LÉIRMHEAS: Claí na hamharclannaíochta caite ag ‘Fences’ Denzel Wahsington

LÉIRMHEAS: Saothar é 'Fences' nach ndéanann aon iarracht srathair an stáitse a chur de ach is scannán cumhachtach, corraitheach, cumasach é dá bharr nó dá ainneoin

LÉIRMHEAS: Claí na hamharclannaíochta caite ag ‘Fences’ Denzel Wahsington

Fences

Stiúrthóir: Denzel Washington

Cliar: Denzel Washington, Viola Davis, Stephen Henderson, Mykelti Williamson, Jovan Adepo, Russell Hornsby

Ba i 1987 a léiríodh an dráma Fences le August Wilson den chéad uair ar Broadway. Saothar corraitheach, cumhachtach a dhein cíoradh ar chiníochas, aiféala, easpa dílseachta agus caidreamh míshocair an phatrarc le baill a theaghlaigh.  Thug sé leis lán a dhoirn de dhuaiseanna Tony mar aon le duais Pulitzer. Bhí an rath céanna ar an athléiriú in 2010 le Denzel Washington agus Viola Davis sna príomhrólanna.

I rith an ama bhí caint ar leagan scáileáin. Thug Wilson an t-eiteach i gcónaí de chaint sin mar go raibh sé ag iarraidh go mbeadh duine den chine gorm ar an stiúir. Bhí an saothar cóirithe don scáileán aige féin, fiú, ach níor fíoraíodh a bhrionglóid lena bheo (cailleadh é in 2005). Ansin chinn Denzel Washington, duine de na haisteoirí is cumasaí, is cáiliúla agus is seanbhunaithe in iomaire Hollywood, an cúram a thógaint air féin in ainneoin nach bhfuil ach cúpla geábh fánach tugtha aige ar chathaoir an stiúrthóra. 

Ina fhianaise sin ar fad, ní haon iontas go bhfuil an saothar seo an-dílis don saothar bunaidh agus go bhfuil rian láidir den léiriú stáitse le sonrú ar an táirge ó thús deireadh. Is beag suíomh atá ag an scéal taobh amuigh den tigh/clós, níl aon cheamaradóireacht shamhlaíoch ná chulaith ghaisce d’aon saghas ann. Go deimhin is ar éigean go bhfuil aon cheol sa saothar. Is bua agus laige é sin in éineacht. Mura bhfuiltear chun ciútaí na scannánaíochta a úsáid le léamh nua a dhéanamh ar an saothar, cad ina thaobh gur tugadh fén bhfiontar? An bhfuil mórán de dhifríocht idir é agus an nós coitianta beoshruthú a dhéanamh ar dhrámaí?

Ar an lámh eile, cinntíonn an dílseacht don saothar bunaidh go bhfuil an bhéim ar an scríbhinn chumasach, na carachtair thathagacha agus na haisteoirí ábalta.

Tá gearradh, leibhéal, léargas agus greann i scríbhinn Wilson nach bhfaigheann tú ach go hannamh ar an scáileán mór. Cuireann Washington agus Davis carachtair chigilteacha, dhaonna ina steillbheatha os ár gcomhair agus tá an saothar tógtha ar thaispeántais na beirte ceann feadhna.

‘Sé Troy (Washington), agus an caidreamh achrannach atá aige lena bheirt mhac, croílár an scannáin ag an tús. Fear deisbhéalach agus mealltach ina shlí féin é agus é ag caitheamh thairis agus ag seanmóireacht gan stad. An fuath agus an ghoimh ag brúchtaíl aníos ann. Fear atá ag iarraidh greim a bhreith ar a aiféala mar aon lena chrústa a thuilleamh dá chlann. Tá Rose níos beagfhoclaí ach tá cruas inti mar sin féin agus tá an radharc ina dtagann riastradh uirthi ar cheann de na míreanna is cumhachtaí ó thaobh na haisteoireachta atá feicthe agam le mo chuimhne.

Is de réir a chéile a chuirtear tragóidí agus éagóir ar tharla san am a caitheadh in iúl. Ansin tagann mídhílseacht aniar aduaidh orainn a chuireann gaol na lánúine i lár an aonaigh. I rith an ama, tá cíoradh á dhéanamh ar chiníochas na gcaogaidí: an deis daorchluiche a d’imigh le fán ar Troy, an post mar bhailitheoir bruscair, an mac is óige ag tabhairt faoin bpeil Mheiriceánach, srl.

Saothar é seo nach ndéanann aon iarracht srathair an stáitse a chur de ach is scannán cumhachtach, corraitheach, cumasach é dá bharr nó dá ainneoin.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Claí na hamharclannaíochta caite ag ‘Fences’ Denzel Wahsington'