Leathshúil ag na Cúigí ar Chorn na gCuradh

Beidh an bua ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan sa PRO 12 ach b’fhearr leo tástáil níos crua roimh bhabhtaí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh. Idir an dá linn, tá cluiche an-tábhachtach ag na Connachtaigh amárach

Leathshúil ag na Cúigí ar Chorn na gCuradh

Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá comórtas an Pro 12 ar ais arís, agus Babhta 18 a bheas á imirt an deireadh seachtaine seo. Cé go bhfuil géarghá scíth a thabhairt do go leor de na himreoirí idirnáisiúnta a d’imir sa gcomórtas Sé Náisiún, is cinnte go mbeidh foirne bainistíochta Chúigí Laighean agus na Mumhan ag déanamh achainí ar an IRFU cead imeartha a thabhairt do chuid mhaith de na himreoirí idirnáisiúnta i gcluiche Pro 12 an deireadh seachtaine seo.

Is fiú a mheabhrú nach ar mhaithe le toradh dearfach i mBabhta 18 den Pro 12 atá na himreoirí seo ag teastáil ó na cúigí ach mar gurb é an cluiche seo an t-aon chluiche amháin atá ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan le hullmhú do chluichí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh, cluichí a bheas á n-imirt faoi cheann seachtaine. Seans go mbeidh an IRFU sásta cúpla eisceacht a dhéanamh ach ní dóigh go mbeidh fáil ag an dá chúige ar a gcéad rogha imreoirí an deireadh seachtaine seo.

Is iad na hUltaigh, foireann atá sa cheathrú háit ar thábla an Pro 12, an chéad fhoireann Éireannach a bheas ag cur chun páirce tráthnóna agus iad ag imirt as baile sa mBreatain Bheag mar a thabharfaidh siad aghaidh ar na Dragons, foireann atá sa 10ú háit agus gan mórán suime acu sa gcomórtas anois dá bharr. Beidh iontas orm mura mbeidh na hUltaigh in ann an lá a thabhairt leo agus na pointí bónais a fháil freisin.

Beidh na Muimhnigh (tríú háit) as baile ar an Satharn, agus iadsan san Iodáil i gcoinne Zebre (11ú háit). Beidh bua le pointe bónais gan stró ag na cuairteoirí ach ní dóigh gur leor é an cluiche seo mar réiteach don chluiche ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh i gcoinne Toulouse, cluiche a bheas á imirt faoi cheann seachtaine.

Tá na Laighnigh (barr an tábla) sa mbád céanna, cé go bhfuil sé de bhuntáiste acu a bheith ag imirt san RDS i gcoinne Caerdydd (8ú háit). Ba cheart go mbeadh na Laighnigh róláidir agus iad sa mbaile i gcoinne fhoireann na Breataine Bige ach tá mise cinnte gurbh fhearr le Leo Cullen dá mbeadh tástáil cheart chrua á cur orthu roimh chuairt Wasps ar an Aviva faoi cheann seachtaine.

Is cinnte gur roimh Chonnachta atá an tástáil is mó an Satharn seo. Tá siad as baile ag imirt i gcoinne Ghlaschú i Staid Scotstoun. Cluiche é seo idir na foirne atá sa séú háit (Glaschú) agus sa seachtú háit (Connachta) ar thábla an Pro 12. Seacht bpointe atá idir na foirne faoi láthair ach ní hé sin amháin a bheas ag cur leis an teannas eatarthu. Tá an séú háit nó níos airde ar an tábla an-tábhachtach go deo mar sprioc ag chuile fhoireann más leo imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Tá a fhios ag Pat Lam go bhfuil sé tábhachtach pointí de chineál éigin – fiú pointe bónais cailliúna, a aimsiú. Is fiú a mheabhrú gur thug Glaschú greadadh uafásach, 41-5, do na Connachtaigh nuair a d’imir siad a chéile ar an mBóthar Beag i mBabhta 1 den chomórtas seo.

Tá feabhas mór tagtha ar fhoireann Pat Lam ó shin ach cé go mbeidh cluiche an-chrua ann an babhta seo táimse den tuairim go dtabharfaidh fir an bhaile an lá leo.

Fág freagra ar 'Leathshúil ag na Cúigí ar Chorn na gCuradh'