LÉIRMHEAS: An ‘Mic Oscailte’ do chumadóirí na Gaeilge in Áras na Scríbhneoirí

Bhain ár léirmheastóir sult as oíche ‘Mic Oscailte’ Gaeilge in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath, mar a rinne fiú cuid de na Béarlóirí a bhí i láthair ‘trí thimpiste’

LÉIRMHEAS: An ‘Mic Oscailte’ do chumadóirí na Gaeilge in Áras na Scríbhneoirí

Is é Rossa Ó Snodaigh a bhí ina Fhear an Tí ag an ócáid thaitneamhach seo. Bhí roinnt aíonna speisialta ann, a raibh cuireadh faighte acu agus bhí an ócáid oscailte chomh maith do bhaill den lucht féachana a raibh fonn reice orthu. 
Chuir Colm Ó Snodaigh agus Brian Hogan tús agus deireadh leis an oíche le hamhráin is dánta Choilm le tionlacan ceoil – ceann sách barrúil a cumadh bunaithe ar nathanna cainte ghasúir Gaelscoile ina measc. I measc na n-aíonna a fuair cuireadh bhí Marcus Mac Conghail, Inni K (Eithne Ní Chatháin), Caitlín Nic Iomhair agus Philip Cummings.

Dúirt Marcus roinnt dánta dá chuid féin, le tionlacan dord leictreach a mhic, Naoise. D’fheil an dord go maith don alltacht a spreag samhlaíocht dhorcha dhán Mharcuis faoi fhrancach. Tá an-teacht i láthair ag Inni K, a chuir an lucht éisteachta ag crónán chun cur lena tionlacan féin ar an ucailéile. I ndiaidh di amhrán nuachumtha dá cuid féin a chanadh, chuir sí faoi dhraíocht de chineál ansin muid le dornán amhrán saothair as Gaeilge na hAlban, port a’beul a chantaí agus olann á ramhrú. Léigh Caitlín Nic Iomhair dánta dá cuid féin, fáiscthe as a taithí ollscoile agus í ag faire ar an gcéad ghlúin eile ag teacht in inmhe. 
Ba í buaic na hoíche domsa Philip Cummings ag reic a chuid dánta agus tréanna. Creideann Philip gur cheart dúinn a bheith ag forbairt an tré, ar foirm dhúchasach gaoise é, seachas a bheith ag sodar i ndiaidh foirmeacha allúracha fearacht an haiku. Léigh sé freisin a fhorógra maidir le filíocht- ‘Dán Dóibh Siúd a Thuilleann É’.

Bíonn leithéid na ócáide seo ar siúl as Béarla go hiondúil, agus bhí roinnt ann a shíl gur amhlaidh a bheadh. D’éirigh le duine nó beirt acu dul i ngleic leis an nGaeilge, cé gur chualamar cuid den olagón faoi theagasc na Gaeilge sna scoileanna a bhfuil seanchleachtadh againn air. Rinne Rónán Laighneach a chuid féin den chur chuige macarónach, áfach, é ag spraoi go glic le huaim agus an comhcheol idir nathanna Béarla agus Gaeilge.

Bhí neacht le Micheál Ó hAirtnéide, Brídín Hartnett i láthair – í fillte ón Meánoirthear – chun dánta dá cuid as Gaeilge agus Béarla, a bhí fáiscthe as a taithí thall agus abhus, a reic. Ba léir go raibh sí go láidir faoi anáil na hAraibe agus thiomnaigh sí a cuid do shaoi de chuid na nÉimíríochtaí a raibh sí faoi chomaoin aige.

Léigh Yoseba Peña ó thír na mBascach an dán ‘Teach m’Athair’ as Bascais agus sholáthair Órla Ó Raghallaigh leagan Gaeilge Shéamuis Mhic Chonmhí den dán céanna dúinn. Tá leagan den dán seo ina amhrán ag Rónán Ó Snodaigh, ach faraor ní raibh ar a chumas siúd a bheith i láthair.

Tá Yoseba abhus mar chuid den scéim malartaithe scríbhneoirí, Focail Eile.

Oíche thaitneamhach a bhí ann, agus tá Áras na Scríbhneoirí ag lorg duine a ghlacfaidh an cúram orthu féin ócáid rialta a dhéanamh aisti.

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: An ‘Mic Oscailte’ do chumadóirí na Gaeilge in Áras na Scríbhneoirí'

  • Gabriel Rosenstock

    Is fada haikufóibe ag cur as do Philip Cummings, gan trácht ar Zenfóibe! Foirm “allúrach” ambaiste! Aontaím leis gur fiú go mór na tréanna a fhorbairt mar atá déanta aige féin go slachtmhar.