Lean Foras na Gaeilge ‘an cur chuige ceart’ i gcás Uí Ghribín – Príomhfheidhmeannach

In agallamh le Tuairisc.ie atá foilsithe inniu, deir Ó Coinn gur láimhseáil an Foras an chonspóid chomh maith is a d’fhéadfaí

Lean Foras na Gaeilge ‘an cur chuige ceart’ i gcás Uí Ghribín – Príomhfheidhmeannach

Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn gur lean an eagraíocht trasteorann ‘an cur chuige ceart’ i gcás Éamoinn Uí Ghribín, an comhalta boird ar cinneadh go mbrisfí óna chúram é mar gur líomhnaíodh go ndearna sé tagairt do dhathúlacht ball foirne de chuid na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo, rud atá séanta go láidir aige féin.

In agallamh le Tuairisc.ie a foilsíodh inniu, dúirt Ó Coinn gur láimhseáil an Foras an chonspóid chomh maith is a d’fhéadfaí.

Dúirt Ó Coinn le Tuairisc.ie nach raibh súil ag mórán leis an gconspóid “an-eisceachtúil’ seo ach gur roghnaigh an Foras an cur chuige ceart agus iad ag dul i ngleic leis an gceist.

“Ní fheicim go dtiocfadh linn mórán eile a dhéanamh seachas an dóigh ar chaith muid leis an chás áirithe seo agus mar a aithníonn tú, níor mhaith liom a dhath a rá faoi dtaobh de mhionsonraí an cháis ach go díreach go mothaímse go bhfuil an cur chuige ceart á leanstan againn ina leith,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an Foras “ag foghlaim” leo de réir mar atá siad ag plé leis an gceist, ach nach bhfuil riail chinnte leagtha amach “d’eagraíocht ar bith” faoin mbealach ar cheart plé le ceisteanna den chineál sin.

“Tá rialacha cinnte ann i gcás fostaithe agus do dhaoine sa phobal. Nuair a tharlaíonn easaontú idir gnáthdhuine amuigh sa phobal nó nuair a tharlaíonn easaontú idir fostóir agus fostaí tá bealaí iontach cinnte leagtha síos faoi cad é mar a phléann tús leis sin.

“Ach nuair is comhalta boird de do chuid atá i gceist, is ceist eile ar fad é sin. Tá muid ag foghlaim linn,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais.

Thairis sin, ní raibh sé sásta “mionsonraí” an cháis a phlé.

Theip ar an achomharc a rinne an t-iarchomhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge, Éamonn Ó Gribín, maidir leis an tréimhse fionraíochta a gearradh air agus an moladh a deineadh é a bhriseadh óna chúram ar Bhord an Fhorais.  Tá sé i gceist ag Ó Gribín a chás a chur faoi bhráid an Ombudsman anois.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl don Uas Ó Gribín gur sheas an Coiste Achomhairc le cinneadh an bhoird é a chur ar fionraí mí Iúil seo caite de bharr líomhaintí tromchúiseacha a cuireadh ina leith. Mhol an Foras ina dhiaidh sin don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur cheart é a bhriseadh óna chúram tar éis dóibh tuairisc 90 leathanach a fháil ón abhcóide Cathal Ó Braonáin a d’fhostaigh siad leis an chás a iniúchadh. Ba é an líomhain ba mhó a cuireadh in éadan Uí Ghribín sa tuarascáil sin ná go ndearna sé tagairt “mí-oiriúnach” do dhathúlacht ball foirne de chuid na heagraíochta, Gaelscoileanna.

D’fhiosraigh an t-abhcóide Cathal Ó Braonáin sraith líomhaintí faoi Éamonn Ó Gribín a bhí curtha i scríbhinn i ngearán oifigiúil a rinne Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna, i Meitheamh na bliana seo. Bhain na líomhaintí le cuairt a thug Ó Gribín gan choinne ar oifigí Ghaelscoileanna coicís roimhe sin, ar an 13 Meitheamh. (Tá ainm na heagraíochta Gaelscoileanna athraithe go Gaeloideachas ó shin.)

Dúirt an t-abhcóide Cathal Ó Braonáin ina thuairisc, nár sháraigh Ó Gribín rialachais chorparáideacha an Fhorais ná cód iompair don státsheirbhís nó don tseirbhís phoiblí agus nár sháraigh sé ach oiread buanorduithe bhord an Fhorais, meamram airgeadais an Fhorais Teanga nó Polasaí do Chomaltaí maidir le plé i bhfóraim phoiblí éagsúla.

Bhí an t-abhcóide idir dhá chomhairle, áfach, ar sárú ar threoirlínte faoi Chód Iompair do Chomhaltaí Bhord an Fhorais Teanga a bheadh i gceist le líomhain amháin. Nuair a ceistíodh é faoi chúis na cuairte aige, maíodh go ndúirt an tUasal Ó Gribín le feidhmeannach mná de chuid Gaelscoileanna “go raibh sé ag súil le cruinniú le duine dathúil” cosúil léi féin. Shéan an tUasal Ó Gribín go ndúirt sé a leithéid, ach dúirt sé gur thagair sé den “gúna iontach deas” a bhí uirthi.

Mheas an t-abhcóide Ó Braonáin go raibh tagairt Uí Ghribín do chuma na mná “mí-oiriúnach” agus mhol sé “gur ábhar é seo don Choiste Osradhairc [coiste de chuid an an Fhorais] le plé”.

Ag eascairt as an phlé sin, chinn an Foras go molfaí go mbrisfí an tUasal Ó Gribín as ballraíocht ar an mbord.

De réir na tuarascála, níor cruthaíodh roinnt líomhaintí eile a bhí déanta ag Gaelscoileanna in aghaidh an Uasail Uí Ghribín.

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana Uí Ghribín ar Bhord an Fhorais ar an 12 Nollaig.

Fág freagra ar 'Lean Foras na Gaeilge ‘an cur chuige ceart’ i gcás Uí Ghribín – Príomhfheidhmeannach'