Léamhthuiscint 12 – Géarchéim san earnáil tríú leibhéal (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 12 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

university-105709_12801) Tá géarchéim ag teacht chun cinn san earnáil tríú leibhéal le blianta beaga anuas. Tá an earnáil ar phointe a briste anois. Le déanaí chuaigh 4,000 léachtóir agus taighdeoir in institiúidí teicneolaíochta na tíre ar stailc aon lae, iad ag cur in aghaidh na gciorruithe gan staonadh sa réimse sin le blianta beaga anuas.

2) Deir lucht teagaisc san earnáil chéanna gur tháinig méadú 22,000 ar líon na mac léinn sna hinstitiúidí teicneolaíochta ó 2008 ar aghaidh fiú agus líon na bpost léachtóireachta ag laghdú sa tréimhse chéanna; cailleadh 550 post léachtóireachta sa réimse úd le blianta beaga anuas. Ní hamháin go bhfuil líon na dteagascóirí ag titim de shíor ach san am céanna bhí ar lucht riaracháin na n-institiúidí treabhadh leo agus laghduithe €190 milliún curtha i bhfeidhm ar an gcóras trí chéile.

3) Aontas Múinteoirí Éireann an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar lucht teagaisc na n-institiúidí teicneolaíochta, an dream céanna a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí dara leibhéal na tíre. Vótáil os cionn 90% de na baill dul i muinín na gníomhaíochta tionsclaíche an Nollaig seo caite. Tá Aontas Múinteoirí Éireann tar éis foláireamh a thabhairt go mbeidh tuilleadh stailceanna sna hinstitiúidí teicneolaíochta mura dtéann an rialtas i mbun idirbheartaíochta go tapa maidir leis an easpa buaine ó thaobh oibre de (conrachas nó “contractism”), an pá íseal agus na ciorruithe atá mar shaintréithe ar oideachas dara agus tríú leibhéal na tíre.

4) Ag an tríú leibhéal is léir do chách go bhfuil seirbhísí do mhic léinn ag dul in olcas toisc nach bhfuil dóthain foirne ná léachtóirí agus lucht teagaisc á chur ar fáil ar bhonn leanúnach le blianta beaga anuas de dheasca easpa maoinithe stáit.

Ina theannta sin, amhail mar atá sna hollscoileanna go léir, tá go leor daoine ag teagasc ar bhonn páirtaimseartha, a bhformhór acu ar chonarthaí nó gan conradh ar bith.

Creid é nó ná creid, tá cúrsaí chomh héiginnte faoin am seo gur minic nach mbíonn a fhios ag na fostaithe céanna an mbeidh post acu go dtí cúpla seachtain roimh thús na scoilbhliana nua.

5) Ba sna 1960í a moladh go mbunófaí na hinstitiúidí teicneolaíochta in Éirinn ach ba sna luath-1970í a d’oscail siad a ndoirse den chéad uair. Tugadh ‘coláistí teicniúla réigiúnacha’ ar na coláistí sin ar dtús agus ba sna 1990í a baisteadh ‘institiúidí teicneolaíochta’ orthu. Institiúidí a bunaíodh go hiomlán as an nua ab ea formhór na nInstitiúidí Teicneolaíochta sin cé go mba eisceacht í IT Bhaile Átha Cliath, a bunaíodh i 1978, nuair a deineadh cónascadh ar chúpla coláiste a bhí ann ó na 1880í.

Cúis mhór imní í d’fhoireann teagaisc na n-institiúidí teicneolaíochta go bhfuil sé i gceist ag an rialtas go ndéanfar líon na n-institiúidí a laghdú agus institiúidí áirithe a chónascadh go luath, nó go dtabharfaí ‘Ollscoileanna Teicneolaíochta’ orthu amach anseo.

6) Drochscéal a bheas ann do na hinstitiúidí teicneolaíochta amuigh faoin tír má chuirtear an plean cónasctha seo i gcrích nó beidh laghdú ar líon na gcúrsaí a bheas ar fáil, go háirithe sna hinstitiúidí beaga atá lonnaithe lasmuigh den ardchathair nó i gceantair tuaithe.

Léirigh lucht iompair agus tiománaithe bus is traenach a gcuid míshástachta ní fada ó shin trí dhul ar stailc agus b’amhlaidh d’oibrithe san earnáil sláinte is cúinsí oibre ag dul in olcas. Tá géarchéim san earnáil tríú leibhéal agus beidh stailceanna eile ann go luath mura dtéann na húdaráis i ngleic leis na fadhbanna tromchúiseacha sa réimse sin go luath.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad a tharla le déanaí? (alt 1)
  2. Cad is cúis leis an ngéarchéim dar le halt 2?
  3. Cé air a dhéanann Aontas Múinteoirí Éireann ionadaíocht?
  4. Cén foláireamh a luaitear in alt 3?
  5. Céard is léir do chách dar le halt 4?
  6. Cén stádas fostaíochta atá ag go leor daoine ag an tríú leibhéal?
  7. Cad a moladh sna 1960í? (alt 5)
  8. Céard í an chúis mhór imní atá ag foireann teagaisc na n-institiúidí teicneolaíochta? (alt 5)
  9. Cén fáth, dar leis an údar, gur drochscéal a bheidh anseo d’ institiúidí áirithe? (alt 6)

10) Cé eile a chuaigh ar stailc le tamall? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt

2.

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach
  • iolra in alt 3.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt

5.

  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
  • (Cabhraigh) mé le Seán amárach.
  • Is cinnte go (inis) sé an fhírinne sa chúirt.
  • An (téigh) tú ag siopadóireacht amárach?
  • Ní (faigh) mé aon bhronntanas i gcomhair na Nollag.
  • (Clois) cé a bhuaigh an comórtas go luath.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cén cúrsa tríú leibhéal ar mhaith féin a dhéanamh?

Cén tslí bheatha ar mhaith leat a bheith agat?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos agus míniú; abair cén fáth go dtaitneodh rud éigin leat (úsáid an modh coinníollach); cuir rudaí i gcomparáid lena chéile, tabhair buntáistí/míbhuntáistí.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.