Léamhthuiscint 05 – Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Móra le Rá seo ar chor ar bith? (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 05 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

George Hook

1) Is gearr ó dúirt an craoltóir agus an tráchtaire ar chúrsaí rugbaí, George Hook, nach é an rugbaí ach an sacar cluiche an phobail sa tír seo. Ní raibh náire ar bith air é a rá. Dúirt sé gur sna scoileanna príobháideacha is mó a imrítear rugbaí agus pé acu ar áin le lucht an rugbaí  é nó nach áin, is é an sacar cluiche na cosmhuintire, dar leis. Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Mór le Rá seo ar chor ar bith? Ar chuala George Hook trácht riamh ar Pháirc an Chrócaigh nó an raibh sé riamh ag cluiche maith iománaíochta? Shílfeá mura mbeadh ann ach sracfhéachaint a fháil ar chluiche Gaelach ar an scáileán teilifíse nach bhféadfadh an t-eolas a dhul thairis.

2) Tá suas le 2,500 club ag Cumann Lúthchleas Gael in Éirinn. Níor ghá do George Hook a dhul thar Chontae Átha Cliath féin lena fháil amach go bhfuil os cionn 200 club ag CLG sa chontae sin. Cé mhéad club atá ag an FAI?

Maidir le himreoirí a bheith ag imirt cluichí, tá sé ag luí le réasún go mbíonn i bhfad Éireann níos mó ag imirt na gcluichí Gaelacha chuile dheireadh seachtaine ná a bhíonn amuigh ar na páirceanna sacair. Níl locht ar bith agamsa ar an sacar ná ar an rugbaí ach níor ghá do George Hook ach breathnú ar an idirlíon agus d’fheicfeadh sé go soiléir go nglactar leis abhus agus thall gurb iad na cluichí Gaelacha is mó a bhfuil tóir orthu sa tír seo.

3) Ó thaobh fhreastal ar chluichí, bheadh díomá ar Chumann Lúthchleas Gael mura mbeadh os cionn 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh lá an chluiche ceannais. Imríodh príomhchluiche an FAI an lá faoi dheireadh idir Cathair Chorcaí agus Dún Dealgán. 25,000 duine a bhí i láthair. Bheadh an méid sin ag cluiche maith camógaíochta agus ní ag maslú na mban atá mé mar is mór mo mheas ar na héachtaí a dhéanann siad sna cluichí Gaelacha, go háirithe ó thosaigh TG4 ag léiriú a gcumas dúinn.

4) Seoiníneachas is bun agus is barr leis na tuairimí atá ag leithéidí George Hook. Ní ar ghnáthmhuintir na hÉireann a dhíríonn siad. Cén chaoi ar cheart dúinne, Gaeil, déileáil le leithéidí George Hook? Tá faitíos orm go mbíonn muid i bhfad rómhúinte agus róleithscéalach agus muid ag plé le daoine mar é. Bíonn imní ar chuid mhór againn i gcónaí go gceapfaí nach bhfuil muid ‘leathanaigeanta’.

Caithfidh muid a bheith cuimsitheach, uileghabhálach, nó ‘inclusive’ (sa Bhéarla), chomh maith is go mbíonn meas ag dream ar bith ar dhaoine nach mbíonn meas acu orthu féin.

5) Nuair a chloisimse daoine ag déanamh gaisce as an easpa Ghaeilge acu, fiafraím díobh ar an bpointe an raibh siad ag éisteacht le ranganna Gaeilge sa bhunscoil, sa mheánscoil agus ag an ollscoil? Nuair a fhreagraíonn siad go raibh, fiafraím díobh ansin arb iadsan nó an múinteoir a bhí mall, nó an mbeadh baol ar bith gur taom den seoiníneachas a choinnigh dall iad?

Is iondúil go bhfiafraíonn siad ar ais díom an gceapaim gur fearr an tÉireannach mé ná an té nach bhfuil aige ach Béarla? Deirim leis nach gceapaim ach gur cinnte gur fearr a thuigim Éire agus muintir na hÉireann ná an duine atá taobh le Béarla.

6) Chuir muid Joe McHugh go dtí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Caithfidh muid cuid de na Tráchtairí Móra seo a chur ann freisin.

Thagair mé don fhile Seamus Heaney ar ball. Lena cheart a thabhairt dó, thuig sé tábhacht na Gaeilge. Níl sé i bhfad ó foilsíodh giota dá chuid cainte faoin nGaeilge ar Tuairisc.ie. Níor mhiste an ráiteas sin a thabhairt do na Tráchtairí Móra agus iad ar a mbealach go dtí an Gleann.

Seo mar a dúirt Heaney: ‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country’.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad a dúirt an craoltóir George Hook le déanaí? (alt 1)
  2. Cad a deir sé faoi scoileanna príobháideacha? (alt 1)
  3. Cad atá le feiceáil go soiléir ar an idirlíon? (alt 2)
  4. Cad a deirtear in alt 3 faoin bhfreastal a dhéantar ar chluichí?
  5. Cad is cúis le tuairimí George Hook? (alt 4)
  6. Cad iad na ceisteanna a chuireann an t-údar orthu siúd a bhíonn ag déanamh gaisce as an easpa Ghaeilge acu? (alt 5)
  7. Cén fhreagra a thugann an t-údar ar an gceist, an fearr an tÉireannach an duine le Gaeilge i gcomparáid leis an duine gan Ghaeilge?
  8. Cén fáth, meas tú, ar cuireadh Joe McHugh (Aire Stáit na Gaeltachta) go dtí Oideas Gael?
  9. Cad a cheapann tú faoi thuairimí an údair?
  10. Cad a cheapann tú faoi thuairimí Seamus Heaney?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú cad is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmhfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 2.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 3.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir chaite  (Bain na lúibíní agus déan pé athrú agus is gá):
  1. (Bris) Seán an doras arú inné.
  2. An (déan) sibh aon rud suimiúil ag an deireadh seachtaine.
  3. Ní (téigh) mé ar laethanta saoire anuraidh.
  4. (Fág) sé an teach ag breacadh an lae maidin inniu.
  5. (Pléigh) siad an fhadhb sin i rith an chruinnithe.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
  1. Cé acu an cluiche spóirt is tábhachtaí/is mó tóir in Éirinn, dar leat.
  2. An bhfuil an Ghaeilge tábhachtach sa lá atá inniu ann, meas tú?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh, déan seasamh a thógáil, abair go bhfuil rud éigin tábhachtach nó nach bhfuil agus cén fáth, cuir rogha in iúl, déan spéis nó easpa spéise a léiriú.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 05 – Cén pláinéad ar a gcónaíonn na Tráchtairí Móra le Rá seo ar chor ar bith? (Cartlann 2016)'