Léiriú é suíomh nua Loch Con Aortha ar thábhacht na logainmneacha

Tá dlúthcheangal idir an duine agus a áit dhúchais, ceangal a threisíonn ár gcuid logainmneacha go mór, a deir ár gcolúnaí

Léiriú é suíomh nua Loch Con Aortha ar thábhacht na logainmneacha

Más fíor don scéal a insíodh d’fhear na mapaí, Tim Robinson, chuaigh Naomh Ciarán amú tráth agus é ar a bhealach go hÁrainn, agus ba i Loch Con Aortha a lig sé a scíth.

Bhí aoire ag Mordán, an fathach a raibh cónaí air istigh i gCnoc Mordáin, agus bhí cú ag an aoire. Léim an cú ar an naomh ach sheas an naomh go leataobh, agus thit an cú le faill. Isteach sa loch thíos a thit sé, áit ar bádh é.

As sin atá Loch Con Aoire againn, más fíor scéal.

Is beag idir –ao agus –aoi i nGaeilge Chonamara agus bheadh an leagan thuas ag teacht, cuid nach beag, le foghraíocht na háite sa leagan atá anois ann, Loch Con Aortha.

Ní lia duine ná tuairim, áfach, agus tá saibhreas aisteach ag baint le logainmneacha na tíre, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge de, ach ó thaobh na leaganacha éagsúla de scéalta atá ann a bhaineann lena mbunús. Léiriú ar an méid sin is ea an míniú a thugtar ar an suíomh féin – www.oidhreachtlca.ie – ar bhunús ainm an bhaile fearainn Gaeltachta seo, míniú nach dtagann leis an leagan thuas den scéal. 

Bí cinnte go raibh Coiste Scoil Loch Con Aortha go mór sa tóir ar mhíniú, ar scéalta agus ar eolas den chineál seo agus iad ag fáil faoi réir leis an suíomh céanna a sheoladh.

Ag caint dó ag Ceiliúradh an Bhlascaoid anuraidh, dúirt an Dr Pádraig Ó Héalaí go léiríonn logainmneacha an tionchar a bhí ag daoine ar thaobh tíre agus vice versa, rud a thugann léargas dúinn ar dhearcadh, ar stair agus ar ghníomhaíochtaí pobail ó áit go chéile. Tá siad fite fuaite le daoine agus le cuimhní daoine ar thaithí saoil, a dúirt sé.

Dála craobhacha ginealaigh, cothaíonn logainmneacha féinmhuinín agus féinmheas agus cuireann siad abhaile orainn ‘nach aonaránaigh sinn’. Cuidiú is ea an méid sin ar fad do dhuine a thuiscint cé hé féin, cér díobh é, agus cén chríoch lena mbaineann a threabh. Ní hiontas linn, mar sin, go bhfuil ‘meáchan na mothúchán’ á iompar ag logainmneacha, mar a dúirt an Dr Ó Héalaí féin.

Agus muid ag cuimhneamh ar na mothúcháin sin, ní hionadh go bhfuil eolas ar shuíomh nua Loch Con Aortha ar stair shóisialta an bhaile agus ar na daoine a bhíodh ag cur fúthu ann, gné fhíorthábhachtach den suíomh.

B’iontach leis an Dr Seán Ó Tuama téama an bhaile dúchais a bheith ‘neadaithe chomh domhain san’ i dtraidisiún agus i litríocht na nGael, rud nach raibh i gceist chomh mór céanna ar Mhór-Roinn na hEorpa, dar leis. Is léiriú an méid sin ar a thábhachtaí atá an fód dúchais don ghnáth-Éireannach.

Fiú mar fhear cathrach agus mar strainséir thar paróiste isteach, chroch an seoladh oifigiúil a rinneadh i Loch Con Aortha Dé Domhnaigh mo chroí. Ba é Seán Ó Cualáin a bhí i mbun an ghnó sin agus baill uile an Choiste i láthair lena thaobh.

Go deimhin, bhain tábhacht nach beag leis an seoladh a bheith ar siúl i Scoil Colmcille, nó Scoil Loch Con Aortha, mar a thugann muintir na háite uirthi. B’fhéidir, le cúnamh Dé, go mbainfí leas as an bhfoirgneamh sin athuair le haghaidh imeachtaí pobail amach anseo. 

Moladh ag an seoladh go dtabharfaí faoi obair den chineál céanna i ngach baile fearainn sa tír, obair arbh fhiú go mór í a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Léiriú é suíomh nua Loch Con Aortha ar thábhacht na logainmneacha'