Leanann trioblóid leabhar…

Bhí an tuiscint ann i gcónaí go raibh Uachtarán na Fraince in ainm is a bheith ar snámh os cionn an daoscarshlua. Ach tá gnéithe dá phearsantacht curtha i gcló sa leabhar seo a dhéanfaidh dochar uafásach dó mar pholaiteoir agus mar Uachtarán.

 

 

François_Hollande_-_Journées_de_Nantes_(2)
François Hollande

 

merci pour ce moment_01Leanann trioblóid leabhar, agus ní taise don leabhar é a bhfuil idir pholaitíocht, dhíoltas agus saol príobháideach na bpríomhcharachtar á léiriú os comhair an domhain mhóir, leabhar dála Merci pour ce moment, cuimhní cinn iar-amant Uachtarán na Fraince, Valerie Trierweiler.

Cuntas ar an gcaidreamh a bhí idir Trierweiler agus an fear atá fós i gceannas ar an bhFrainc, an tUachtarán Francois Hollande, atá sa leabhar seo, cuntas nach dtéann laistiar den chlaí i leith mionsonraí de.

Tháinig críoch thobann gharbh leis an gcaidreamh sin nuair a nocht iriseoir Francach go raibh Hollande i gcaidreamh eile le ban-aisteoir aitheanta darb ainm Julie Gayet. Cibé faoi Liberté, egalité, agus fraternité, ní bhíonn muintir na Fraince ag súil le mórán fidelité in aon chor nuair is ceannairí rialtais ata i gceist.

Aisteach le rá, nuair a fógraíodh cheana go raibh ceannaire Francach ag “imirt as baile” mar a déarfá, ba hiondúil go dtreiseofaí ar ghnaoi an phobail i leith an duine sin. Den chéad uair riamh, áfach, ní hamhlaidh a tharla sa chás seo.

Earra difriúil agus as an ngnách atá i gcuimhní cinn seo Trierweiler.

Thairis sin, tá mórán fadhbanna tromchúiseacha dá chuid féin ag Hollande, fadhbanna nach bhfuil réiteach orthu. Agus é ag glacadh cumhachta chuige féin, mar shampla, gheall sé go mbeadh sé in ann fadhb mhór fhadbhunaithe na dífhostaíochta a réiteach.

Gheall sé go mba eisean an boc a tharraingeodh an Fhrainc as an lagtrá eacnamaíochta a bhfuil sí buailte síos léi le fada an lá.

Ciallaíonn an chonspóid go léir gurbh é an tUasal Hollande an tUachtarán ar an bhFrainc is lú gnaoi an phobail air ón Dara Cogadh Domhanda i leith.

Ní hé go bhfuil an-bhá ag formhór mhuintir na Fraince le Mme. Trierweiler ach an oiread, dála an scéil! Tar éis an tsaoil, tá bunphrionsabal shaol polaitiúil na Fraince sáraithe ag Trierweiler, dlí gan lua a sheas ó ré L’Ancien Regime go dtí an lá inniu – is é sin go bhfuil saol príobháideach na pearsan poiblí díreach sin – príobháideach.

Go nuige seo, bhí an tuiscint ann i gcónaí go raibh Uachtarán na Fraince in ainm is a bheith ar snámh os cionn an daoscarshlua. Ach tá gnéithe dá phearsantacht curtha i gcló anseo agus dochar uafásach déanta dó mar pholaiteoir agus mar Uachtarán.

Agus é i mbun feachtasaíochta Uachtaráin tá roinnt blianta ó shin, rinne Hollande caitheamh anuas ar lucht rachmais; toisc go mba Shóisialach é Hollande, dúirt sé nár thaitin daoine saibhre leis agus tuigeadh uaidh sin gur leis na boicht a bhá.

Ar na líomhaintí is tromchúisí ó Trierweiler sa leabhar seo, tá go mba íomhá bhréagach a chuir Hollande os comhair an tsaoil ar mhaithe le cúrsaí polaitíochta de.

An ghráin atá aige ar na boicht i ndáiríre, a deir Trierweiler, agus thagair sé dóibh mar “les sans dents” (lucht mantach). Léirigh sé sin gur sóisialaí seaimpéin é Hollande agus nach raibh a chuid dintiúirí ar an eite chlé foirfe.

Bhí clampar ollmhór ar na meáin nua shóisialta nuair a scaipeadh an scéal seo i measc an phobail. I ndeireadh na dála, ní hionann agus in Éirinn ná sa domhan Angla-Mheiriceánach, is é an t-airgead agus an tsaint chun airgid an ní ba shalaí agus ba bhrocaí sna tíortha Laidineacha agus ní cúrsaí gnéis.

Merci pour ce moment á aistriú go 11 teanga dhifriúil i láthair na huaire. Maítear go bhfuil os cionn milliún go leith euro déanta ag Trierweiler cheana féin ó dhíolachán an leabhair.

Go deimhin, beidh sí níos saibhre ná Hollande féin roimh i bhfad. Vive la France!