Leath na bpostanna ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaillimh i gceantar Chois Fharraige – figiúirí nua

Tá beagnach an oiread céanna daoine fostaithe i dtionscail de chuid an Údaráis sna ceantair laga Gaeltachta gar de chathair na Gaillimhe agus atá sa stráice mór den Ghaeltacht idir an Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin agus Carna

Leath na bpostanna ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaillimh i gceantar Chois Fharraige – figiúirí nua

Tá léargas le fáil i bhfigiúirí nua faoi dháileadh tíreolaíochta na bpostanna i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i gContae na Gaillimhe.

De réir na bhfigiúirí atá feicthe ag Tuairisc.ie, as an 2,819 duine atá fostaithe go lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Gaillimhe tá os cionn a leath acu, 1,443 duine (51%), ag obair i gceantar Chois Fharraige.

Tá 561 duine (20%) fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis sna ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh na teanga de, ceantair atá gar de chathair na Gaillimhe: an tEachréidh, Bearna/Cnoc na Cathrach, Maigh Cuilinn agus oirthear na cathrach.

Os a choinne sin, níl ach thart ar dhuine amháin as gach deichniúr, nó 316 duine (11%), fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i gCeantar na nOileán agus na Ceathrún Rua le chéile, dhá cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Tá na figiúirí fostaíochta níos isle fós i gcás an cheantair ar a dtugtar Conamara Láir – ceantair Chamais, Ros Muc, Chill Chiaráin agus Charna – áit a bhfuil 252 duine (9%) ar fad fostaithe go lánaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás.

Dáileadh na fostaíochta ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe

Tá 171 duine (6%) fostaithe i nDúiche Sheoigheach/Tuar Mhic Éadaigh agus 76 duine (3%) atá fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ar Oileáin Árann.

Tá beagnach an oiread céanna daoine fostaithe i dtionscail de chuid an Údaráis sna ceantair is gaire de chathair na Gaillimhe (561 duine) agus atá sa stráice mór den Ghaeltacht idir an Cheathrú Rua, na hOileáin, Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin agus Carna (568 duine).

Léiríonn na figiúirí freisin go bhfuil 188 duine ag obair go páirtaimseartha agus 130 duine ag obair go séasúrach i dtionscail a fhaigheann tacaíocht ón Údarás i gContae na Gaillimhe.

Is i gCois Fharraige is mó atá daoine fostaithe go páirtaimseartha agus 62 duine (33%) fostaithe sa cheantar sin. I gceantair na nOileán agus na Ceathrún Rua is mó atá daoine fostaithe go séasúrach agus 73 duine (56%) duine fostaithe ar an mbonn sin sa dá cheantar sin.

Fág freagra ar 'Leath na bpostanna ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaillimh i gceantar Chois Fharraige – figiúirí nua'