Léamhthuiscint 15 – An smaoineamh maith é tuilleadh neamhspleáchais agus saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre?

Léamhthuiscint 15 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

classroom

  1. Mar chuid de Bhuiséad 2016 a d’fhógair rialtas Shasana le déanaí, tá neamhspleáchas breise i ndán do scoileanna uile na tíre sin. Ábhar spéise dúinne é seo in Éirinn, sa mhéid is go bhfuil sé molta anseo chomh maith go méadófaí an ról atá ag scoileanna i mbainistiú a gcúraimí féin feasta. Ach is iomaí sin cúram a bhaineann le saol na scoile, agus má tá an neamhspleáchas le méadú, is gá gach ceann de na cúraimí a mheas go cúramach.
  2. Is iomaí difríocht a bhíonn le sonrú ó thír go chéile sa mhéid údaráis a bhíonn ag scoileanna i riaradh a gcúraimí. Sna tíortha sin a mbíonn lárú iomlán déanta ar an gcóras oideachais, cuirtear d’iallach ar an scoil áitiúil polasaí an údaráis náisiúnta a chur i bhfeidhm go docht dílis. Bíonn an scoil spleách go hiomlán ar údarás seachtrach, agus is beag ról a bhíonn ag an bpobal scoile in aon chinneadh mór a bhaineann leis an soláthar oideachais go háitiúil.A mhalairt a bheadh i gceist i dtíortha eile, ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách ar na húdaráis sheachtracha, nó ina bhfeidhmíonn an scoil go neamhspleách go pointe áirithe.
  3. Sampla den múnla sin is ea na scoileanna acadaimh (academy schools) i Sasana. Cé gur scoileanna iad atá maoinithe ag an stát, agus gur cuid den earnáil phoiblí iad, tá mórán saoirse acu taobh istigh de chreat dlíthiúil an stáit. Tá saoirse acu a gcinntí féin a dhéanamh maidir le heagrú na scolaíochta, an chláir foghlama, téarmaí fostaíochta na múinteoirí (líon, tuarastal, saoire), agus araile. Tugtar cead a cinn don scoil fad is atá an creat rialaithe á chomhlíonadh. An príomhoide atá freagrach as gnáthobair na scoile, agus is é an academy trust a fheidhmíonn mar bhord bainistíochta.
  4. Faoi láthair, is scoileanna acadaimh iad 60% de mheánscoileanna agus 15% de bhunscoileanna na tíre sin. Ach mar chuid den bhuiséad a d’fhógair George Osborne, Seansailéir an Státchiste, an 16 Márta beidh ar gach bunscoil agus meánscoil athrú ina scoil acadaimh roimh 2020, nó 2022 ar a dheireanaí. Déarfadh mórán gur céim bhreise í seo i dtreo an phríobháideachais san earnáil oideachais, gur straitéis faoi cheilt í chun idé-eolaíocht an nua-liobrálachais a chur chun cinn, agus na scoileanna a chur i gcomórtas lena chéile. Dar leo gur breithiúnas éagórach a dhéantar ar fhiúntas na scolaíochta atá á soláthar sna scoileanna dá bharr, agus é bunaithe mar shampla, ar thomhas cúng míshásúil amhail torthaí foghlama na bpáistí ar thrialacha caighdeánaithe.
  5. Cinnte, dhealródh gurb iad cúrsaí airgeadais níos mó ná aon tairbhe oideachasúil, atá chun tosaigh i réasúnaíocht an rialtais. Mar shampla, is díol suntais é gurb é an tAire Airgeadais agus ní an tAire Oideachais a d’fhógair a leithéid de phlean. Agus cad faoi chás na hÉireann? Ar cheart níos mó saoirse a thabhairt do scoileanna na tíre seo a gcuid cúraimí féin a stiúradh? D’fhéadfaí a áiteamh, b’fhéidir, go bhfuil neamhspleáchas nach beag ann cheana féin. Is é an Bord Bainistíochta atá freagrach as mórán de ghnáthchúraimí na scoile, earcú na múinteoirí i measc rudaí eile, agus cé go bhfuil curaclam náisiúnta i bhfeidhm, mar aon le trialacha  caighdeánaithe agus scrúduithe náisiúnta, fágtar go leor saoirse ag an scoil an teagasc agus an clár foghlama a chur in oiriúint dá riachtanais áitiúla.
  6. Ach tá sé molta ag an Roinn Oideachais i ndoiciméad comhairliúcháin a tháinig amach tamaillín roimh Nollaig go méadófaí ar an neamhspleáchas sin. Ar thrí ghné de shaol na scoile atá na moltaí dírithe: bainistíocht agus éiteas na scoile, teagasc agus foghlaim, agus cúrsaí airgeadais. Maidir le bainistíocht scoile, moltar go ndéanfaí ról na dtuismitheoirí a láidriú. Bheadh tábhacht i gcónaí le féinmheastóireacht scoile, próiseas ina dtugann an scoil féin breithiúnas ar chaighdeán an tsoláthair oideachais sa scoil. Réiteodh an scoil plean feabhais agus bheadh ar an scoil tuairisc bhliantúil a sholáthar do thuismitheoirí ar an dul chun cinn. Leanfadh an chigireacht ar aghaidh leis na meastóireachtaí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair, ach laghdófaí ar mhinicíocht na meastóireachta sin de réir mar a bhí scoileanna ag feidhmiú go sásúil. Maidir le teagasc agus foghlaim, moltar go mbeadh an curaclam náisiúnta leagtha amach i dtéarmaí níos leithne, bunaithe ar thorthaí foghlama a bheadh le baint amach. Chuirfí treoirlínte ar fáil, agus d’fhágfaí go leor saoirse leis an scoil a cuid féin a dhéanamh den churaclam agus na modhanna teagaisc is oiriúnaí a roghnú. Agus i gcás cúrsaí airgeadais, an scoil féin a bheadh freagrach as cinntí a bhainfeadh le buiséad, caiteachas, agus úsáid na n-acmhainní.
  7. Léiríonn an achoimre seo gur coincheap casta é an neamhspleáchas a bhaineann le mórán gnéithe de shaol na scoile. Is gá an bóthar seo a thaisteal go réidh, chun muinín agus dea-thoil an phobail scoile a chinntiú agus chun go rachaidh pé athruithe a dhéantar chun leas pháistí uile na tíre.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Céard a d’fhógair rialtas Shasana le déanaí? (alt 1)
  2. Cé fáth go mbeadh suim ag muintir na hÉireann sa scéal seo? (alt 1)
  3. Luaigh rud amháin a deirtear faoi thíortha ina bhfuil lárú iomlán déanta ar an gcóras oideachais. (alt 2)
  4. Cén tsaoirse atá ag na scoileanna acadaimh? (alt 3)
  5. Cén ról atá ag an bpríomhoide sna scoileanna siúd? (alt 3)
  6. Cén t-athrú a d’fhógair George Osborne sa bhuiséad? (alt 4)
  7. Cad deir mórán daoine faoin gcéim seo? (alt 4)
  8. Dar leis an údar cad é an rud is mó a spreag na hathruithe seo? (alt 5)
  9. Cad deirtear faoi Bhoird Bhainistíochta? (alt 5)
  10. Cén mholadh atá sa cháipéis chomhairliúcháin faoi ról na dtuismitheoirí? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla do bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 5.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in

Alt 6.

  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar an aidiacht:
    • Beidh scrúduithe (deacair) againn an tseachtain seo chugainn.
    • Bhí oíche (maith) againn aréir.
    • Tá clúdach an leabhair (gorm) stróicthe.
    • Bíonn amhráin (fada) ag an ngrúpa sin i gcónaí.
    • Is é Seán an duine is (saibhir) sa rang.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Dá mbeifeá i d’Aire Oideachais céard a dhéanfá le scoileanna a dhéanamh níos éifeachtaí?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan argóint, tabhair cur síos ar cad atá go maith/mícheart leis an gcóras faoi láthair, tabhair moltaí, cuir tuairimí in iúl.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.