Léirigh criú an LÉ Samuel Beckett dúinn cad a d’fhéadfadh muid ar fad a bhaint amach…

Tá dea-shampla i gcéin tugtha ag na fórsaí cosanta dúinn uilig. Agus údar dóchais…

Léirigh criú an LÉ Samuel Beckett dúinn cad a d’fhéadfadh muid ar fad a bhaint amach…

Teip: ábhar a phléitear go minic sa cholún seo, agus i mórán colún eile a chuireann Tuairisc.ie i gcló. Chomh maith le hábhair ghaolmhara eile: cur i gcéill, doiléire,  éagumas, easaontas, eascairdeas, éiginnteacht, faillí, lagmhisneach, meatacht, mímhuinín, míthuiscint…  Tig leat féin cur leis an liosta, a léitheoir dhil.

Is annamh a fhágann polaiteoirí iriseoirí ar an ngannchuid. Ní mar a shíltear a bhítear (gabhaim mo leithscéal, ní féidir gach cliché a sheachaint i gcónaí), go háirithe má shíltear go bhfuil an léargas go maith.

“Má tá ciall agat,” a dúirt comhairleoir polaitiúil ón Lucht Oibre liom sna 1990í,  “ná bíodh aon mhuinín agat as an gcuma atá ar chúrsaí. Murar léir duit fadhb mhór éigin a bheith ann, bí cinnte go bhfuil ceann amháin ar a laghad ag borradh in áit éigin i ngan fhios duit.”

Ní cur chuige éifeachtach ach a mhalairt a bhíonn faoi chaibidil de ghnáth nuair a phléitear cúrsaí polaitíochta. Is cúis mhisnigh mar sin é go raibh scéal mór á phlé ó thús na seachtaine a bhaineann le mórghaisce agus le hardchumas.

Tá 15,000 duine sábháilte ag criúnna an chabhlaigh ó chuir an rialtas an chéad long Éireannach (an LÉ Eithne) go dtí an Mheánmhuir i mí na Bealtaine. anuraidh. Thug clár teilifíse, ‘The Crossing’ a craoladh Dé Luain (ar fáil anois ar www.rte.ie/player) léargas  ar an obair tharrthála atá á déanamh ag ár mairnéalaigh ó shin i leith*.

D’fhéadfaí ábhar an chláir agus na ceisteanna a spreag sé a phlé ar feadh i bhfad. An phríomhchúis: níltear in aon ghaobhar do chomhthuiscint idirnáisiúnta faoin dóigh ar chóir déileáil le mórghluaiseacht daoine bochta thar muir chun na hEorpa.

Ach tá criúnna an chabhlaigh ag déileáil le géarchéim níos práinní. Ní díospóireacht thomhaiste atá de dhíth ar imircigh a théann ar bord báid smuigléirí na Tuirce agus na Libia ach tarrtháil gan mhoill.

Bádh 4,742 imirceach sa Mheánmhuir ó thús na bliana go dtí an Luan, de réir an chuntais a d’fhoilsigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Imirce (www.iom.int) Dé Luain seo caite.

Thaispeáin an clár criú an LÉ Samuel Beckett i mbun tarrthála amach ó chósta Libia le dhá mhí anuas. Léirigh sé freisin gur contúirtí agus gur deacra a saothar ná mar a thugtar le fios i dtuairisc ghairid nuachta leithéid ‘Tharrtháil long Éireannach 226 teifeach sa Mheánmhuir tráthnóna.’

Tá ardmholadh agus buíochas tuillte ag an gcriú, agus ag a gcomrádaithe ar na longa Éireannacha eile a rinne an obair chéanna rompu. Is údar mórtais dúinn uilig go bhfuil gaisce chomh tábhachtach déanta ag Éireannaigh thar lear le bliain go leith.

B’fhéidir gur ábhar machnamh dúinn uilig é a saothar. Féach céard is féidir le hÉireannaigh a dhéanamh nuair a bhíonn a gcur chuige aontaithe agus éifeachtach. Gach duine ag tarraingt le chéile, an fearas agus an oiliúint chuí curtha ar fáil dóibh, dea-riar agus eagar ar a saothar, agus an beart á dhéanamh acu go foighneach, le comhthuiscint agus le mórchroí.

Ní hionann criú loinge agus pobal tíre ar ndóigh. Ach tá dea-shampla i gcéin, ar a laghad, tugtha ag na fórsaí cosanta dúinn uilig. Agus údar dóchais. 

Ní gá go mbeadh teip i ndán dúinn i gcónaí. Níl na drochthréithe a luadh ag tús an cholúin seo dosheachanta. Tá gaisce abhus ar ár gcumas. Ní theastaíonn ach ceannaireacht agus comhthoil.

* Is ar bord an LÉ Samuel Beckett a rinneadh an scannánaíocht i gcomhair ‘THE CROSSING’. Ba iad Seán Mac Giolla Phádraig agus Niamh O’Connor, a léirigh an clár, agus  ba í Niamh Kennedy an tuairisceoir.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland i láthair ar RTE Raidió a hAon.