Léiríonn saothar nua Hijmans gur acmhainn don Ghaeilge saol an lae inniu a láimhseáil

Ina chnuasach nua gearrscéalta, éiríonn le Alex Hijmans bailiú leis ó thír go tír, ó theach go hárasán, agus ó scéal go scéal gan scraith a bhaint, bó a bhleán ná clocha a chomhaireamh ar phaidríní

Léiríonn saothar nua Hijmans gur acmhainn don Ghaeilge saol an lae inniu a láimhseáil

Idir Dhá Thír

Alex Hijmans

Cois Life

Ní bean mhór gearrscéalta mise, tugadh an oiread sainmhínithe dúinn i gcúrsaí léinn ar an dea-ghearrscéal gur loiteadh an meán sin orm agus gur mhó m’aird ar chomharthaí sóirt agus scafaill na ceirde seachas díriú ar an litríocht féin. Amhail fonnadóireacht Leonard Cohen tráth, sheol an díomhaointeas, an drochaimsir agus gruaim an dúlra bháite chuig clúdach gruama an leabhair seo mé, mar a bhfuil an teideal agus ainm an údair báite idir dhá thír dhorcha.

Ísiltíreach agus Éireannach ag cur aithne ar a chéile i Londain, an tÍsiltíreach ag tabhairt a céad phéire jíons fáiscthe do bhean na hÉireann agus ise ag taispeáint halla an Galtymore lena ‘bholadh óil, allais agus Old Spice’ do bhean na hÍsiltíre agus an béadán cúngaigeanta agus an easpa féinmhuiníne agus féinaithne á seoladh siar abhaile le fear as Béal an Daingin.  Aisteach go leor, ba é an scéal áirithe sin, ‘Leathbhealach idir na Gates agus an Galtymore’ an ceann is lú a raibh luí agam leis. (Ar ndóigh leath bealaigh a déarfaí i mBéal an Daingin!) Róghar don chnámh, b’fhéidir, nó doicheall roimh fhear eile agus é ar a bhionda ag iarraidh intinn na mban a léamh agus caint a chur ina mbéal?

Tá téama seo na himirce, an cinseal agus an t-uirísliú a bhaineann leis an díshealbhú sin agus an chiontacht agus an aduaine a chothaíonn sé láidir sna gearrscéalta seo agus caithfidh mé a rá gurbh é sin ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm féin sa gcnuasach seo. Údar géarchúiseach thar tír amach a d’fhoghlaim an teanga s’againne níos fearr ná muid féin, arb aon iontas go scalfadh sé lóchrann ar na haitis bheaga sin a síleann muid féin agus ciníocha eile a bheith ina dtíolacthaí?  An amhlaidh gur ‘meabhairghalar an dúspéis sin agat i d’fhéiniúlacht agus i do theanga’  nó cén tairbhe ciapadh an duine ghil faoin éagóir a rinne a chine ar an gcine dubh? 

Easpa tuisceana an Bhrasaíligh ar an séanadh a dhéantar ar leath dár ndúchas sa scéal An Neascóid, a d’fhág go léifidh tú an scéal sin cúpla uair agus straois chat an bhainne te ort.

Máthair Chorr na Móna ag cur ath-aithne ar a colainn féin agus ar a hiníon fhásta nua-aoiseach atá ina cónaí in Colorado agus bród agus gean máthar athmhúscailte ag a mac atá ar tí Beartla a phósadh.   

Ní bheidh aon iontas ort go mbíonn an t-údar ag plé le ceird na hiriseoireachta agus an scéal Slán le Tír na Sámach á léamh agat, áit a mbíonn fonn diabhalta air ceachtanna staire a thabhairt dúinn, rud a mhaith mé dó sa gcás sin ó tharla nach raibh mé féin sna bólaí sin ó thuaidh agus go bhfuil díothú pobail ag tarlú sa lá atá inniu ann i mo bhráite féin.

Fonn síolraithe ina phúca i gcaidreamh comhghnéis an scéil ‘Ag teacht Abhaile’ agus Gaillimh agus Éire ina ndíseart ag an imirceach as an mBrasaíl, é á thachtadh agus á mhaslú ag sceacha na míthuiscintí cultúir agus teanga sa scéal ‘An Sceach’. Ar ndóigh is minic duine ina strainséir ina thír féin mar a léirítear go spéisiúil sa scéal Idir Dhá Thír, a thug teideal don bhailiúchán breá seo. Téamaí shaol casta an duine i ré seo an domhandaithe agus an tsíorthaistil is mó atá anseo ach an éachtaint spéisiúil ar chríocha aineoil, ar naircisíocht na hóige agus an léargas ar an té atá lasmuigh den tréad a mheall mé féin. 

Nach iomaí sin focal ráite agus scríofa faoi acmhainn na Gaeilge saol uirbeach an lae inniu a láimhseáil ach cruthaíonn an saothar seo, don té a raibh aon amhras air, gur sásta an t-acra í i lámh an dea-cheardaí. Níor tháinig an teanga idir mise agus pléisiúr na léitheoireachta, diabhal ar smaoinigh mé amháin uirthi go dtí anois.

Ina dhlaoi mhullaigh ar fad, tá an ceadúnas atá anois ag scríbhneoirí paiteanta eile saol an lae inniu a léiriú sa teanga ársa seo go neamh-leithscéalach. Éiríonn leis an údar bailiú leis ó thír go tír, ó chathair go cathair, ó theach go hárasán, agus ó scéal go scéal as Gaeilge gan scraith a bhaint, bó a bhleán ná clocha a chomhaireamh ar phaidríní. Éacht nach beag agus cnuasach a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Tá athléamh déanta agam ar fhormhór na scéalta seo a dhéanann athléamh ar an saol agus is léir gur mithid dom anois fiach eile a dhéanamh ar ghearrscéalta Gaeilge na haoise seo.      

Fág freagra ar 'Léiríonn saothar nua Hijmans gur acmhainn don Ghaeilge saol an lae inniu a láimhseáil'