Léamhthuiscint 08 – Na scannáin mhór-eachtraíochta is fearr riamh (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 08 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Yoda

Le bliain anuas tá Mad Max, Jurassic Park, Terminator agus an dara scannán Avengers tagtha ar an scáileán mór, gan trácht ar Star Wars ag deireadh na bliana.
Cé nach bhfuil aon sainmhíniú docht daingean ag baint le cad is scannán móreachtraíochta (blockbuster) ann, glactar leis go mbíonn cuid mhaith de na comharthaí sóirt seo a leanas á leanúint: buiséad ollmhór, margaíocht chuimsitheach, marsantú uileláithreach agus tóir ollmhór air mar aon le seoladh samhraidh. Maidir le comhdhéanamh an scannáin féin, bíonn sé corraitheach, luas lasrach faoi, piarda mór mar cheann feadhain agus ní dhéanann sé aon dochar róbat nó arrachtach de shaghas éigin a bheith i láthair.
Go minic, is scannáin iad seo gur féidir leis an teaghlach ar fad taitneamh a bhaint astu, faoi mar a dúirt an té a dúirt é, gan aon ró-chastacht a bheith ag baint leis an bplota. Leagtar ar Steven Spielberg gurbh é a thosaigh ag rómhar san iomaire áirithe seo ar dtús le Jaws (1975) agus n’fheadar Dia ná duine cé mhéad pingin atá caite inti ó shin, agus cé nach fiú deich triuf cuid mhaith de na táirgí seo, tá roinnt seod ann chomh maith. Seo luach mo leathphingine.
8. Back to The Future (1985) – Robert Zemicks: Meascán mearaí d’aicsean agus greann. Carachtair den scoth agus aisteoireacht ghreannmhar, chumasach. Ina theannta sin tá taisteal ama, DeLorean agus an flux capacitor. Dar liom féin gurb é Michael J. Fox aisteoir grinn a linne agus bhí comhghuaillíocht iontach idir é agus Doc le Christopher Loyd. Ní haon ionadh gur gineadh dhá scannán leantacha. Ní haon ionadh ach an oiread nár deineadh iarracht an cnuasach a chur ar a bhonnaibh arís mar ní fhéadfadh éinne seachas Fox tabhairt faoi Marty McFly.
7. Terminator 2: Judgement Day (1991) – James Cameron: B’fhéidir go bhfuil an táirge seo beagáinín gruama agus foréigneach le bheith ar an liosta seo, ach bhí sé i bhfad Éireann níos éadromchroíche ná a réamhtheachtaí. Bhíos ag cuimhneamh ar Aliens (1986) a chur anseo ach ní fhéadfainn Arnie, lena ghluaisrothar, spéaclaí gréine agus gluaisrothar, a fhágáil ar an trá fholamh. Go deimhin, bhí míreanna grinn fite fuaite leis an amhábhar duairc. Arnie sa ról is ansa leis agus is oiriúnaí dó, claochlú Sarah Connor mar aon le maisiúcháin cheannródaíocha a mhaireann go fóill. Plot le téagar agus taispeántais chumasacha ón dtriúr lárnach. Ba é seo buille scoir an scéil i ndáiríre agus is mór an trua ar shlí gur tháinig 3 scannán eile, ceann na seachtaine seo chugainn san áireamh.
6. Jurassic Park (1993) – Steven Spielberg: An chéad ceann ó Spielberg ar mo liosta (agus ní hé an ceann deireanach é). Scannán cinniúnach a ghin cnuasach atá fós sa tsiúl, agus ar tháinig an gála is deireanaí de os ár gcomhair le déanaí. 22 bliain ó shin chuir na dineasáir faoi dhraíocht sinn le maisiúcháin a bhí ar thosach cadhnaíochta, aicsean, greann agus an cantam ceart d’fhoréigean.  Scannán móreachtraíochta eiseamláireach. Cuimhnigh ar an gcéad radharc sin de na dineasáir agus an cupán uisce ag crith roimh ionsaí an T. Rex.

5. Lord of the Rings: The Return of the King (2003) – Peter Jackson:
Buille scoir na triolóige a chroch leis 11 duais Oscar. Le himeacht na mblianta, áfach, n’fheadar an mbeifear chomh tógtha nó chomh maoithneach faoin trílóg  seo is atáthar faoi tháirgí eile ar an liosta. Ní na carachtair chomh caithiseach céanna lena gcéilithe comhraic agus tá an greann go hiomlán in áit na leathphingine. Tá a áit dlite ar an liosta mar gheall ar an ngaisce a deineadh le cóiriú magnum opus Tolkien, téagar na gcarachtar, na maisiúcháin iontacha,  snáithe scéil a bhfuil cniotáil iontu agus míreanna aicsin den scoth.

4. E.T (1982) – Steven Spielberg: Tá an radharc úd den rothar ar foluain agus an ghrian ag dul faoi mar chuid den chultúr coiteann agus greamaithe i scioból samhlaíochta na n-ógánach a chonaic é breis agus tríocha bliain ó shin. Scéal maoithneach, mothúchánach. An scannán is fearr riamh a bhí dírithe ar dhaoine óga. Taispeántais den scoth ón gcliar ar fad, Drew Barrymore óg ina measc. Ceithre dhuais Oscar tugtha leis aige; ceann d’fhuaimrian John Williams ina measc.

3. Star Wars V: The Empire Strikes Back (1980) – George Lucas: An cnuasach atá ina fhathach móreachtraíochta go dtí an lá atá inniu ann, leis an seachtú gála ag teacht ag deireadh na bliana. Seo é an cnuasach a thug an bithiúnach is fearr riamh dúinn (Darth Vader) mar aon leis an uirlis troda is suaithinsí (claíomh solais). Tá tú ag smaoineamh ar an nglór sainiúil sin anois, nach bhfuil tú?  D’fhéadfá a mhaíomh chomh maith gurb é Hans Solo an gaiscíoch is taitneamhaí riamh agus nach bhfuil sárú an Millenium Falcon le fáil mar spásárthach.

2. Raiders of the Lost Ark (1981) – Steven Spielberg: Ceann eile ó Rí na gaiscíochta agus ról gaisciúil eile do Harrison Ford. Eachtraíocht ar an seandéanamh le gaiscíoch deisbhéalach, drogallach. An mó uair go bhfuil scigaithris déanta ar an radharc sin leis an gcloch mhór chomhchruinn? Greann agus aicsean fite fuaite ina chéile go paiteanta leis an seandálaí is gnéasúla riamh ag gaiscíocht timpeall na cruinne. Más é an claíomh solais an uirlis troda is suntasaí riamh, níl fuip Indie ach coiscéim coiligh taobh thiar de. Cé go mb’fhearr liom féin an tríú ceann, caithfear tús áite a thabhairt do bhuille tosaigh na triolóige.
1. Jaws (1975) – Steven Spielberg
An ceann bunaidh agus an bas ar fad acu go dtí an atá inniu ann. Tá gach scannán móreachtraíochta faoina anáil. Aithnítear go forleathan gur cloch mhíle scannánaíochta a bhí ann agus raideadh an stiúrthóir óg i lár an aonaigh. Le siorc daoniteach mar bhithiúnach den scoth, téann ár dtriúr laochra ar thóraíocht farraige le ceol suaithinseach, teannas agus maisiúcháin iontacha (don am) á leanúint. Bhí téagar ag baint leis an scéal is leis na carachtair chomh maith agus cumhacht thar na bearta ag baint le hóráid Quint (Robert Shaw) faoi shlad na siorcanna ar chriú an USS Indianapolis.

 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad iad na comharthaí sóirt a bhíonn ag scannán móreachtraíochta?
  2. Cad deirtear faoi phlotaí na scannán seo?
  3. Luaigh dhá rud a deireann an t-údar faoi Michael J. Fox.
  4. Cén fáth go mb’fhéidir nár cheart go mbeadh Terminator 2 ar an liosta?
  5. Cé a stiúraigh Jurassic Park?
  6. Cén fáth nach mbeifear chomh maoithneach sin faoi Lord of The Rings sa todhchaí?
  7. Cén radharc as ET atá neadaithe sa chultúr coiteann?
  8. Céard a thug Star Wars dúinn?
  9. Cén sórt gaiscígh é Indiana Jones?
  10. Céard leis a bhain óráid Quint?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha. 
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor.
  • Sracfhéachaint ar an aidiacht (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
  • Is é Liam an duine is (spórtúil) sa rang.
  • Is ócáid (bliantúil) é bronnadh gradam na Oscars.
  • Tá Máire níos (cairdiúil) ná Síle.
  • Is carr (costasach) é sin.
  • Duine nach féidir suí síos agus fanacht socair. Co…

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
  • Céard é an scannán is mó a thaitin leat?
  • Cén fáth ar thaitin sé leat?
  • Inis dom faoin scannán.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair achoimre, labhair faoi thréithe daoine, inis gur thaitin rud leat agus cén fáth, déan tuairimí a nochtadh, abair go ndeachaigh rud éigin i bhfeidhm ort.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.