Léine oscailte go himleacán agus medallion – botúin faisin na bhfear atá ag dul in aois

Caitheann ár gcomhfhreagraí súil ar chuid de na ‘peacaí marfacha’ sa rogha stíle a bhíonn ag fir nach bhfuil i mbláth na hóige a thuilleadh

Léine oscailte go himleacán agus medallion – botúin faisin na bhfear atá ag dul in aois

Bhí roinnt leidí againn anseo faoi chúrsaí stíle agus faisin an tseachtain seo caite do mhná atá ag dul amach sna blianta ach gur mian leo fanacht in aois na hóige.

Ach céard faoi na fir?

Rith sé liom go bhfuil fir ann a dhéanann dearmad agus iad ag dul in aois nach bhfeileann an t-éadach a chaithidís blianta ó shin dóibh a thuilleadh agus go dtagann an t-am go bhfuil orthu slán a fhágáil le faisean agus stíl na hóige le nach mbeidh cuma áiféiseach orthu. 

‘Mutton dressed as lamb’ a thugtar go tarcaisneach ar mhná nach ngéilleann don smaoineamh sin, ach ní i measc na mban amháin a bhíonn an fhadhb, faraor.  

Cén sórt feistis is ceart don fhear nach bhfuil i mbláth na hóige a thuilleadh a chaitheamh le nach mbeidh aoibh gháire ar dhaoine ag breathnú air? 

Useless_attempt_to_pull_up_pants_friends_aviTosaímis leis na treabhsair; níl locht ar bith ar jíons ach seachain flares agus boot-cut. Ní éadach d’fhir fásta ach an oiread iad na skinny jeans nó cinn atá stróicthe. Jíons dorcha is fearr agus ar chraiceann do chluaise seachain cinn gheala bána! Cinnte níor cheart aon treabhsar atá rófháiscthe a chaitheamh agus baineann an riail chéanna le t-léinte nó aon éadach eile. Tá bríste seicear go breá – ar an machaire gailf. Ach in ainm Dé, ná caith in aon áit eile iad. Má chaitheann tú bríste gearr ná bídís ró-ghearr!  Agus maidir le treabhsair leathair? Ag magadh atá tú! Chonaic muid ar fad an t-eagrán de Friends nuair a thriail Ross treabhsar fáiscthe leathair a chur air féin. 

Peaca marfach é do dhuine atá ag dul anonn sna blianta (agus do neart ógánach freisin) deinim dúbailte a chaitheamh, jíons agus léine dheinim le chéile. Is corrdhuine atá in ann don stíl sin; bí cúramach, bí an-chúramach! Tá an scéal céanna fíor faoi hoodies – iad go breá ar ógánaigh ach ní hé gach fear a bhfuil an dá scór slánaithe aige ar féidir leis iad a chaitheamh gan súile an amhrais a tharraingt air féin. 

Maidir le léinte, bíonn dearadh agus dathanna nua ag na dearthóirí faisin gach bliain. An léine sin le Tommy Hilfiger nó Ralph Lauren a bhí sa bhfaisean nuair a cheannaigh tú í ceithre bliana ó shin – níl sí sa bhfaisean inniu! Ábhar grinn í an léine atá oscailte go himleacán – coinnigh chugat féin an fionnadh sin ar do bhrollach. Agus an medallion sin thart ar do mhuineál: Really?

Tá culaith nó seaicéad bréidín go hálainn ar an Uachtarán Ó hUiginn ach ní gá go bhfeilfeadh sí do chuile dhuine. Go deimhin, tá daoine ann gur gá dóibh an stíl sin a sheachaint go deo.  Bain triail as go cinnte go bhfeicfidh tú, ach glac comhairle sula bhfágann tú an siopa agus ceann ceannaithe agat.

Cé nár cheart gur ghá é a lua mar go bhfuil sé chomh bunúsach sin, ní féidir stocaí bána a chaitheamh le bróga dubha. Go deimhin níor cheart stocaí bána a chaitheamh ar ór an tsaoil. Agus maidir le stocaí le cuaráin? No way! Ach tá fir ann a dhéanann é. Ba cheart bróga cearta a chaitheamh le culaith i gcónaí – ní feisteas í an chulaith ar féidir bróga aclaíochta nó spóirt, cuaráin nó fiú converse a chaitheamh léi.  

Cé nár cheart gur ghá é a lua mar go bhfuil sé chomh bunúsach sin, ní féidir stocaí bána a chaitheamh le bróga dubha
Cé nár cheart gur ghá é a lua mar go bhfuil sé chomh bunúsach sin, ní féidir stocaí bána a chaitheamh le bróga dubha

Ba cheart athrú radacach – ar nós féasóg nó croiméal a fhás den chéad uair – a sheachaint agus tú ag dul anonn sna blianta; comhartha chomh cinnte é sin do ghéarchéim na meánaoise agus a bheadh i gcarr spóirt dearg a cheannach. Is ceart gruaig atá rófhada a sheachaint freisin agus ná labhraímis ar ponytail, man-bun, nó mullet. Gruaig a ghearrtar go rialta agus atá deas néata a theastaíonn. Níor cheart go mbeadh féasóg leicinn nó locaí rófhada nó ró-leathan ort agus níor cheart riamh go mbeidís níos faide ná bun na gcluas. Níor cheart géilleadh do dhathú gruaige róláidir nó d’fholt bréige go deo agus maidir leis an comb-over, níl ach focal amháin air – Yuuuuch! 

bobby charlton

Is maith le daoine beagán de dhath na gréine a bheith orthu ach ní hionann sin agus an dath bréige láidir a fhaightear ó leaba ghréine. Tá fiacla glana, geala go deas ach seachain róghealú a bheith déanta orthu. I ndeireadh an lae, níl tú ag iarraidh a beith cosúil le Donald Trump.

Má chaitheann tú spéaclaí níor cheart cloí leis an stíl a bhí agat agus a bhí sa bhfaisean scór bliain ó shin. Glac comhairle ó shaineolaí agus bí stuama le do rogha.

Má sheachnaíonn tú na botúin choitianta seo ní gá go mbeifeá i do réalta faisin ach ar a laghad ní bheidh tú i d’ábhar grinn ag daoine a cheapann go bhfuil tú go díchéillí fós sa tóir ar bhlianta na hóige. 

Fág freagra ar 'Léine oscailte go himleacán agus medallion – botúin faisin na bhfear atá ag dul in aois'