LÉIRMHEAS: Carrel iontach mar éan corr Foxcatcher

Tugann fear The 40 Year Old Virgin taispeántas ciúin, cumhachtach uaidh a chuirfeadh drithlíní ort agus a bhainfeadh d’anáil díot

foxcatcher-channing-tatum-steve-carell-1

Foxcatcher

Stiúrthóir: Bennett Miller

Cliar: Steve Carell, Channing Tatum, Mark Ruffalo, Sienna Miller, Vanesa Redgrave.

Dóibh siúd nach bhfuil fios a mhalairte acu, thaibhseofaí dóibh gur táirge eile ar fad atá anseo nuair a chloisfidís gurb iad Steve Carell agus Channing Tautm atá sna príomhrólanna.

Scannán seafóideach grinn eile ó chnuasach Carell, b’fhéidir. Fear a bhfuil a dhintiúir aige ó The 40-Yar Old Virgin (2005) agus a bhain an-cháil amach le blianta beaga anuas sa leagan Meiriceánach do The Office. Nó b’fhéidir gur scannán aicsin beagfhocalach é ó fhear GI Joe.

Ní hionann an cófra agus a lucht, áfach, mar is a mhalairt ar fad atá anseo; is beag aicsin atá le feiceáil agus ní bheidh aon údar gáire agat.

Is scannán gruama, machnamhach, teannasach a chuirtear ós ár gcomhair agus cé go dtéann rudaí chun leadráin ar uairibh, is scannán cumhachtach, cumasach é agus ní haon ionadh go bhfuiltear ag tuar go ndéanfaidh sé slad oíche Oscar.

Táirge eile atá ‘bunaithe ar scéal fíor’ agus is iad muintir Schultz (Tatum agus Ruffalo) atá idir chamáin an babhta seo, na deartháireacha iomrascála, cáiliúla a chroch leo dhá bhonn óir ag Cluichí Oilimpeacha in Los Angeles in 1984. Laochra spóirt náisiúnta agus beirt de na hiomrascálaithe is fearr a bhí ag Meiriceá riamh.

Ait go leor, a shamhlófa, is i ndiaidh na gcluichí sin a thosnaíonn an scannán seo. Más ea, ní hé an spórt atá á chíoradh anseo ach caidreamh na beirte leis an milliúnaí John E. Dupont (Carell). Ceoinceolaí, bailitheoir stampaí agus éaneolaí é an fear seo mar aon le bheith ina éan corr agus cadhain aonair.

I dtús an scannáin, tugtar éachtaint dúinn ar shaol an lúthchleasaí Oilimpigh i dtréimhse ina raibh an spórt ar reachtaibh mórathruithe.

Amaitéaraigh a bhí in ainm is a bheith iontu agus fios ag an saol Fódlach go raibh Aontas na Sóivéide ag sárú an phrionsabail. Déanann du Pont láthair traenála nua-aimseartha den scoth a thógaint ar fheirm Foxcatcher in Delware agus tugann tairiscint do na hiomrascálaithe is fearr dul i mbun traenála. Tá sé mar sprioc ag an bhfear truamhéalach seo go dtabharfadh meitheal iomrascálaithe Foxcatcher an svae leo ag na Cluichí Oilimpeacha in Seoul i 1988.

Le fear stiúir Moneyball (2011) agus Capote (2005) ar an gceamara, déantar suan na muice bradaí agus atmaisféar tuarúil a chruthú sa scannán ón tús. Is é an deartháir is óige, atá faoi scáth a dhearthár riamh, is túisce a thagann faoi thionchar du Pont.

I dtosach báire, bíonn an fear támáilte seo ag lútáil ar du Pont ach diaidh ar ndiaidh, tuigtear dó gur duine drochúin agus gealt é an fear seo atá faoi thionchar a mháthar tiarnúla (Redgrave).

Cé go dtugann Tatum agus Ruffalo taispeántais nádúrtha, chumhachtacha uathu, is é Carrel a bheireann barr bua ar gach duine eile. Is ar éigean go n-aithneofá é fiú.

Gan amhras, chabhraigh an smidiú leis ach tugann sé taispeántas ciúin, cumhachtach uaidh anseo a chuirfeadh drithlíní ort agus a bhainfeadh d’anáil díot.

Is claochlú dochreidte atá ann d’aisteoir a bhfuil iomaire na hainnise treafa aige le blianta.

 

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Carrel iontach mar éan corr Foxcatcher'