Léiriú cráite ar shléacht an Glenanne Gang i saothar faisnéise coscrach

Ní chuireann Seán Murray fiacail sa léiriú a dhéantar ar an mbrúidiúlacht agus an claonpháirteachas leis na seirbhísí slándála

Léiriú cráite ar shléacht an Glenanne Gang i saothar faisnéise coscrach

Ag deireadh an chláir faisnéise Unquiet Graves (RTÉ, Dé Céadaoin) insíonn an téacs ar scáileán dúinn, duine ar dhuine, cérbh iad na daoine ar fad a dhúnmharaigh an Glenanne Gang sna seachtóidí. Ba scanrúil cráite an feic é agus b’fhéidir gurbh é sin an radharc ba chumhachtaí sa saothar pointeáilte, suaite seo.

Ní chuireann an scríbhneoir, stiúrthóir agus léiritheoir Seán Murray fiacail sa léiriú a dhéanann sé ar ghníomhartha buile is foréigin na buíne míchlúití seo. Meastar go raibh lámh acu i ndúnmharú tuairim is 120 duine; sléacht an Miami Showband agus buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin san áireamh.

Baisteadh Triantán an Bháis/Dúnmharaithe ar cheantar in Ard Macha agus Tír Eoghain mar ar maraíodh 89 duine sa tréimhse idir 1972 agus 1975.

B’fhacthas don phobal, an tAthair Denis Faul agus an t-iriseoir Anne Cadwallader ina measc, go raibh scuad maraithe ag feidhmiú gan baol pionóis. Bhíothas in amhras faoi chlaonpháirteachas agus treisíodh an tuairim de réir mar a bhí an RUC ag luí ar na maidí agus “ráta teipe 100%” acu breith ar lucht an tsléachta.

An cheist atá ag dó na geirbe i gcónaí ná cé chomh hard is a bhí an claonpháirteachas seo sna seirbhísí slándála, sa pholaitíocht is sa bhunaíocht.

Más aon chomhartha é an Príomh-Bhreitheamh Lowry bhíothas báúil le lucht an fhoréigin. Agus pianbhreith á cur aige orthu siúd a thug ruathar faoi thigh tábhairne an Rock in Ard Mhacha dhein sé iarracht spior spear a dhéanamh dá ngníomhartha á rá nach raibh siad ach ag iarraidh “to rid the land of the pestilence”.

Deir Paul O’Connor, ó ionad Pat Finucane, go meabhraíonn seo caint na Naitsithe faoi na Giúdaigh dó. Is é ionad Finucane agus an eagraíocht Justice for the Forgotten, a choimeád agus a choimeádann i gcónaí teas faoin ábhar seo.

Agus an leabhar Lethal Allies le Cadwallader mar bhunchloch aige tugann Murray faoi na scéalta céim ar chéim go tomhaiste. Éiríonn leis mórán a mhealladh chun cainte: idir mhuintir na n-íobartach agus daoine a tháinig slán. Siad O’Connor agus Cadwallader a dhéanann formhór na cainte agus déanann siad a gcúram go pointeáilte, deisbhéalach.

Ar uairibh tarraingíonn Murray roinnt ciútaí drámaíochta chuige féin leis an scéal a reic. Tá míreanna athchruthaithe snasta ar fud an tsaothair agus cuirtear beochan ealaíonta ghruama le haithris Stephen Rea ar dhán a chum Séamus Heaney nuair a dúnmharaíodh a fhear gaoil Colum McCartney i 1975.

An chuid den chlár is mó atá ag tarraingt cainte ná nuair a admhaíonn John Weir, iarbhall den RUC, den UVF agus de bhuíon Glenanne, gur beartaíodh tráth go ndéanfaí ionsaí ar bhunscoil le páistí agus múinteoirí a mharú. Measann sé gurbh ó sheirbhísí rúnda na Breataine a tháinig an smaoineamh agus gurb iad an UVF a chaith an smaoineamh thar claí.

Tá scéal ann féin ag baint le haistear an tsaothair chuig an scáileán. Tá an clár ar an bport ó 2018 agus faoi mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné bhí sé i gceist é a chraoladh ar RTÉ anuraidh ach tarraingíodh siar é ar “chúiseanna dlí”.
Tá Murray féin in amhras go raibh “guthanna áirithe” nach raibh ag iarraidh go gcraolfaí an saothar.

Ach craoladh agus is maith sin.

Saothar faisnéise coscrach a thugann léargas ní hamháin ar ghné fholaithe shuaite de chuid na dTrioblóidí ach ar mhuintir na n-íobartach atá fós ag éileamh na córa.

Fág freagra ar 'Léiriú cráite ar shléacht an Glenanne Gang i saothar faisnéise coscrach'