Léirímis meas mar is cóir ar an ‘oráiste’ sa trídhathach…

Ní féidir 100 bliain eile a chaitheamh gan an fhís d’Éirinn don Phrotastúnach, Caitliceach agus Easaontóir a fhíorú

Fogra 1916 strap

Irish Flag

Agus sinn i mbéal Chomóradh 100 bliain an Éirí Amach anois, is cóir, agus is práinneach, b’fhéidir, an cheist a chur: cad é an fhadhb nó an dúshlán is mó roimh an tír seo?

An easpa rialtais é, nó ganntanas tithíochta nó ganntanas dochtúirí?  Ní hea. Féadfar na fadhbanna sin uilig a réiteach go gasta ach na beartais chuí a chur i bhfeidhm.

Tá deacracht eile ann, áfach, nach ndearna, agus nach ndéanann an Stát nó an pobal ó dheas aon iarracht dul i ngleic léi. Is í an fhadhb sin ná a scartha is atá an Tuaisceart i gcoitinne, agus an pobal Protastúnach ach go háirithe, ón Phoblacht.

Is iomaí cúis atá leis sin.   Thiocfá a rá gur ar na Protastúnaigh féin an locht.  Nár thug siadsan cúl le hÉirinn chun bréagfhéiniúlacht Bhriotanach a tharraingt chucu féin?

Ní hamhlaidh a rinne, i bhfírinne.  Ní dual do lucht Preispitéireach na hAlban bheith ina ríogairí nó tús áite a thabhairt d’uasalaicme Londan. Ba pháistí Ceilteacha de chuid na hEagnaíochta iad, a léirigh a radacachas i gcónaí i Náisiún na nGael anseo.  Féach, mar shampla, ar an obair a rinne Máire Áine Nic Reachtain i dTeach na mBocht i mBéal Feirste, an líon mór ban a throid mar shufraigéidí agus líon na ndaoine a sheas an fód, ar nós George Irvine, mar cheardchumannaigh náisiúnacha.

Ba iad na Protastúnaigh a bhí ag tús cadhnaíochta an Phoblachtánachais féin agus a tháinig ar an gcoincheap do thír do ‘Phrotastúnaigh, Caitlicigh agus Easaontóirí araon’.

Mhair an fhealsúnacht sin ina gcroí go dtí blianta luatha an tSaorstáit.

Ba bheag an buíochas a d’fhaighidís go minic.  Gan ach dhá shampla a lua, rinneadh slad ar an bpobal Protastúnach i Loch Garman i ndiaidh 1798 agus i gCorcaigh agus i nGaillimh i ndiaidh Chogadh na Saoirse.

Ina theannta sin, rinneadh iarracht an ruaig a chur orthu as Conradh na Gaeilge nó, ar a laghad, tionchar s’acu a mhaolú.

Ar an drochuair, tugadh droim láimhe le coincheap na tíre ‘don Phrotastúnach, Caitliceach agus Easaontóir araon’.

Cuireadh Stát Caitliceach ar bun ó dheas (le dul leis an cheann Protastúnach ó Thuaidh).

Níl an oiread sin athraithe ó shin ach oiread.

Tá tromlach na scoileanna agus líon nach beag de na hotharlanna i lámha na hEaglaise Caitlicí i gcónaí.  Thugtaí deontas faoi choinne cultacha na chéad Chomaoineach. Tá Éire ar cheann de dhá thír ina gcraoltar ‘Clog an aingil’ ar an teilifís poiblí fós.

Anois, níl aon rud contráilte leis na rudaí seo iontu féin. Is maith ann scoileanna, tá deis mhachnaimh ag baint le clog an aingil agus tá na cultacha comaoineacha deas freisin.  Ach cruthaíonn na rudaí seo íomhá de thír ina bhfuil daoine scartha óna chéile agus tír ina bhfuil beannacht an Stáit ag dream amháin nach bhfuil ag an dream eile.

Ar ndóigh thiocfadh liom trácht ar Ne Temere chomh maith agus ar an gcreimeadh tubaisteach agus leanúnach a tháinig ar an bpobal Protastúnach ó dheas.  Ach fágaimis ar leataobh é sin agus caithimis súil ar a bhfuil romhainn amach.

Ní bhfuarthas easnamhach riamh na Protastúnaigh aimsir an Éirí Amach – ba mhór sa treis an uair sin Hobson, Childers agus George Irvine ó Fhear Manach gan trácht ar mhná ar nós Kathleen Lynn, Alice Stopford Green agus Mary Spring Rice.

Go fiú anois, d’ainneoin gach a ndúirt mé, is ann go fóill do Phrotastúnaigh náisiúnacha, phoblachtánacha agus Ghaelacha.

Céard a theastaíonn uathu a fheiceáil?  Ba mhaith leo go léireodh polaiteoirí agus daoine ó dheas go bhfuil tuiscint agus meas acu ar na luachanna is na buanna atá nó a bhí acu mar phobal, mar shampla an tiomantas agus eitic oibre a chabhraigh le tógáil na long is fearr ar domhan.  Scriosadh an caidreamh agus an oidhreacht sin nuair a dhíol siad a n-anam le Rialtas Shasana.

Ach níl an dá chuid den tír in ann forbairt cheart a dhéanamh ar an gheilleagar d’uireasa a chéile.  Tá drochbhail ar chúrsaí gnó sa dá áit (seachas i gcuid den Pháil, b’fhéidir).

Ní féidir 100 bliain eile a chaitheamh ar an dóigh seo.  Tá an t-ádh linn gur ar oileán atá muid.  Ní raibh sna sé chontae fichid riamh ach sceach i mbéal bearna.    

Impím ar cibé Taoiseach agus rialtas a thiocfas chun cumhachta dul i mbun cainte, ní le polaiteoirí an Tuaiscirt, nach dtiocfaidh aon athrú go deo na ndeor orthu, ach leis an chosmhuintir ó thuaidh. Téidís chun cainte leo ina hallaí pobail, ag imeachtaí spóirt agus siamsaíochta agus áit ar bith eile a mbíonn siad.  Díol leo an fhís atá bunaithe ar an saol mar atá, an fhís don tír ina bhfuil fáilte roimh Phrotastúnaigh, Chaitlicigh agus Easaontóirí araon. Cuir airgead isteach i scéimeanna a cheadódh do ghrúpaí pobail ó thuaidh seachtain a chaitheamh ag obair ar thograí sóisialta lena macasamhail ó dheas agus déanadh grúpaí pobail ó dheas an rud céanna.  Cuirimis aithne ar a chéile arís.

Glacfaidh sé am, ach ar deireadh fíorófar aisling Inis Fáil.

– Is láithreoir agus tuairisceoir í Máirín Hurndall le Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Tá clár á dhéanamh faoi láthair aici ar ‘Protastúnaigh agus an tÉirí Amach’. Is as teaghlach aontachtach in Oirthear Bhéal Feirste di agus ba cheardchumannach a hathair a rinne ionadaíocht ar oibrithe an longchlóis

Logo 1916 wide

Fág freagra ar 'Léirímis meas mar is cóir ar an ‘oráiste’ sa trídhathach…'