LÉIRMHEAS: Bruce Springsteen as Gaeilge an leigheas ar bhrionglóid bhréagach Donald Trump

Cathain a bheidh an chamchuairt náisiúnta ag tosú? Sin í an cheist is mó a bhí ag ár léirmheastóir i ndiaidh ardoíche ceoil ag Tionscadal Springsteen na féile IMRAM

LÉIRMHEAS: Bruce Springsteen as Gaeilge an leigheas ar bhrionglóid bhréagach Donald Trump

Tír Tairngire
Sa Pavilion i nDún Laoghaire
Oíche Dé Céadaoin, an 11 Deireadh Fómhair.

Agus Donald Trump sa Teach Bán, an bhfuil tábhacht níos mó le Bruce Springsteen anois ná mar a bhí riamh? B’fhéidir go bhfuil agus b’fhéidir gurb in an fáth gur cuireadh tús le clár IMRAM bliana seo le seó faoi amhránaí Meiriceánach – Tír Tairngire – Tionscadal Springsteen. Thug Stiúrthóir na Féile, Liam Carson, nod dúinn gur sin a bhí i gceist nuair a dúirt sé go raibh an cheolchoirm dírithe ar “amhráin Springsteen a bhaineann le cosmhuintir Mheiriceá, daoine atá ar an imeall”.

B’fhéidir gurbh iad an chosmhuintir chéanna a bhí ar intinn an amhránaí Liam Ó Maonlaí agus an ghiotáraí Steve Cooney nuair a tháinig siad ar an stáitse gan stocaí ná bróga sa Pavilion i nDún Laoghaire oíche Dé Céadaoin. Ach bheadh dul amú ar aon duine a cheap go raibh an chuma ar na ceoltóirí gur ghrúpa leaids iad a bhí ann chun taitneamh a bhaint as an oíche agus gan iad ródháiríre faoin gceol. A mhalairt a bhí fíor, go háirithe i gcás amhrán mar Youngstown. Agus an t-amhrán á sheinm ag an E Street Band féin mheabhródh sé innealra i monarchan challánach. D’éirigh leis an ngrúpa sa Pavilion an fhuaim chéanna a léiriú, agus gan ach cúigear acu ann. Chuirfeadh sé ‘Wall of Sound’ Phil Spector i gcuimhne duit.

Cé gur cuireadh faobhar le tuiscint Springsteen ar an bpolaitíocht aimsir Ronald Reagan, tá na hamhráin aige níos oiriúnaí fós i Trumptown.

Tá IMRAM féin ag dul i muinín an rock ’n’ roll anois chomh maith. Roimhe seo is iad ag ceiliúradh na bhfilí agus na ‘folkies’ a bhíodh siad, leithéidí Dylan, Cohen agus Joni Mitchell, agus ealaíontóirí mar Bowie. Ach leis an oibrí bóna gorm a bhaineann Springsteen agus is léir go raibh níos mó tionchair ag Orbison agus Elvis air ná mar a bhí ag Rimbaud agus Verlaine. Más fíor scéal, nuair a bhí Born to Run ar bharr na gcairteacha chuaigh Springsteen agus a chairde go Graceland chun bualadh le Elvis, ach níor ligeadh isteach iad.

Ba é Graceland a dTír Tairngire, ar nós cuid mhaith dá lucht leanúna. Dóibh siúd a chum sé amhráin mar The River/An Abhainn.

San amhrán sin, agus in go leor amhrán eile, éiríonn le haistriúcháin Gabriel Rosenstock cor eile a bhaint as brí na liricí. Mar shampla, tá ‘brionglóid bhréagach’ aige agus an líne  ‘Is a dream a lie if it don’t come true?’ á aistriú aige. Déarfainn, dá mbeadh Gaeilge ag Springsteen, go gcuirfeadh sé albam amach agus ‘Brionglóid Bhréagach’ mar theideal air.

Agus bhí na ceoltóirí ar fheabhas. Bhí guth Ó Maonlaí chomh spleodrach agus paiseanta agus a bhí sé nuair a bhí na Hot House Flowers i mbarr a réime. Tá Cooney chomh hildánach sin go gceapfá go raibh trí nó ceithre ghiotár ar siúl agus chuir Nick Roth ar an sacsafón an ‘Big Man’ féin Clarence Clemons i gcuimhne dúinn. Tá cuma hipí réchúiseach ar Robbie Perry ach cuireann sé anam sna cnaguirlisí atá beo faoin lámh agus mheallfadh bass Trevor Hutchinson i dtreo an urláir rince tú.

Is í Margaret Lonergan a chuir ná léaráidí áille dubh agus bán ar fáil.

Ar cheann amháin acu bhí pictiúr de bheirt spailpíní bochta ag siúl ar bhóthar fada. In aice leis an bpictiúr sin,  bhí fógra ag moladh taisteal traenach agus fear ag déanamh a shuaimhnis go sásta ar an traein. Léargas eile ar théamaí na hoíche.

Ag an mbriseadh taispeánadh pictiúr de Springsteen agus cuma chodlatach air. Bhí na focail ‘sos beag’ ar an scáileán.

Níl ach dhá cheist le fhreagairt, mar sin. Cathain a bheidh an chamchuairt náisiúnta ag tosú agus cathain a bheidh an t-albam ag teacht amach?