Léamhthuiscint 11 – Áit i measc na Náisiún a theastaigh ó cheannairí an Éirí Amach…

Léamhthuiscint 11 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Mapa Europe 1916

1) Tá an comóradh ar 1916 faoi lán seoil agus tá sé tráthúil mar sin féachaint siar ar conas a d’éirigh leis an tír seo an áit atá aici inniu sa saol idirnáisiúnta a bhaint amach. Bhí breith dheacair ag an Stát nua a saolaíodh sna blianta corraithe tar éis an Éirí Amach agus bhí bearna leathan idir fís na réabhlóide agus an réaltacht a tháinig: deighilt nua ar an oileán; saoirse theoranta mar bhallstát den Chomhlathas Briotanach, ar mhacasamhail Cheanada seachas mar phoblacht iomlán neamhspleách; an Stát nua lag ó thaobh geilleagair agus tionscail de; conspóid fós faoina dlisteanacht tar éis cogaidh chathartha shearbh.

2) I gcúrsaí idirnáisiúnta, chuir an chéad rialtas roimhe cur leis an chineál neamhspleáchais a bhí faighte ag an Stát nua, mar bhall den Chomhlathas. Chomh maith leis sin bhíothas ag iarraidh aitheantas a fháil d’Éirinn sa saol idirnáisiúnta mar stát a bhí réidh chun a cion féin a dhéanamh leis an tsíocháin dhomhanda a chur ar aghaidh.

D’oibrigh an rialtas úd i gcomhar le Ceanada ag cruinnithe den Chomhlathas sna fichidí chun go nglacfaí le sainmhíniú níos leithne ar an neamhspleáchas a bhí ag dul le ballraíocht san eagraíocht. D’éirigh leo agus sa bhliain 1931 glacadh leis go raibh Parlaimintí na mBallstát iomlán neamhspleách.

3) Nuair a tháinig Eamon de Valera i gcumhacht i 1932 bhí an aidhm chéanna aige – cur le neamhspleáchas an Stáit – ach roghnaigh sé bóthar eile chun dul sa treo céanna. Diaidh ar ndiaidh chuir sé na ceangail fhoirmiúla leis an mBreatain, a bhí mar bhac ar neamhspleáchas an Stáit, ar ceal. Leis an reifreann ar an Bhunreacht sa bhliain 1937 chuir sé bunús nua – toil mhuintir na hÉireann – faoin Stát. Poblacht ab ea Éire anois i ngach slí ach amháin ina hainm foirmiúil.

4) Cé gur theip ar an gcéad Dáil i 1919 aitheantas a fháil ag Comhdháil Síochána Versailles ó na cumhachtaí móra a bhunaigh Conradh na Náisiún, chinn an Saorstát suíochán a lorg san eagraíocht nua agus glacadh leis mar Bhallstát i 1923. Thuig an rialtas sin, agus rialtas de Valera a lean é sna tríochaidí, cé chomh tábhachtach is atá an tsíocháin agus réim an dlí i gcúrsaí idirnáisiúnta do thíortha beaga. Rinne Airí agus taidhleoirí na tíre a ndícheall chun an cuspóir sin a chur ar aghaidh sa Ghinéiv. Theip ar an eagraíocht ag deireadh na dtríochaidí agus thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí Éire lag ag an am agus gríosach an chogaidh chathartha beo fós sa tír. Chinn an Rialtas go mbeadh Éire neodrach. Ní ghlacfadh sí páirt sa chogadh ach amháin sa chás go mbeadh sí féin faoi ionsaí – an polasaí céanna a lean Meiriceá agus roinnt mhaith tíortha eile ag an am. Chuir sé sin as go mór don Phríomh-Aire Churchill. Tá sé soiléir anois, áfach, go raibh neodracht na hÉireann claonta go mór i bhfabhar na Breataine agus na gComhghuaillithe eile, rud nár tuigeadh ag an am.

5) Sa bhliain 1948, faoin Chomhrialtas, ritheadh Acht a rá go mba Phoblacht í Éire. Bhí conspóid dá bharr maidir lena stádas i leith an Chomhlathais, ach thángthas ar réiteach a d’fhág nach ball í den Chomhlathas ach fós nach tír iasachta í de réir dhlí na Breataine. Inniu, ar ndóigh, le síocháin sa Tuaisceart táimid tosaithe ar ré nua sa chaidreamh idir an dá thír.

6) Cuireadh eagraíocht nua síochána ar bun ag deireadh an chogaidh i 1945. Bhí de Valera amhrasach faoi ar dtús ach thuig sé go mba cheart don tír a cion féin a dhéanamh ar son na síochána agus an dlí idirnáisiúnta san eagraíocht nua. Le tacaíocht ón Dáil chuir sé iarratas ar bhallraíocht isteach chuig na Náisiúin Aontaithe ach cuireadh bac leis mar gur vótáil an tAontas Sóivéadach ina choinne ar an Chomhairle Slándála. Mar sin, ní bhfuair Éire suíochán mar Bhallstát san eagraíocht go dtí 1955.

7) Iad siúd atá páirteach in achrann, ní ghlacann siad go fonnmhar leis an té a fhanann ar an taobhlíne. B’amhlaidh don tír seo i dtús na gcaogaidí – bhí sí ar leithlis cuid mhaith i gcúrsaí idirnáisiúnta, cé go raibh sí páirteach i mbunú Chomhairle na hEorpa. Ach mar Bhallstát sna Náisiúin Aontaithe, faoin Aire Prionsias MacAogáin, bhí deis nua aici bheith gníomhach i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ba é rún uaidh siúd, ar ghlac an Comhthionól leis d’aonghuth, a spreag na mórchumhachtaí chun Conradh in aghaidh iomadú núicléach a shíniú i 1968. Mar Bhallstát anois le seasca bliain tá ardmheas tuillte ag an tír seo: í gníomhach i réimsí na gcearta daonna agus na forbartha idirnáisiúnta; tofa trí huaire mar bhall den Chomhairle Slándála; agus cáil dá réir tuillte aici, go háirithe ag Óglaigh na hÉireann, as a seirbhís leis na Fórsaí Síochánaíochta.

8) Sa bhliain 1961 d’iarr Rialtas Lemass go nglacfaí leis an tír seo mar Bhallstát den Chomhphobal Eorpach. D’éirigh leis an iarratas faoi dheireadh sa bhliain 1973. Céim chinniúnach ab ea í ó thaobh leas na tíre de – go háirithe maidir le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, agus stádas na tíre sa saol idirnáisiúnta. Cúig huaire ó shin i reifrinn ar Chonarthaí nua, in ainneoin ráitis ó am go ham faoin mbaol dár neodracht, cheadaigh an pobal don Stát dul ar aghaidh i dtreo lánchomhtháthú na hEorpa. Is cosúil go dtuigeann an pobal gurb é is brí le ‘flaitheas’ tír ar bith sa domhan atá inniu ann ná go mbeadh suíochán aici ag an mbord ag a bhfuil cinneadh maidir lena leas le déanamh.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Céard atá faoi lán seoil i láthair na huaire? (alt 1)
  2. Luaigh dhá cheann de na bearnaí idir fís na réabhlóide agus an réaltacht a tháinig? (alt 1)
  3. Céard í an dá aidhm a bhí ag an Rialtas i gcúrsaí idirnáisiúnta (alt 2)
  4. Céard a thosaigh Eamon de Valera ag déanamh nuair a tháinig sé i gcumhacht i 1932? (alt 3)
  5. Céard a theip ar an Dáil a dhéanamh i 1919? (alt 4)
  6. Céard a thuig rialtas de Valera? (alt 4)
  7. Cén réiteach a luaitear in alt 5?
  8. Cén fáth nach bhfuair Éire ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe go dtí 1955? (alt 6)
  9. Déan cur síos ar conas mar a d’éirigh le hÉirinn i gcúrsaí idirnáisiúnta, dar le halt 7.

10) Dar leis an údar, cén tuiscint atá ag pobal na hÉireann ar ‘flaitheas’? (alt 8)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha alt 3.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 5.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir chaite (bain na lúibíní agus

déan pé athruithe agus is gá):

  • (Caill) mé go leor airgid sna geallghlacadóirí.
  • (Ar + Foilsigh) siad do leabhar anuraidh.
  • (Sáraigh) na fadhbanna ar fad ag an gcruinniú aréir.
  • (Ní + Déan) mé mórán oibre anuraidh.
  • (Ní + Rug) sé ar an liathróid oiread agus uair amháin sa chluiche.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An bhfuil spéis agat féin sa stair? Cén fáth?

An bhfuil aon chomóradh á dhéanamh ag do scoil/do cheantar ar 1916?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos agus míniú, cuir tuairimí in iúl, abair céard a thaitníonn/nach dtaitníonn leat faoin stair.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.