Léargas eile ar scéal tragóideach Sophie Toscan du Plantier

Bhí meitheal The du Plantier Case ar a gcroí díchill ag iarraidh a gceart a thabhairt don dá dhream sa scéal tragóideach seo

Léargas eile ar scéal tragóideach Sophie Toscan du Plantier

Bhí an oiread sin cora agus castaíochta i gcás dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier gur ar éigean go raibh an clár faisnéise uair an chloig The du Plantier Case (RTÉ 1, Dé Luain) in ann a cheart a thabhairt do gach cuid de. An dúnmharú féin, an fiosrúchán ciotach a lean é, na cásanna cúirte, na finnéithe, na líomhaintí, na ceisteanna faoi iompar na nGardaí, fearg na bhFrancach agus muintir du Plantier fós ag fanacht ar chothrom na Féinne.

Ba léir go raibh meitheal an chláir, le Philip Boucher-Hayes ar thosach cadhnaíochta, ar a gcroí díchill ag iarraidh a gceart a thabhairt don dá dhream sa scéal tragóideach seo; muintir Sophie agus an té a bhfuil/a raibh amhras faoi ón tús, Ian Bailey.

D’éirigh le Boucher-Hayes agallaimh chuimsitheacha a fháil le Bailey agus le mac Sophie, Pierre-Louis-Baudey-Vingnaud. Mar nach raibh aon eolas breise tagtha chun cinn ba é ionchur na beirte croí an chláir. 

Deineadh tráchtaireacht Boucher-Hayes a shníomh le hábhar cartlainne leis an iliomad sonraí a chur os ár gcomhair. Bhí tráthúlacht ag baint leis an gclár chomh maith óir gur chinn an Ard-Chúirt Dé Luain diúltú d’iarratas na Fraince Bailey a eiseachadadh. Go deimhin tagraíodh don chinneadh sin sa chlár.

Thosaigh an clár le seatanna aeir de thigh Sophie in iarthar Chorcaí. Tá pictiúr den tigh greanta i scioból samhlaíochta an phobail óir tá sé taispeánta an oiread sin babhtaí ó 1996 i leith. Labhair mac Sophie, Pierre, ar an ngrá a bhí aici d’Éirinn agus an tslí gur ardaigh sí a leaba le go bhféadfadh radharc a bheith aici ar an gCarraig Aonair óna seomra codlata.

Ina dhiaidh sin bhí an clár roinnte ina dhá chuid ar shlí. An chéad chuid gafa leis an dúnmharú agus an fiosrúchán a lean. Léiríodh conas mar a tharraing Bailey amhras air féin. Labhair an Sasanach go tomhaiste, deisbhéalach i rith an ama agus spior spear á dhéanamh aige de na líomhaintí/ráitis éagsúla a caitheadh chuige.

Agus é ag trácht ar an tslí gurbh é marú turcaithe ba chúis leis an scríob a bhí ar a éadan, thugas suntas don leisce a bhí air an focal ‘marú’ a úsáid agus gur thit sé go liobarnach isteach sa nath  ‘do the turkeys in’. Bíodh sin mar a bhí, chruthaigh sé go maith cé gur baineadh barrthuisle mór as nuair a tosaíodh ag trácht ar fhoréigean baile agus na trí ionsaí fíochmhar a dhein sé ar a pháirtí.

Sa dara cuid den chlár d’éisteamar le muintir Sophie atá fós ag tóraíocht na fírinne agus an chirt breis agus fiche bliain tar éis a dúnmharaithe. Is léir go bhfuil a mac agus a tuismitheoirí fós croíbhriste. Baineadh siar asam nuair a dúirt Pierre go dtugann sé, a bhean, agus a mbeirt chlainne (duine acu darb ainm Sophie) turas ar Iarthar Chorcaí i gcónaí agus go bhfanann siad sa tigh céanna. Labhair sé go ceanúil ar an nasc atá aige leis an tír.

D’fhéadfaí clár as féin a bhaint as imeachtaí na cúirte ar fad agus achrann an eiseachadta. 

Is é críoch agus deireadh na mbeart ná go rabhas chomh dall ar an bhfírinne ag deireadh an chláir agus a bhíos ag an dtús.

Drochsheans, faraor, go dtiocfar ar an bhfírinne go deo.

Fág freagra ar 'Léargas eile ar scéal tragóideach Sophie Toscan du Plantier'