Léiritheoirí teilifíse agus Ardstiúrthóir TG4 i mbun díospóireachta beo ar RnaG tráthnóna

Beidh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus duine de léiritheoirí na sraithe Seó Spóirt i mbun díospóireachta tráthnóna ar chlár a chraolfar beo ar RnaG ó chomhdháil teilifíse i mBaile Átha Cliath

Léiritheoirí teilifíse agus Ardstiúrthóir TG4 i mbun díospóireachta beo ar RnaG tráthnóna

Beidh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus duine de léiritheoirí na sraithe Seó Spóirt i mbun díospóireachta tráthnóna mar chuid den Chomhdháil Drámaíochta agus Teilifíse atá ar siúl i gColáiste na Naomh Uile i nDroim Conrach an deireadh seachtaine seo.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go bhfuil cinneadh déanta ag TG4 deireadh a chur i mí Aibreáin le Seó Spóirt, atá á chraoladh le 11 bliain anuas.

Lean conspóid mhór foilsiú an scéil sin agus go leor daoine míshásta go bhfuil deireadh á chur leis an gclár irise spóirt mar chuid den athstruchtúrú atá a dhéanamh ag Esslemont ar sceideal TG4.

Beidh Alan Esslemont agus Seán Ó Cualáin ag plé thodhchaí TG4 tráthnóna agus iad ar phainéal díospóireachta in éineacht leis an léiritheoir neamhspleách Niamh Ní Bhaoill, Sibéal Teoranta, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie. Craolfar an díospóireacht seo,  ‘Todhchaí TG4 – an chéad 20 bliain eile’, beo ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Tá an clár speisialta faoi thodhchaí TG4 á chraoladh beo mar chuid de ‘Chomhdháil Drámaíochta agus Teilifíse 2017 – Ó Chleamairí go Ceamaraí’  atá ar siúl ar champas na Naomh Uile, DCU, i nDroim Conrach. Beidh an chomhdháil ar siúl ar feadh an lae inniu agus an lá amárach ar fad agus déanfar plé ar ghnéithe éagsúla den drámaíocht stáitse agus teilifíse.

D’fhógair Alan Esslemont an cur chuige nua a bheidh á ghlacadh chuige féin ag TG4 amach anseo an mhí seo caite ag lá eolais i gcathair na Gaillimhe.

Tá córas nua coimisiúnaithe bunaithe ag TG4 a fhágann gur comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin a bheidh ag soláthar beagnach gach uile chlár a chraolfar ar an stáisiún Gaeilge feasta.

Faoin straitéis nua, beidh babhtaí coimisiúnaithe ann i réimsí éagsúla agus beifear ag lorg ábhar ginearálta i seacht réimse – sobalchláir, cláir shiamsaíochta, cláir ealaíon, cláir spóirt, cláir drámaíochta, mórchláir, amhail Gradaim Cheoil TG4, agus cláir aonair.

Tá deis anois ag na comhlachtaí príobháideacha léiriúcháin cur isteach ar an gcomórtas nua agus táthar ag súil go mbronnfar conarthaí sna réimsí éagsúla i mí Iúil na bliana seo.

Is athrú mór é seo ar an múnla a bhíodh ag TG4 go dtí seo. Dúirt Esslemont gur theastaigh an t-athrú chun earnáil cheart léiriúcháin a chruthú in Éirinn. Dúirt sé nach bhféadfaí a mhaíomh gur earnáil cheart atá ann i láthair na huaire mar gheall ar a laghad daoine óga atá ag teacht isteach sa tionscal agus mar gheall ar a bhfuil de ‘chadhain aonair’ i mbun oibre san earnáil léiriúcháin.

Fág freagra ar 'Léiritheoirí teilifíse agus Ardstiúrthóir TG4 i mbun díospóireachta beo ar RnaG tráthnóna'