Lean sí uirthi le mantra leanúnach ar nós cantaireacht manaigh – ‘Ommmmmmm. Maaaaaaaamaí’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Faraor, téann rialacha slándála an RSA in aghaidh nádúr an pháiste

‘Mhamaí, Mhamaí, Mhamaí,’ a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga aniar ó chúl an chairr agus práinn ina glór. Lá álainn a bhí ann. Bhailigh muid an triúr le chéile sa gcarr is thug aghaidh ar an mbóthar.

‘Mamaí, Mamaí, Mamaí, Mamaí, Mamaí, Maaaaaa-maí!’ Bhí mé suite i suíochán an phaisinéara ag breathnú uaim. ‘Sea,’ a dúirt mé nuair a tharraing a fógairt ar ais as an mbrionglóideach mé.

Níor thug sí aon chomhartha uaithi go raibh mé cloiste aici. Lean sí uirthi ag béiceach, mantra leanúnach ar nós cantaireacht mhanaigh, ‘Ommmmmmm. Maaaaaaaamaí’.

B’fhéidir nárbh é an spin an plean is fearr a bhí riamh againn. Chuaigh sé in aghaidh an nádúir triúr páistí óga a cheangal suas le strapannaí i gcathaoireacha cúnga i mullach a chéile ar chúl cairr.

Is ainmhí é an páiste ar maith leis a bheith in ann imeacht ar seachrán, gan a bheith ceangailte agus coinnithe. Is maith leis cead a chinn a bheith aige, an saol mór amach roimhe agus cead fánaíochta aige.

Téann rialacha slándála an RSA in aghaidh an bhunghné seo de nádúr an pháiste. Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin am seo nach gcloífear an nádúr.

Cuimhním ar sheanscéal an tsionnaigh agus na scairpe a d’inis m’uncail dhom lá nuair a d’fhiafraigh mé dhe an dtógann sé siúcra ina chuid tae.

Bhí sionnach agus scairp ann lá agus theastaigh uathu beirt abhann a thrasnú. ‘An dtabharfaidh tú trasna mé?’ a d’fhiafraigh an scairp den sionnach. ‘Ní thabharfaidh,’ a dúirt an sionnach, ‘cuirfidh tú cealg ionam.’ ‘Ní chuirfidh,’ a gheall an scairp, ‘nach mbáfaí an bheirt againn dá ndéanfainn sin.’

D’aontaigh an sionnach leis seo. ‘Suas leat ar mo dhroim,’ a dúirt sé, is thosaigh ag snámh trasna na habhann. Nuair bhí siad leath bealaigh trasna, chuir an scairp cealg ann.

Thosaigh an nimh ag oibriú agus thosaigh an sionnach ag dul faoi uisce. ‘Cén fáth a ndearna tú é sin?’ a d’fhiafraigh an sionnach, ‘anois, báfar an bheirt againn’. D’fhreagair an scairp, ‘ní raibh aon neart agam air, tá sé sa nádúr ionam.’

Níor chuimhnigh mé ar an scairp sular thug muid faoin spin an lá cheana.

D’imigh an bhéic amach sa bhfásach, ‘Mamaí, Mamaí, Mamaí.’

‘Sea!’ a dúirt mé go borb, is mé curtha go bun na foighde. Stop an bhéiceach go tobann. Ní cheapaim go raibh sí ag súil le freagra.

‘Bhuel, tuige nár fhreagair thú an chéad uair mé,’ a dúirt sí ar deireadh, ‘tá sé dearmadta anois a’m!’ ’

Fág freagra ar 'Lean sí uirthi le mantra leanúnach ar nós cantaireacht manaigh – ‘Ommmmmmm. Maaaaaaaamaí’'

  • Mise Áine

    Táim ag gáirí liom, anseo, mar is iondúil liom, agus scéalta Bhridget á léamh agam..:-)