Léargas agus greann bainte as cruinniú idir an tUachtarán agus An Rí

LÉIRMHEAS SCANNÁN: Táirge é ‘Elvis and Nixon’ a thugann léargas ar charachtair thruacánta agus atá an-ghreannmhar ar uairibh

film_04202016_scherstuhl_nixonelvis_amazon_studios

Elvis and Nixon

Stiúrthóir: Liza Johnson

Cliar: Michael Shannon, Kevin Spacey, Alex Pettyfer, Johnny Knoxville, Colin Hanks, Evan Peters, Tate Donovan

Thar na blianta tá na mílte iarratas curtha chuig an gCartlann Náisiúnta i Meiriceá le macasamhla de phictiúir/cháipéisí difriúla d’fháil. ’Sé an pictiúr d’Elvis Presley agus Richard Nixon, áfach is mó a bhfuil tóir air, an Bill of Rights agus an Bunreacht féin ag sodar ina dhiaidh aniar.

Toisc nár thosaigh Nixon ag taifeadadh comhráite agus cruinnithe na hoifige ubhchruthaí go dtí 1971, níl aon tuairisc againn ar cad go díreach a dúradh ag an gcruinniú sin i mí na Nollag 1970.

Is cinnte gur ait an feic é; polaiteoir cumasach, sleamhain, a d’éirigh as oifig i 1974 is é náirithe, taobh leis an siamsóir is cáiliúla riamh a cailleadh go tubaisteach seacht mbliana ina dhiaidh sin.  Ní hábhar scannán go dtí é.

Déantar an cruinniú sin, mar aon leis na  heachtraí/comhráite roimhe sin a shamhlú. Déantar Elvis a chur os ár gcomhair mar dhuine míshocair, suaite atá scoite ón saol agus gafa le gunnaí. Uaireanta taibhsíodh dom gur dul amú é a bhí leath as a mheabhair.

Ar an gcéad luí súl tá sé caite ar an gcúits ag féachaint ar an trí theilifís atá os a chomhair amach in ‘Graceland’. Nuair a chuireann drochscéalta na nuachta pip air caitheann sé urchar leis an scáileán. ’Siad na scéalta nuachta céanna a spreagann chun gnímh é. Scríobhann sé litir sé leathanach chuig an Uachtarán á rá go bhfuil an tír in umar na haimléise, de bharr drugaí, na cumannaigh srl, agus go bhfuil sé féin ag iarraidh a chion féin a dhéanamh.

Teastaíonn uaidh go mbronnfaí an gradam ‘Federal Agent At Large’ air le gur féidir leis dul i mbun gnímh.

Carachtar truacánta seachas mealltach, corraithe seachas gnaíúil a chuireann Michael Shannon os ár gcomhair agus tá an comhrá leis féin faoina leathchúpla dearthár a cailleadh an-mhothálach agus an-chumasach.

Bhí cáil dhomhanda ar Presley ag an am agus nuair a dhéanann sé an litir a thabhairt chuig an Teach Bán é féin bhí cad é fothragadh ann. Ar deireadh thiar éiríonn le giollaí an Uachtaráin, Egil ‘Bud’ Krogh (Hanks) agus Dwight Chapin (Peters) mar aon le cara Elvis, Jerry Schilling (Pettyfer) cruinniú a shocrú.

Beirt charachtar gheanúla, saonta iad iad Krogh agus Chapin agus dúradh linn ag deireadh an scannáin gur chaith an bheirt acu tréimhsí i bpríosún mar gheall ar an mbaint a bhí acu le cúbláil ‘Watergate’.

Ba chinneadh dúshlánach, cróga é Kevin Spacey a earcú le tabhairt faoi ról Nixon óir tá cáil dhomhanda bainte amach aige féin mar Frank Underwood ar House of Cards.

Ina ainneoin sin d’éirigh leis uachtarán de shaghas eile a chruthú. Is pearsa an-suimiúil é Nixon i gcónaí agus tá an-adhmad bainte as i scannáin. Ritheann taispeántais Anthony Hopkins (Nixon – 1005 ) agus Frank Langhella (Frost/Nixon – 2008) chugam ar an bpointe. Nixon mífhoighneach, cancrach, leanbaí agus greannmhar atá i Spacey. Na geáitsí agus an dronn a bhí ar Nixon tugtha leis aige go paiteanta. Go deimhin, siad na radharcanna le Nixon na cinn is greannmhaire, is nádúrtha agus is réalaíche sa saothar seo. 

Ar deireadh thiar tarlaíonn an cruinniú féin agus is ait an ceann é. Bhíos ag cúbadh chugam féin go minic.

Táirge é seo a thugann léargas ar charachtair thruacánta agus atá an-ghreannmhar ar uairibh.

Fág freagra ar 'Léargas agus greann bainte as cruinniú idir an tUachtarán agus An Rí'