Lean sé air ag cogaint an tinsil agus ag lorg áite sa stábla do shioráf plaisteach…

Ag TÓGÁIL CLAINNE: “..Mhamaí, meas tú cén meáchan a bhí an leanbh Íosa nuair a rugadh é?” Bhí a leagan féin de scéal na Nollag ag na gasúir

nativite_ane_boeufjpg“Ní shin é an áit a raibh an fear sneachta,” a dúirt an Cailín Mór Beag go húdarásach leis an mBabaí agus iad cruinnithe thart ar an mainséar. Bhí na maisiúcháin Nollag á dtógáil amach as boscaí go hurramach agus á gcrochadh go cúramach ar fud an tí againn an lá cheana. Bhí Deasún ag séideadh taobh amuigh agus muid curtha faoi bhraighdeanas baile aige.

Ba chuma cén fhógairt a rinne an Cailín Mór Beag ar an mBabaí, rinne sé neamhaird glan uirthi. Le taobh dhealbh Naomh Seosaimh sa mainséar a bhí an fear sneachta leagtha aige. Bhreathnaigh sé beagáinín as áit i lár an tuí agus na n-ainmhithe.

Thóg sí an fear sneachta amach as an stábla agus chuir taobh amuigh lena thaobh é. “Thall anseo a bhí an fear sneachta!”, a dúirt sí lena deartháir beag agus í an-chinnte.

Le bheith féaráilte di, shamhlófá an spota nua a bheith ar éigean níos fuaire agus níos feiliúnaí d”fhear sneachta ná mar a bhí an spota a bhí aige roimhe sin i mullach an mhainséir theolaí.

Wow-aí,” a dúirt an Babaí léi agus píosa tinsil á shá siar ina bhéal aige. Lean sé air lena chlár oibre, an tinsil á chogaint aige agus é ag iarraidh áit a aimsiú sa stábla do shioráf plaisteach. Má bhí spiorad an bhráithreachais i mbaol roimhe sin, chuir an sioráf in aer uilig é.  

“Déanfaidh mise é,” a dúirt Beainín na Naíonán Beag le grá don réiteach agus thosaigh ag bailiú na bpíosaí le chéile. Bhreathnaigh sí aníos th’éis píosa. “Cá’il a chuid uncaileachaí a tháinig ag breathnú air?”

“Cé?” a d”fhiafraigh mé di; níor chuimhnigh mé go raibh aon tagairt déanta d”uncaileacha in aon leagan de scéal na Nollag a bhí cloiste agam. “Tá siad a”m,” a dúirt sí agus thóg sí dealbha an trí rí amach as an gcarnán páipéir is chuir in aice leis an mainséar iad.

“Mamaí, meas tú cén meáchan a bhí an leanbh Íosa nuair a rugadh é?” a d’fhiafraigh sí díom agus dealbh an linbh á chur isteach sa mainséar aici. “Níl a fhios a”m,” a dúirt mé léi.

“Déarfainn go raibh sé ina bhabaí breá ar aon chaoi,” a dúirt sí. 

“Meas tú an raibh siad chomh sásta leis is atá muide le babaí s’againne?” a d’fhiafraigh sí díom.

“Déarfainn go raibh siad an-sásta go deo leis,” a dúirt mé léi agus d’éirigh le dhul i ndiaidh an Bhabaí sula sloigfeadh sé an tinsil.

Fág freagra ar 'Lean sé air ag cogaint an tinsil agus ag lorg áite sa stábla do shioráf plaisteach…'