iníon. Tiomáintear an doras amach iad, duine i ndiaidh a chéile. Íocfaidh Katie, peata an athar, praghas ró-ard. Cothaíonn Maggie an cailín is óige, Gert, ina hionad. Maidir le grágheal an leaid is óige! Ní ligfear d’aon ‘claon isteach’ de bhitseach gan spré fáltas Maggie a sciobadh fána srón, ná í a bhogadh ó bhéal a tinteáin féin. 

Is ‘ar mhaithe’ leis na páistí, a deir Maggie, ar ndóigh, atá sí. D’fhonn iad ‘a chosaint orthu féin’, ar ndóigh, i gcónaí, atá sí.

Keith Duffy agus Aisling O'Sullivan i radharc as Big Maggie . Pictiúr: Robert Day
Keith Duffy agus Aisling O’Sullivan i radharc as Big Maggie . Pictiúr: Robert Day

Tá luíochán ar leith ag Maggie don gcailín is sine. An náiriú, an treascairt is treise i ndrámaí uilig John B. Bhain raon eipiciúil na beirte aisteoir, Aisling O’Sullivan agus Charlotte McCurry an anáil díom. 

Tá focail ann dá leithéid sin d’iompair, ar ndóigh. Bulaíocht. Nó, más fearr leat é, mí-úsáid mhothúchánach. Nuair a léim criticí áirithe a mhaíonn gur ‘íocón feimineach luath’ í Maggie a réitigh bóthar na saoirse do mhná na hÉireann, tagann fonn múisce orm. 

Thar aon bhean eile i litríocht na hÉireann san fhichiú aois is í Maggie Polpin an sciúirseoir a shlaidheann a hál féin. Agus, muna raibh macalla Medea na Gréige nó Bantiarna Macbeth inti go léiriú Garry Hynes – agus ionchollú fíochmhar scanrúil Aisling O’Sullivan – bhuel, tá anois.

Ní bheinn ag maíomh as dintiúirí feimineacha Maggie Polpin, áfach.

Sara dtugaim faoi Aisling O’Sullivan a mheas i gceart, focal beag ar Keith Duffy. Is réice ceart de thaistealaí tráchtála é Teddy Heelin. Ciú glúnta ban, óg is bunaosta, ar ballchrith i bhfianaise a chuid tarraingteachta ainmhíoch. Muna lasann Heelin leictreachas collaí i mná uile an dráma, cuirtear Big Maggie go tóin poill.

Tá Duffy ar a bhuaic idir mhná, agus ní haon cur i gcéill ná áiféis dá bharr dúil chollaí Maggie Polpin ann.

Is ionann gnéasacht Duffy agus eochair scaoilte dúcheist an dráma. Tá racht drúise Maggie intuigthe anois. Ní haon cur i gcéill ná útamáil iomrascáil na beirte seo. Ach móimint stáitse atá ar tinneall le drúis agus le débhrí lasánta.    

Trí thimpiste breithe, tarlaíonn go bhfuil ceol agus rithimí John B. im chluais ón gcliabhán. A bhuíochas sin d’aintíní agus d’uncail liom ar thaobh na máthar. Fir na n-acraí beaga talún. Mná na gceapairí sléibhtiúla is na ngalún tae. Níl tada idir Béarla tuaithe Chorcaí agus Béarla Ladhar a’ Chrompáin.

Aithním barántúlacht Aisling O’Sullivan i ngach siolla ina béal.

Rud nach foláir a rá, tá lear mór Maggie feicthe agam, Marie Kean san áireamh. Ar m’anam munarb í O’Sullivan is fearr a thugann Maggie léi tharstu uilig. Is ceol anama dúinn an chaoi ina láimhseálann sí rithim na bhfocal, an struchtúr teangan, ionsaí na tuine cainte, malartaí na tuine cainte. Gan trácht ar a crógacht is a déine. Agus, as radharc ar fad sa léiriú seo léi, an craos collaíoch. Agus an bealach ina samhlaíonn sí stalcaireacht an phantair leonta. Gach rud curtha sa phota, tá airde an chinn ag Aisling O’Sullivan ar na ‘Maggies’ uilig a d’imigh roimpi, in iolrachas débhríoch a hiomláine. 

Sé an peaca é nach bhfuil an fear féin ann chun ceol agus cibeal a bhaint, faoi dheireadh, as foirfeacht na diabhlaíochta dána a chúm sé is a cheap.

Bulaí stiúrthóra Garry Hynes!

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Diabhlaíocht dána ‘Big Maggie’ curtha inár láthair ag draoithe ‘Druid’'