Léamhthuiscint 01 – Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

Léamhthuiscint 01 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 01 – Drochmheas ar chanúintí? Tá fianaise eolaíoch anois ann…

1) Ceann de na difríochtaí is mó a thug mé faoi deara riamh idir muintir na hÉireann agus muintir mo thíre dúchais, an Ísiltír, ná an meas a bhíonn ag an gcéad dream ar chanúintí (Link) áitiúla, agus an drochmheas a bhíonn ag an dara dream orthu. B’fhacthas dom riamh, nuair a bhí cónaí orm in Éirinn, go mbíodh muintir na hÉireann mórtasach as a gcanúint féin, cuma cén taobh den tír arbh as iad. Béarla nó Gaeilge, bhídís chomh dílis céanna do chaint a gceantar dúchais agus a bhídis d’fhoireann pheile a gcontae.

2) Scéal eile ar fad a bhí ann san Ísiltír, áit a gcuirtear fotheidil  orthu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu leagan réigiúnach den teanga a labhairt ar an teilifís. Rinne mo mháthair féin tréaniarracht, nuair a bhí sí óg, fáil réidh leis an mblas iarthuaisceartach ar a cuid cainte. Bhí ranganna foghraíochta i gceist; ach an oiread le mórán daoine as an gceantar arb as di ó dhúchas ní raibh sí in ann cuid de na fuaimeanna a fhágáil ina diaidh. Ach bhí níos mó ná sin i gceist. Bhí liosta fada focal réigiúnach le ruaigeadh as a cuid cainte aici freisin, mar aon leis an gcaoi a ndéantar na briathra a infhilleadh ina ceantar dúchais.

3) D’éirigh le hiarracht mo mháthar, agus lena chois sin, chuaigh sí chun cónaithe níos faide ó dheas, i réigiún a bhfuil caint mhuintir na háite i bhfad níos gaire don Ísiltíris chaighdeánach. Ní dhearna a deirfiúr iarracht fáil réidh lena canúint, agus chaith m’aintín a saol ar fad sa bhaile beag ar tháinig sí féin agus mo mháthair ar an saol ann. An toradh: bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil dhá theanga éagsúla á labhairt acu nuair a bhíonn siad i mbun comhrá lena chéile inniu. ‘Algemeen Beschaafd Nederlands’ – ‘Ísiltíris Ghinearálta Shibhialta’ – a thugtar ar leagan caighdeánach na hÍsiltírise le fada an lá, téarma a thugann le tuiscint nach caint shibhialta aon leagan eile den teanga. Murar leor sin mar léiriú ar dhrochmheas mhuintir na hÍsiltíre ar an gcaint áitiúil, tá fianaise eolaíoch ann anois.

4) Léiríonn staidéar ó Ollscoil Tilburg i ndeisceart na tíre go saothraíonn daoine a bhfuil blas láidir réigiúnach ar a gcuid Ísiltírise idir a cúig agus a 15 faoin gcéad níos lú, ar an meán, ná daoine a labhraíonn an leagan caighdeánach den teanga. Dar le Jan van Ours, ollamh le heacnamaíocht fostaíochta ag Ollscoil Tilburg, nach bhfuil cúis ar bith eile ann a mhíneodh an bhearna phá sin. “Ní aois, oideachas ná áit chónaithe – sa chathair nó faoin tuath – is cúis léi,” a deir Van Ours sa nuachtán AD.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cad é an difríocht is mó a thug an t-údar faoi deara idir Éirinn agus a thír dhúchais? (alt 1)
  2. Cén tagairt/comparáid a dhéanann sé le peil. (alt 1)
  3. Cad a rinne máthair an údair nuair a bhí sí óg? (alt 2)
  4. Céard a bhí le ruaigeadh aici? (alt 2)
  5. Cad deirtear faoin gcanúint san áit go ndeachaigh sí ina cónaí? (alt 3)
  6. Dar leis an údar céard a thugann an téarma ‘Ísiltíris Ghinearálta Shibhialta’ le fios? (alt 3)
  7. Cad a léiríonn an taighde ó Ollscoil Tilburg? (alt 4)
  8. Cén post atá ag Jan van Ours? (alt 4)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san Aimsir Chaite in alt 2.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
  4. Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 2.
  5. Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
  • Tá cos an (cat) briste.
  • Tá oifig an (dlíodóir) dúnta.
  • Tá cara mo (máthair) ag teacht ar cuairt tráthnóna.
  • Tá teach mo chara in aice na (abhainn).
  • Tá gairdíní na (comharsana) an-deas ar fad.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú do chanúintí na hÉireann (Béarla agus/nó Gaeilge)?

Ar cheart go mbeadh siad le cloisint ar an raidió/teilifís níos minice?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairim láidir in iúl, déan cáineadh, tabhairt moltaí, cuir díomá in iúl. 
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.