Léargas ar shaol David Drumm sa Donald W. Wyatt Centre

Tá rialacha diana i bhfeidhm maidir le gach gné den saol in Ionad Coinneála Donald W. Wyatt, mar a léirítear sa lámhleabhar a chuireann an t-ionad ar fáil dóibh siúd atá á gcoinneáil ann

David Drumm

Tá léargas ar an saol atá á chaitheamh ag David Drumm sa Donald W. Wyatt Centre i Massachusetts le coicís anuas ar fáil i lámhleabhar a chuireann an t-ionad ar fáil dóibh siúd atá á gcoinneáil ann.

Ionad coinneála cuasaphoiblí, neamhbhrabúis is ea an t-ionad, atá in úsáid ag Seirbhís Maor Stáit Aontaithe Mheiriceá ó bunaíodh é i 1993.

Tá rialacha diana maidir le cúrsaí airgid i bhfeidhm san ionad ina bhfuil Iar-Phríomhfheidhmeannach Anglo Irish Bank á choinneáil. Tá cosc ar airgead tirim san ionad ach is féidir le príosúnaithe earraí áirithe a cheannach, an fhaid is atá dóthain airgid ina gcuntas. Uasmhéid €80 sa tseachtain a cheadaítear a chaitheamh ar an mbonn sin.

Níl aon chead ag na daoine atá á gcoinneáil ann iasachtaí d’aon sórt a thabhairt dá chéile ná plé a bheith acu le cearrbhachas.

Léiritear sa lámhleabhar go bhfuil rialacha diana i bhfeidhm maidir le gach gné den saol san ionad, mar a ndéantar na daoine atá á gcoinneáil ann a chomhaireamh ceithre huaire in aghaidh an lae.

Bíonn an chéad chomhaireamh ann ag 3 am agus an dara ceann ag 7 am. I ndiaidh an dara comhaireamh, bíonn ar an té atá á choinneáil a chillín a ghlanadh ó bhun go barr go mbeidh sé ullamh chun iniúchta gach maidin ag 9.00 am.

Suanlios, cillín do bheirt nó cillín do cheathrar na cineálacha seomraí ina gcoimeádtar príosúnaithe.

Is féidir cuardach a dhéanamh ar phríosúnaithe nó ar a gcillíní ag aon am. Déantar amhlaidh sna leithris freisin.

Tá cosc ar chaitheamh tobac san ionad agus ní cheadaítear eascainí. Tugtar éadaí do phríosúnaithe tar éis dóibh a bheith cláraithe agus tá rialacha diana ann mar gheall ar chaitheamh na n-éadach sin, cé go bhfuil cead acu siúd atá á gcoinneáil triopall éadaí amháin dá gcuid féin a bheith acu.

Tá cosc san ionad ar aon ghnó a dhéanamh ann, ar earraí a dhíol nó ar iasachtaí a thabhairt do dhaoine eile atá á gcoinneáil ann.

I measc na mbuíonta a deirtear a bhfuil cosc orthu a bheith i mbun gnímh san ionad, tá na Latin Kings, Hells Angels, Pagans, an Aryan Brotherhood agus na Banditos.

Tá pionóis éagsúla i gceist do shárú na rialacha agus is féidir pionós a chur ar dhuine as gan seasamh agus comhaireamh á dhéanamh nó as guthán a úsáid gan chead.

Tá gach duine freagrach as a chillín féin agus bronntar marcanna ar dhaoine de réir a ghlaine atá gach rud sa chillín acu, ina measc na fuinneoga, an gaothaire, an leaba, na seilfeanna, an doirteal, an leithreas agus an t-urlár.

75% an marc a theastaíonn ó dhuine le go bpasfálfadh sé an scrúdú seo agus tugtar cead do phríosúnaithe a n-éiríonn leo féachaint ar chluiche peile an Luain tar éis comhaireamh a bheith déanta orthu ag 10.30pm.

Is ionann pas agus gach ceann de na nithe thuas – ach péire – a bheith glan. Ní thugtar cead do dhaoine a dteipeann orthu breathnú ar chluiche peile an tráthnóna sin.

Gearrtar pionós ar phriosúnaithe a dteipeann orthu go rialta. Má theipeann orthu dhá sheachtain as a chéile, coimeádtar ina gcillíní iad ar feadh 24 uair a’ chloig agus ní ligtear amach iad chun féachaint ar chluiche an Luain.

Má theipeann orthu trí seachtaine as a chéile, coimeádtar ina gcillíní iad ar feadh 48 uair a’ chloig agus ní ligtear amach iad chun féachaint ar chluiche an Luain. Má bhíonn níos mó ná trí seachtaine i gceist, cuirfear smacht orthu.

Níl cead ag an té atá á choinneáil sa Donald W. Wyatt Centre ach dhá leabhar agus dhá iris/nuachtán sa turas a bheith aige.

Tá David Drumm á choinneáil sa Donald W. Wyatt Cenre ón uair a gabhadh é coicís ó shin. Tá iarrtha ag an Stát seo ar údaráis Mheiriceá Drumm a chur abhaile chun go bhféadfaí é a chur ar a thriail i gcúirteanna na tíre seo maidir le 33 cúis atá curtha ina leith a bhaineann le mí-iompar airgeadais le linn a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach Anglo Irish Bank.

Déanfar cinneadh sa chúirt Dé Luain seo chugainn faoi cé acu an ligfear nó nach ligfear Drumm faoi bhannaí.

Fág freagra ar 'Léargas ar shaol David Drumm sa Donald W. Wyatt Centre'