Leasú na Sraithe Sóisearaí: cárta poist oideachais ón Danmhairg

Cabhróidh leasú na sraithe sóisearaí le leanúnachas níos fearr a chothú ach is iomaí bealach le cat a mharú agus tá cur chuige spéisiúil i bhfeidhm i dtíortha eile chun tabhairt faoi cheisteanna nár mhiste d'Éirinn féachaint orthu, a deir an Dr Cathal de Paor

 Jan O'Sullivan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Is mó cur is cúiteamh atá déanta ó tháinig na moltaí ar leasú na Sraithe Sóisearaí amach den chéad uair i 2011. Ábhar mór díospóireachta idir na páirtithe leasmhara a bhí sna moltaí ar an measúnú go háirithe. Chuir an díospóireacht sin moill ar an dul chun cinn.

I mBealtaine 2015 a tháinig an leagan is déanaí amach, agus é bunaithe ar na cúig phrionsabal seo a leanas: raon leathan foghlama a aithint; ról an scrúdaithe ceann cúrsa a laghdú; tábhacht an mheasúnaithe ranga a mhéadú; comhoibriú gairmiúil idir múinteoirí a mhéadú; léiriú níos leithne a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóiri agus daltaí ar an bhfoghlaim.

Tá glactha leis an leagan leasaithe seo ag baill an TUI ó shin, ach tá ballraíocht an ASTI fós ag cur ina choinne, agus ordú tugtha dá bhaill gan páirt a ghlacadh san fhorbairt ghairmiúil atá eagraithe. Ciallaíonn sé sin go mbeidh scoileanna sa tír ina mbeidh Sraith Shóisearach nua á cur i bhfeidhm, agus scoileanna eile ina mbeidh an tSraith Shóisearach mar atá sé, fós ar siúl. Beidh gá le réiteach éigin air seo sara i bhfad.

An scolaíocht éigeantach

Ach má sheasaimid siar, is léir go n-ardaíonn leasú na sraithe sóisearaí ceist bhunúsach faoi eagrú na scolaíochta sa tír seo, is é sin, an deighilt atá ann idir an bunoideachas agus an meánoideachas íochtarach.

Faoi láthair in Éirinn, leanann an scolaíocht éigeantach ó sé bliana suas go dtí sé bliana déag agus bíonn an tSraith Shóisearach críochnaithe ag formhór na bpáistí ag an aois sin. Fágann sin go bhfeidhmíonn an Teastas Sóisearach mar bhreithiúnas ar a bhfuil bainte amach ag an bpáiste ag deireadh na scolaíochta éigeantaí.

Tá an scolaíocht sin roinnte ina dhá chuid, agus í ar fáil ar dhá láthair scartha; ocht mbliana sa bhunscoil agus trí bliana sa mheánscoil (íochtarach).

Ach is mór an dúshlán do mhórán páistí é an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil, mar a thaispeántar sa tionscnamh taighde, Moving Up, a rinne an NCCA. Is í an cheist a eascraíonn as seo, mar sin, ná conas is fearr an bunoideachas agus oideachas na meánscoile íochtaraí a chur i dtiúin níos fearr lena chéile.

Gan amhras, cabhróidh leasú na sraithe sóisearaí le leanúnachas níos fearr a chothú agus fealsúnacht foghlama amháin don scolaíocht éigeantach ina hiomláine a fhorbairt. Ach is iomaí bealach le cat a mharú agus tá cur chuige spéisiúil in áiteanna eile chun tabhairt faoin gceist seo.

Uaireanta, bíonn sé de nós againn féachaint ar a bhfuil ar siúl sa bhFhionlainn agus ceisteanna oideachais den tsórt seo á bplé againn in Éirinn. Glactar leis go bhfuil córas oideachais den scoth ar fáil sa tír sin, agus gur fiú féachaint an treo sin chun cabhrú linn an cinneadh ceart a dhéanamh.

Ní hionann sin is a rá gur gá cóipeáil díhreach a dhéanamh ar pé cleachtas atá thall, ach is féidir féachaint air agus foghlaim uaidh mar sin féin. I gcás na scolaíochta éigeantaí, tá sé le tabhairt faoi ndeara go bhfuil difríochtaí bunúsacha ann idir an dá thír. Go deimhin féin, tá móran tíortha eile i gCríoch Lochlann, agus tíortha in oirdheisceart na hEorpa chomh maith, a bhfuil an cur chuige céanna acu, a bheag nó a mhór, maidir le heagrú na scolaíochta éigeantaí.

Sna tíortha sin, caitear leis an oideachas bunúsach mar bhloc amháin, seachas é a bheith scartha ina dhá chuid. An bhféadfaimis ceacht a fhoghlaim ón gcóras comhtháite sin? Chun an cheist seo a chíoradh beagán, agus gan dul chomh fada ó bhaile leis an bhFionlainn, tugaimis cuairt ar an Danmhairg – agus cuirimis abhaile cárta poist oideachais ón gcuid sin den domhan.

Sampla na Danmhairge

Ar aon dul le cás na hÉireann, leanann an t-oideachas éigeantach sa Danmhairg ó sé bliana d’aois go sé bliana déag. Ach, is sa folkeskole chéanna a chuirtear an t-oideachas seo ar fáil ó thús deireadh, mar chuid de chóras a bunaíodh i bhfad siar i 1814. Is é an múinteoir céanna a bhíonn ag grúpa páistí de ghnáth le linn na scolaíochta ar fad. Múineann sé/sí furmhór na n-ábhar ag an dtús, agus de réir a chéile, i dtreo dheireadh na scolaíochta tugtar múineann múinteoirí eile roinnt ábhar a bhfuil siad oilte iontu.

Agus feidhmíonn na múinteoirí sin mar mhúinteoirí ranga do ghrupaí eile páistí. Tá ról lárnach ag an múinteoir ranga i bhforbairt ghinearálta an pháiste, mar shampla, forbairt shóisialta, meastóireacht, agus teangmháil baile-scoile. Cabhraíonn sé seo le leanúnachas sa taithí foghlama agus le comhoibriú i measc na múinteoirí.

Maidir le hoiliúint mhúinteora, ó 1998, bhí gach múinteoir oilte chun ceithre ábhar a mhúineadh ag gach leibhéal den folkeskole (sé go sé bliana déag), ach ó 2007 i leith, chomh maith le bheith ábalta dhá nó trí cinn d’ábhar a mhúineadh, tá gach múinteoir oilte anois chun an mhatamaitic agus Danmhargais a mhúineadh do cheann amháin ar a laghad den dá ghrúpa seo, Grád 1 go Grád 6, nó Grád 5 go Grád 10. Ar an meán, thart ar 350 is ea an líon páistí sa folkeskole. Tá earnáil neamhspleách (frieskoler) ann chomh maith, le thart ar 15% den daonra scoile.

Córas atá iomlán difriúil mar sin atá i gceist sa Danmhairg a bhfuil cuma radacach air b’fhéidir, i gcomparáid lenár gcóras féin. Ach dealraíonn sé gur mó an bhéim atá ar gcomhtháthú agus an leanúnachas na laethanta seo na riamh. Tá sé le tabhairt faoi ndeara, go fiú, taobh amuigh den Danmhairg agus na tíortha eile ina bhfuil an scolaíocht éigeantach chomhtháite le fáil iontu, go bhfuil claonadh le sonrú in áiteanna eile, an scolaíocht éigeantach a shamhlú mar bhloc ann féin.

Sa Fhrainc, mar shampla, leagann an socle commun síos na cumais atá le forbairt ag gach páiste sa tír i gcaitheamh an oideachais éigeantaigh, ó sé go sé bliana déag, fiú más dhá earnáil scartha atá ann, école primaire agus collège. Agus, ar aon dul le Leasú na Sraithe Sóisearaí seo againne, tá leasú ar siúl ag rialtas Hollande faoi láthair sa tír sin ar an meánscolaíocht íochtarach (collège). Más fíor gurb iad na moltaí ar an measúnú is mó a chothaigh cur ina choinne sa tír seo, is amhlaidh gurb iad na moltaí ar an idirdhisciplíneachas (comhthathú idir na hábhair) is mó atá mar chnámh spairne i measc na gceardchumann francach, leasú a threiseodh na cosúlachtaí leis an gcuraclam bunscoile.

Conclúid

Tháinig an bunoideachas agus an t-iarbhunoideachas ar an bhfód i ré faoi leith i stair na tíre seo. Taispeánann an cárta poist oideachais ón Danmhairg go bhfuil malairt slí ann chun tabhairt faoin eagrú scolaíochta. Cinnte, is mo difríochtaí atá ann idir Éire agus an Danmhairg – fiu má bhí ról nach beag ag na lochlannaigh i bhforbairt na tíre seo anallód!

Agus níl sé le tuiscint uaidh seo go mbeadh aon chiall le haithris a dhéanamh ar aon chleachtas ó ait eile, gan an cheist a scrúdú go mion. Ach is féidir a áiteamh go mbeadh ciall éigin leis an sórt seo córais ón dtaobh thall a chur san áireamh agus ár leasú féin á mheas.

 

Is Stiúrthóir ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach i gColáiste Mhuire Gan Smál é an Dr Cathal de Paor