Léiríonn ionsaithe Martin ar Shinn Féin go bhfuil Fianna Fáil idir dhá thine Bhealtaine

Ní caint ghéarghlórach faoi Shinn Féin a thabharfaidh slán as an bhfaopach Fianna Fáil agus Micheál Martin

Léiríonn ionsaithe Martin ar Shinn Féin go bhfuil Fianna Fáil idir dhá thine Bhealtaine

An comhartha údaráis é ag Micheál Martin ordú dá chuid cúlbhinseoirí éirí as an gcaint faoi chomhrialtas a dhéanamh le Sinn Féin i ndiaidh an chéad olltoghcháin seo chugainn – nó an comhartha laige é?

Tá an oiread sin nimhe léirithe ag Martin do Shinn Féin gur dheacair a shamhlú nach bhfuil sé dáiríre faoina sheasamh láidir ina gcoinne – bíodh sé ag trácht ar eachtraí staire nó ar a bpolasaí eacnamaíochta.

Go deimhin, tráth go bhfuil deacrachtaí móra maidir le tithíocht agus an Breatimeacht ag an Rialtas, ní féidir le Martin a bhéal a oscailt gan a bheith ag caitheamh anuas ar Shinn Féin.

Creideann Martin agus lucht cheanncheathrú an pháirtí go gcuirfear an tacaíocht atá acu i measc na meánaicme i mbaol mura dtugann sé teachtaireacht shoiléir agus inchreidte uaidh nach ndéanfaí socrú le Sinn Féin.  Ach le tamall anuas, táthar ag cogarnach taobh istigh den pháirtí faoin straitéis seo.

I ndiaidh olltoghchán 2016, bhí dóchas ag an bpáirtí go mbeadh siad ag dul i neart agus go mbeadh siad in ann rialtas láidir daingean a chur le chéile faoi cheannaireacht Martin.

Ach tá stop leis an dul chun cinn le tamall, agus bíonn siad féin agus Fine Gael thuas seal thíos seal sna pobalbhreitheanna faoi láthair.  Is cosúla anois nach mbeadh mar thoradh ar thoghchán ach leagan eile den leagan amach atá anois ann: is é sin, rialtas de chuid Fhine Gael a bheadh ag brath go fóill ar thacaíocht Fhianna Fáil, nó rialtas de chuid Fhianna Fáil a bheadh ag brath ar thacaíocht Fhine Gael.

Anuas air sin, cibé téarnamh atá déanta ag Fianna Fáil go ginearálta, tá an leibhéal tacaíochta acu i measc na haicmí oibre íseal i gcónaí, go háirithe i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil go leor daoine den aicme sin ag diúltú vótáil, nó ag tacú le Sinn Féin nó na mionpháirtithe ar an eite chlé.

Ach b’fhéidir gurb é an t-ábhar buartha is mó do Martin ná go mbíonn Sinn Féin go han-láidir i measc daoine óga.  Má choinníonn siad tacaíocht na ndaoine óga sin nuair a thosóidh siad ag vótáil go rialta, seans gurb iad Fianna Fáil is mó a bheadh thíos leis.

Ar ndóigh dhiúltaigh Fianna Fáil dul isteach sa rialtas le Fine Gael mar pháirtnéir sóisearach mar nár theastaigh ó Martin ceannaireacht an fhreasúra a fhágáil faoi Shinn Féin, agus é den tuairim go lagódh a leithéid a pháirtí sa bhfadtéarma.

Ach cén fhad a bheidh polaiteoirí Fhianna Fáil sásta fanacht sa bhfásach gan a bheith sa rialtas? Agus cén fhad a ghlacfaidh gnáthbhaill Fhianna Fáil le comhoibriú lena namhaid traidisiúnta, Fine Gael?

Ní dóigh go mairfidh Martin mar cheannaire ar chor ar bith mura n-éiríonn leis an chéad áit a bhaint amach sa toghchán agus a bheith i gceannas ar rialtas ina dhiaidh sin.

Ach fiú dá mbeadh Fianna Fáil sa gcéad áit, an mbeadh Fine Gael sásta tacú leo gan a bheith sa rialtas iad féin in éineacht leo?

Dá gcuirfeadh Fine Gael cosa i dtaca mar sin, chuirfeadh sé brú marfach ar Fhianna Fáil, go háirithe faoin tuath.

Sin é an fáth go bhfuil roinnt daoine sinsearacha i bhFianna Fáil ag diúltú socrú le Sinn Féin a chur as an áireamh. Ní hé nach bhfuil a fhios acu cén dearcadh agus cén straitéis atá ag Mícheál Martin. Is amhlaidh nach bhfuil siad cinnte go n-éireoidh leis.

Cibé toradh a bheas ann, creideann siad go mbeidh Fianna Fáil thíos leis, agus creideann siad gur mó an seans a bheadh acu ar shocrú le Sinn Féin ná socrú le Fine Gael a dhíol le baill an pháirtí faoin tuath.

B’fhearr leis an bpáirtí ar fad ar ndóigh a bheith ar ais mar a bhíodh siad: iad féin gceannas ar shaol na polaitíochta ó dheas agus a chomhghleacaithe san SDLP i gceannas ar pholaitíocht an náisiúnachais ó thuaidh.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo agus níl aon dul siar ann.

Tá Martin ag iarraidh stop a chur leis an díospóireacht seo faoi roghanna a pháirtí, mar creideann sé go dtugann sé lón cogaidh d’Fhine Gael  agus an dá pháirtí sa tóir ar vóta na meánaicme. Sin atá taobh thiar den chaint shianach faoi chomhrialtas le Sinn Féin.

Ní thabharfar dúshlán Martin mar cheannaire roimh an olltoghchán, ach mura féidir leis dul ar ais i mbun rialtais ina dhiaidh, beidh a phort seinnte mar cheannaire ar Fhianna Fáil.

Cinnte, bheadh deacrachtaí i ndán don pháirtí cibé rogha a dhéanfaidís maidir le comhrialtas, ach tá an tuiscint sin féin ag cothú éiginnteachta maidir le straitéis na ceannaireachta díreach nuair atá an rialtas soghonta maidir le cúrsaí tithíochta, cúrsaí sóisialta agus eile – gan trácht ar an mBreatimeacht.

Agus ní caint ghéarghlórach a thabharfaidh slán as an bhfaopach Fianna Fáil.

Fág freagra ar 'Léiríonn ionsaithe Martin ar Shinn Féin go bhfuil Fianna Fáil idir dhá thine Bhealtaine'

  • Mánus

    Fan go mbeidh rialtas SFFF againn agus ansin tuigfidh an saol mór sa Deisceart céard is cur i gcéill faoin Ghaeilge ann. Feicfear an dá pháirtí “poblachtánach” ag leaanacht Sampla De Valera agus an Ghaeilge á úsáid acu mar shiombal oidhreachtúil seachas mar theanga bheo. Tá sé suntasach nár thóg FF aon seasamh fós ar son athbheochaint na Gaeilge agus iad mar dlúthpháirt de facto den chomhrialtais reatha.

  • Frainc

    Sinn Féin…..ba cheart iad a chur in aon leaba le Fianna Fáil. Bheadh SFFF ansin againn….. sonsof bitches~ an uile dhuine acu mar a déarfadh an Trump.