Léamhthuiscint 16 – An bhagairt núicléach agus cluiche pócair Donald Trump (Cartlann 2017)

Léamhthuiscint 15 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 16 – An bhagairt núicléach agus cluiche pócair Donald Trump (Cartlann 2017)
  1. Is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh i ngairdín theach mo mhuintire san Ísiltír i lár na n-ochtóidí, ag breathnú ar an spéir. Bhí mo dheartháir óg ina sheasamh in aice liom. Bhí mise ocht agus bhí seisean seacht mbliana d’aois. Chuaigh eitleán thar bráid. Dhírigh mé mo mhéar ar an eitleán. ‘Dá mba dhiúracán núicléach é sin, bheimis marbh anois.’
  2. Is ea, fear mór imní a bhí ionam fiú ag an aois sin, ach cé a gheobhadh locht orm agus airm núicléacha á bplé ar an nuacht chuile oíche, ag múinteoir mo ranga chuile lá agus ag mo thuismitheoirí nach mór gan stad? Bhí an cogadh fuar fós faoi lánseol agus bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh diúracáin núicléacha a lonnú i ndeisceart na hÍsiltíre.
  3. Bhí rialtas na hÍsiltíre chun ligint dóibh, ach bhí go leor leor Ísiltíreach glan ina choinne sin, mo mhuintir féin ina measc. Bhí oll-léirsithe ann nach raibh cead agam féin agus ag mo dheartháir páirt a ghlacadh iontu toisc go raibh muid ró-óg, ach bhí cead againn dul timpeall na dtithe in éineacht le mo dheaid chun sínithe a bhailiú i gcoinne na ndiúracán. ‘B’fhearr liom diúracán núicléach i mo ghairdín ná Rúiseach i mo chistin,’ a dúirt comharsa amháin liom. Ba é sin an chéad uair ar thuig mé céard is searbhas ann.
  4. Bhí dearmad glan déanta agam ar an tréimhse sin ar fad go dtí le déanaí, nuair a d’ordaigh Donald Trump dá longa cabhlaigh seoladh i dtreo leithinis na Cóiré. Tá go leor tar éis tarlú ó shin. Agus an colún seo á scríobh, tá sé ráite ag an gCóiré Thuaidh go bhféadfadh le ‘cogadh teirmeanúicléach’ tosú ‘am ar bith’. Más ea, tá an domhan níos gaire d’uileloscadh núicléach ná mar a bhí le scór go leith bliain anuas. Ach tugaim faoi deara nach mbím ag breathnú ar an spéir chuile ré soicind anois féachaint an bhfuil diúracán núicléach ag druidim i mo threo, faoi mar a bhínn thiar sna hochtóidí – agus ní dóigh liom go bhfuil éinne eile, ach an oiread. Gáire dóite a mheallann an chaint faoin mbagairt núicléach sa Chóiré, ar a mhéad.
  5. Ar ndóigh, is i bhfad ó leithinis na Cóiré atá cónaí orm féin agus ar an gcuid is mó de na daoine a léifeas an colún seo. Ach chuile sheans go mbeidh tionchar mór millteach ag ionsaí núicléach sa Chóiré taobh amuigh den leithinis sin: cogadh domhanda, olltubaiste timpeallachta. Mar sin féin, feictear dom nach bhfuil éinne faoi gheasa ag bagairt núicléach an lae inniu faoi mar a bhí mórán daoine thiar in aimsir an chogaidh fhuair.
  6. Cén fáth sin? Ar an gcéad dul síos, ar ndóigh, seanscéal agus féasóg air an chaint ar chogadh sa Chóiré. Le trí scór bliain anuas, déantar bagairtí agus a thuilleadh bagairtí – agus ansin ní tharlaíonn tada. Ach tá rud eile ann. Feictear dom go bhfuilimid ar fad chomh traochta, chomh spíonta, chomh dubh dóite sin den bhrúidiúlacht leanúnach laethúil a líonann scáileáin ár dteilifíseán agus ár nguthán póca gan stad – ionsaí ceimiceach anseo, buama nár facthas a leithéid riamh, trucail á tiomáint isteach i slua thall ag an gcúinne – nach bhfuil sé de neart ionainn, mar chine daonna, aghaidh a thabhairt ar bhagairt an uileloiscthe núicléach arís. Ach tá an bhagairt sin ann. Is baolach go bhfuil tús curtha ag Donald Trump le cluiche pócair nach mbeidh sé in ann a bhuachan toisc nach bhfuil aon rud le cailleadh ag a chéile comhraic, Kim Jong-un. An seasfaidh sé siar ón gcluiche sula mbeidh sé rómhall? 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Céard í an chuimhne a luann an t-údar in alt?
  2. Cén aois a bhí sé féin agus a dheartháir? (alt 1)
  3. Cén fáth a raibh eagla air faoi airm núicléacha? (alt 2)
  4. Céard a bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh a dhéanamh ag an am? (alt 2)
  5. Cá ndeachaigh na buachaillí óga lena nDeaid? (alt 3)
  6. ‘B’fhearr liom diúracán núicléach i mo ghairdín ná Rúiseach i mo chistin.’ Céard a bhí i gceist ag an gcomharsa leis an ráiteas seo? (alt 3)
  7. Cén t-ordú a thug Trump le déanaí? (alt 4)
  8. Céard a mheallann an chaint faoin mbagairt sa Chóiré? (alt 4)
  9. Cén tionchar domhanda a bheadh ag cogadh núicléach sa Chóiré? (alt 5)
  10. Cén fáth nach bhfuil daoine faoi gheasa ag an mbagairt núicléach sa lá atá inniu ann? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir chaite:
  • Ní (déan) sé aon rud as bealach.
  • Ní (téigh) sé amach aréir.
  • An (faigh + muid) aon obair bhaile inné?
  • (Siúil) mé abhaile liom féin inné.
  • (Bris + saorbhriathar) an fhuinneog sin i rith na Nollag.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú féin faoin Uachtarán Trump?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairimí in iúl, déan moladh nó cáineadh, easaontaigh/aontaigh le tuairimí atá cloiste agat, cuir eagla/misneach in iúl. 
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.