Léamhthuiscint 08 – Is mór an spórt iad logainmneacha na hÉireann

Léamhthuiscint 07 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 08 – Is mór an spórt iad logainmneacha na hÉireann

1) Ní inniu ná inné a thosaigh mé ag cur suime i logainmneacha na tíre seo, cé faraor gur mó mo spéis iontu ná m’eolas orthu. Ar an traein as Béal Feirste go Baile Átha Cliath dom an lá faoi dheireadh ba ghearr ag gluaiseacht muid nuair a chuaigh muid trí stáisiún a raibh ‘Moira’ crochta ar a chuid comharthaíochta.

Bhí oiread luais fúinn agus nár éirigh liom a thabhairt faoi deara an raibh aon leagan Gaeilge istigh leis. Creidim gur Maigh Rath an leagan ceart – ach an le dúnta cosanta nó le rath fómhair a bheith ar thailte na háite a bhaineann an t-ainm, níl a fhios sin agam.

2) Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chonaic mé fógra bóthair ar Mhótarbhealach an M1 nach raibh aon súil agam leis. ‘Aghacommon’ a dúirt an ceann seo – Achadh Camán nó páirc na gcamán is dóigh. Mar is iondúil, ní bhíonn uaim ach an leithscéal is fánaí a thabharfas deis don intinn a bheith ag fánaíocht i dtreo an spóirt agus ba ghearr go raibh mé ag tarraingt logainmneacha a bhí ceangailte leis siúd chugam féin.

Ní go réidh a bhí siad ag teacht liom. Ar Chrois na hIomána, in aice le Aerfort na Sionna i gCo. an Chláir ba thúisce a chuimhnigh mé.

3) Tá an báire luaite i logainmneacha go leor. Tá Mullach an Bháire i gCo. an Chabháin agus bailte fearainn go leor ar fud na tíre a bhfuil an focal ina n-ainmneacha. Tá foireann peile in iarthar Chorcaí a bhfuil Muintir Bháire orthu, ach aisteach go leor níl aon bhaint dhíreach ag a n-ainm siúd leis an spórt. Is le hainm na dúiche dar díobh iad a bhaineann sé. Ba dhuine de threibh Chorca Lughaidh a chónaigh sa gceantar na mílte bliain ó shin é Báire agus an leithinis atá idir Bá Bheanntraí agus Bá Dhún Mánais ainmnithe ina dhiaidh.

4) Is nós anois le tamall foirgnimh, bóithre nó áiteanna poiblí a ainmniú i gcuimhne ar laochra spóirt. I gceartlár na cathrach i nGaillimh tá bloc oifigí darbh ainm Lárionad Seán Duggan, cúl báire clúiteach an chontae sna 1940idí agus 50idí. I gCorcaigh, tá Droichead Christy Ring agus tollán Jack Lynch, fear a rinne saothrú beag freisin lasmuigh de pháirceanna na himeartha, dar ndóigh. Ach i bhfad sular tháinig a leithéid sin sa bhfaisean, baisteadh Log Uí Dhonnaíle ar ghleann i gCurrach Chill Dara atá timpeallaithe ag cnocáin. Bhí 20,000 duine ina seasamh orthu siúd in 1814 nuair a throid an dornálaí Dan Donnelly as Baile Átha Cliath in aghaidh sheaimpín Shasana, George Cooper. Níorbh iad an 500 gine a bhí le fáil ag an mbuaiteoir amháin a spreag suim sa mbabhta troda seo a d’fhág tranglam tráchta ar na bóithre amach as an bpríomhchathair. Bhí Éirí Amach 1798 fós beo in intinn na ndaoine agus cé gur mó de cháil a bhí ar Cooper, ba dheis eile a bhí sa mbabhta troda stuaic a chur ar an namhaid.

5) Ag a deich ar maidin a thosaigh an troid. Aon bhabhta dhéag a mhair sí nó gur bhris an Donnaíleach giall a chéile comhraic. Chroch lucht a leanta gáir mhór mholta, ina measc Bantiarna Mhaigh Eo, a raibh a cuid talún ar fad leagtha síos i ngeall aici.

Ar an drabhlás a chríochnaigh Dan Donnelly bocht a shaol agus bhásaigh sé sé bliana dár gcionn agus gan é ach 32 bliain d’aois. Mar is dual sna cásanna seo, bhí a shochraid ar cheann de na cinn ba mhó a facthas lena linn.

Go hiondúil sin deireadh an scéil, ach níorbh é i gcás Donnelly mar gur ghoid mic léinn a chorp as an uaigh agus dhíoladar le máinlia é – rud a bhí coitianta go maith ag an am nuair a d’úsáidtí corp an duine mhairbh agus oiliúint á cur ar mhic léinn leighis.

Chuir an máinlia an corp i dtalamh arís, ach bhí fad as cuimse i lámha Donnelly – deirtear go raibh sé in ann iad a leagan ar chaipíní a ghlúine gan cromadh. Choinnigh an dochtúir ceann acu agus thug leis go hAlbain í.

Faoin am ar tháinig deireadh an 19ú céad ba ag taisteal na Breataine i sorcas a bhí lámh Dan Donnelly agus daoine ag íoc airgid as í a fheiceáil. Faoi dheireadh i 1904, cheannaigh óstóir agus geallghlacadóir as Béal Feirste, Hugh ‘Texas’ McAlevey an lámh agus bhí sí ar taispeáint i dtábhairne a bhí aige ansiúd.

Sna 1950idí, le linn Fhéile an Tóstail, tugadh lámh Donnelly ar ais chomh fada leis an gCurrach agus chaith sí os cionn dhá scór bliain i dtábhairne an Hideout i gCill Chuillinn.

Le scór bliain anuas, tugadh an lámh chuig na Stáit Aontaithe agus bhí sé ar taispeáint in áiteanna sa tír seo, sa Mhúsaem i bPáirc an Chrócaigh, mar shampla.

6) Uair an chloig taistil ó dheas de Log Uí Dhonnaíle, tá baile ar a dtugtar An Marcach i gContae Thiobraid Árann – marcach a chaill a chapall de réir dealraimh mar gurb é an t-ainm atá i mBéarla ar an áit, Horse and Jockey.

Agus ós ag caint air sin é, cé nach logainm go díreach é, is de bharr séipéil atá in dhá bhaile i gCorcaigh a fuair an rásaíocht capall ar a dtugtar ‘steeplechasing’ a ainm.

Sa mbliain 1752 agus beirt úinéirí capall ag sáraíocht faoi cé acu ainmhí ab fhearr, socraíodh gur rás trastíre, thar chlaíocha agus thar mhútaí, le cois na hAbhann Bige, a réiteofaí an scéal. Ceithre mhíle faid a bhí i gceist, idir spuaic an teampaill i gCill na Mallach agus a leathcheann i nDún ar Aill. As sin a d’fhás rás na spuaice, an steeplechase nó an tseilgrás.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cad deir an t-údar faoina shuim/tuiscint ar logainmneacha? (alt 1)
  2. Cén fáth nár thug sé faoi deara an raibh leagan Gaeilge ar an gcomhartha? (alt 1)
  3. Céard a chonaic sé cúpla nóiméad ina dhiaidh sin? (alt 2)
  4. Cad is brí le Achadh Camán? (alt 2)
  5. Céard atá luaite in go leor logainmneacha? (alt 3)
  6. Cérbh é Báire? (alt 3)
  7. Cén nós atá ann le tamall? (alt 4)
  8. Cén fáth a raibh 20,000 duine sa Churrach in 1814? (alt 4)
  9. Cén chaoi ar tháinig deireadh leis an troid? (alt 5)
  10. Cén fáth a raibh na húinéirí capall ag argóint? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 1
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
    • D’fhág siad ag doras (an t-aerfort) mé.
    • Ní féidir liom barr (na foirgnimh) a fheiceáil.
    • Níl go leor (eolas) aige ar na cúrsaí sin.
    • Bhí an t-ospidéal ar thaobh (an lámh) clé.
    • Tá málaí (na paisinéirí) imithe amú.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cad iad na logainmneacha atá i do cheantar féin?
Déan taighde orthu ar www.logainm.ie
Déan an méid a fhaigheann tú amach a phlé le do pháirtí.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos agus plé, tabhair an cúlra/míniúchán, cuir suim/easpa suime in iúl.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.