Léamhthuiscint 14 – Tá gá le geilleagar áitiúil neamhspleách sa Ghaeltacht

Léamhthuiscint 14 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 14 – Tá gá le geilleagar áitiúil neamhspleách sa Ghaeltacht

1) Tá obair mhór romhainn más fúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bhunúsacha infreastruchtúir atá ag cur brú ar phobail Ghaeltachta, fadhbanna atá ag cur as do phobail tuaithe ar fud na tíre. Is iomaí oifig an phoist agus beairic atá dúnta le cúig bliana anuas sna ceantair tuaithe ar fud na tíre agus muid ag cloisteáil go rialta faoin laghdú atá á dhéanamh ar sheirbhísí eile.  Tá a lorg sin le feiceáil sa titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna Gaeltachtaí sna figiúirí daonáirimh a foilsíodh an tseachtain seo caite.

2) Tá a fhios againn go bhfuil athrú ag teacht ar leagan amach an daonra in Éirinn agus 62.7% againn anois inár gcónaí i gceantair uirbeacha. Is i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh atá an dlús is mó faoin daonra agus is chuig na contaetha sin freisin a théann an sciar is mó den mhaoiniú a thugann Fiontraíocht Éireann do chomhlachtaí ar mhaithe le fiontraíocht agus fostaíocht. Tá contaetha i lár tíre agus ar chósta thiar na hÉireann i bhfad taobh thiar de chontaetha an oirthir maidir leis an sciar den infheistíocht fiontraíochta stáit a dhéantar iontu. Má bhreathnaíonn tú ar dháileadh an mhaoinithe ó Fhiontraíocht Éireann, feicfidh tú go bhfuil fíorbheagán maoinithe á dhéanamh i gcontaetha mar – Ros Comáin, Liatroim, Uíbh Fhailí agus Sligeach.

3) Tá buntáiste áirithe ag na Gaeltachtaí mar cheantair tuaithe sa mhéid is go bhfuil eagraíocht fiontraíochta ar leith, Údarás na Gaeltachta, ag tacú leo. Ach fiú agus infheistíocht á déanamh i gcúrsaí fiontraíochta, tá gá freisin le geilleagar áitiúil neamhspleách ina bhfuil an fheirmeoireacht, siopaí, oifigí, comhlachtaí príobháideacha agus eile ann chun go mbeadh bonn láidir fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta.

4) Tá cúngú á dhéanamh ar na bealaí traidisiúnta a bhíodh ag muintir na Gaeltachta agus na tuaithe le slí bheatha a dhéanamh. Níl infheistíocht cheart á déanamh chun dul i ngleic leis seo i gcúrsaí leathanbhanda, infreastruchtúir, oideachais ná seirbhísí iompair phoiblí sna cheantair Ghaeltachta ná sna ceantair tuaithe fré chéile.

Má bhreathnaíonn tú ar mhapa den soláthar leathanbhanda náisiúnta feicfidh tú go bhfuil na ceantair tuaithe i bhfad taobh thiar de na cathracha agus na bailte móra. Glacann muid leis seo gan é a cheistiú rómhór, ach caithfidh muid cuimhneamh gur tír bheag í Éire agus nach bhfuil aon chúis ann nach mbeadh leathanbhanda ar ardluas ar fáil i mórán gach coirnéal den tír.

5) Ag filleadh ar an nGaeltacht, tá foinse eile teacht isteach ag pobal na Gaeltachta: scoláirí Gaeilge a choinneáil i rith an tsamhraidh. Fógraíodh ag tús na míosa seo go bhfuil ardú 50c in aghaidh an scoláire in aghaidh an lae á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta ar an deontas a íoctar leis na mná tí. Cuirimis fáilte roimhe, ar ndóigh, ach cuimhnímis gur gearradh an deontas trí huaire ó 2008.

6) Tóg mar shampla eile cás na bhfeirmeoirí beaga. Má bhreathnaíonn tú ar an mapa de na híocaíochta a rinneadh le feirmeoirí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CAP), feicfidh tú go bhfuil deighilt tíreolaíochta ann a ghearrann an tír ina dhá leith nach mór agus formhór na n-íocaíochtaí móra – os cionn €100,000 – á ndéanamh in oirthear na tíre, áit a bhfuil na feirmeacha móra.

Íocadh ar an meán idir €5,000 agus €7,000 sa mbliain leis na feirmeoirí i gCo. na Gaillimhe agus i gCo. Dhún na nGall agus idir €7,000 agus €10,000 leis na feirmeoirí i gCo. Chiarraí. Ní ar íocaíochtaí CAP amháin a bhíonn na feirmeoirí beaga ag brath, ar ndóigh, ach fós féin, is mór an chabhair iad.

7) Maidir leis an iascaireacht, tionscal eile atá coitianta sna ceantair Ghaeltachta, tá cloiste againn le fada faoin athrú atá ag teacht ar an tionscal sin agus formhór na hearnála ag brath anois ar thrálaeir mhóra agus na hiascairí beaga á mbrú amach. Tá 4% de bhuiséad an Chiste Eorpach Iascaigh agus Muirí (EMFF) na hÉireann á chur i dtreo tionscnamh a thabharfaidh tacaíocht do thograí beaga áitiúla – €6 mhilliún – sa tréimhse 2014- 2020. Méadú 11% é an figiúr sin ar an soláthar a rinneadh sa tréimhse 6 bliana roimhe seo.

I gcodarsnacht leis sin, tá 49% de bhuiséad EMFF na tíre á chur i dtreo chomhlíonadh riachtanas Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa ar a n-áirítear monatóireacht ar an méid éisc atá á thabhairt i dtír agus gnéithe eile den pholasaí.

8) Grúpa eile atá faoi bhrú ná daoine a bhíonn ag baint fheamainne agus á díol leis na monarchana próiseála. Tá cloiste go minic againn le blianta beaga anuas faoi na hiarrachtaí atá ar bun go mbeadh ceadúnas bainte feamainne amach ó chósta Chonamara ag comhlacht mór amháin seachas ag bainteoirí aonair. Dá ngabhfadh sé sin ar aghaidh bhainfeadh sé foinse eile teacht isteach ó ghrúpa eile daoine sa Ghaeltacht.

Tá laghdú déanta ar an teacht isteach atá ar fáil do dhaoine ó bhaint mhóna sa Ghaeltacht mar gheall ar rialacháin Eorpacha a bhaineann leis na portaigh. Breathnaigh ar mhapa de na Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus Limistéir Speisialta Oidhreachta (SHA) atá sa tír seo agus feicfidh tú go bhfuil formhór na n-áiteanna sin ar chósta thiar na hÉireann agus cuid mhaith de thalamh Dhún na nGall, Cho. na Gaillimhe agus Cho. Chiarraí ina limistéir faoi chaomhnú speisialta.

9) Is ceart go mbeadh muid ag iarraidh caomhnú a dhéanamh ar shaibhreas agus áilleacht dhúlra agus fhiadhúlra na hÉireann ar ndóigh, ach tá cosc ar chuid mhór forbartha mar gheall ar an stádas sin agus srianta móra ar fheirmeoirí maidir leis an méid atá siad in ann a dhéanamh leis an talamh atá acu dá bharr. An bhfuil bealaí níos fearr ann chun an dá thrá a fhreastal?

Ní hamháin go bhfuil srianta ar fheirmeoirí ach tá srianta freisin ar thógáil tithe agus foirgneamh agus ar dheisiú nó forbairt bóithre. Forbairtí iad uile a chuirfeadh feabhas atá riachtanach ar infreastruchtúr na gceantar Gaeltachta.

Is mór an difríocht a dhéanfadh sé ach beagán dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh roinnt de na dúshláin seo. Feabhas a chur ar an soláthar leathanbhanda, modhanna nua feirmeoireachta a fhorbairt i gcomhar le feirmeoirí na háite.

Nach bhfuil muid ag iarraidh caomhnú a dhéanamh ar an nGaeltacht freisin? Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Céard iad na dúshláin atá sa Ghaeltacht dar le halt 1?
  2. Céard atá tarlaithe do líon na gcainteoirí Gaeilge? (alt 1)
  3. Céard dó a thagraíonn an figiúr 62.7%? (alt 2)
  4. Cá dtéann cuid mhór de mhaoiniú Fhiontraíocht Éireann? (alt 2)
  5. Céard é an buntáiste atá ag na Gaeltachtaí? (alt 3)
  6. Luaigh rud amháin a deirtear faoi leathanbhanda in alt 4?
  7. Cad a tharla don deontas Gaeltachta ó 2008? (alt 5)
  8. Cá bhfuil formhór na n-íocaíochtaí CAP ag dul? (alt 6)
  9. Céard atá tarlathe do na hiascairí beaga? (alt 7)
  10. 10) Cad is brí leis an abairt dheireanach, meas tú?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 9.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha/iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocal:
    1. Tá an (capall) gortaithe.
    2. Níl an (éan) ag eitilt.
    3. Ní bheidh éinne anseo an (seachtain) seo chugainn.
    4. Tá an (amharclann) lán go doras.
    5. Ní bheidh an (fearg) chéanna air amárach.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Déan cur síos ar an infreastruchtúr (leathanbhanda, siopaí, comhlachtaí, bóithre srl) i do cheantar.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, luaigh buntáistí agus míbhuntáistí, cuir míshástacht in iúl, déan moladh.   
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.