Léamhthuiscint 04 (Cartlann 2014/15)

Léamhthuiscint 4 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

Steve Jobs

An scaileán beag

  1. Dá n-iarrfaí ort duine amháin a ainmniú atá freagrach (nó ciontach?) as ré seo na scáileán beag inár lámha, tá seans maith ann go luafá Steve Jobs, comhbhunaitheoir Apple, an té a stiúraigh an comhlacht sin sa tréimhse thorthúil ó 1997 go 2011. Gan amhras, d’oibrigh na sluaite daoine ar fhorbairt na teicneolaíochta, ach is é Jobs a d’oscail an doras, an lá ar sheas sé ar árdán i 2007 agus chuir an iPhone i láthair den chéad uair. Trí bliana ina dhiaidh sin, chuir sé an iPad os comhair an tsaoil.

  2. Agus an iPad ar fáil sna siopaí den chéad uair, fiafraíodh de Jobs cad é an meas a bhí ag a pháistí ar an ngléas nua. “Níl sé feicthe acu,” a d’fhreagair sé. Mhínigh sé go raibh srianta i bhfeidhm aige féin agus ag a bhean, ar úsáid na teicneolaíochta ag a gcuid leanaí. Agus é ag moladh don gcuid eile againn a chuid giúirléidí a cheannach, níor mheas sé go rabhadar oiriúnach dá chlann féin.

  3. Maidir liom féin, agus na tuismitheoirí eile lena bhfuil an cheist pléite agam, táimid ar aon intinn gur cóir teorainneacha a bheith ar úsáid na scáileán do pháistí óga. Molann Acadamh Péidiatraice Mheiriceá nach ceart in aon chor scáileáin a thabhairt do leanaí faoi dhá bhliain, agus nach ceart do pháistí níos sine ná an aois sin níos mó ná uair nó dhó in aghaidh an lae a chaitheamh leo. Scáileáin de gach aon tsaghas atá i gceist: teilfíseáin, ríomhairí, cluichí, gléasanna beaga agus móra.

  4. Luaitear tuirse, cancar agus deacrachtaí airde i measc na gcomharthaí a bhaineann leis an iomarca ama a chaitheamh sáite sa scáileán; comharthaí atá feicthe ag cuid mhaith againn, go háirithe le leanaí óga. Ach aisteach go leor, ní raibh leanaí Jobs chomh hóg sin ag an am a raibh sé ag caint. Déagóirí ab ea iad, agus nach mór scór blianta ag an duine ba shine.

  5. Tá ábhar machnaimh ann, nach bhfuil? Táimse go mór i bhfabhar bhuntáistí na teicneolaíochta do gach éinne, idir óg agus aosta, ach creidim gurb í an mheasarthacht an rud is tábhachtaí. Ach má tá gné shainiúil ar leith ag giúirléidí na linne seo, is é seo é: cuireann siad isteach orainn. Briseann siad an suaimhneas. Tarraingíonn siad ár n-aird. Is maith an rud é a bheith in ann an teicneolaíocht a láimhseáil. Ach ná bíodh sí ina máistir orainn.

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cén post a bhí ag Steve Jobs idir 1997 agus 2011? (alt 1)
  2. Céard atá i gceist ag an údar nuair a deir sé gurbh é Jobs a ‘d’oscail an doras?’ (alt 1
  3. Céard a cheap páistí Jobs den iPad? (alt 2)
  4. Cad a deir Acadamh Péidiatraice Mheiriceá faoi scáileáin agus daoine óga? (alt 3)
  5. Céard iad na comharthaí a bhaineann leis an iomarca ama a chaitheamh os comhair scáileáin? (alt 4)
  6. Céard é an t-ábhar machnaimh a luann an t-údar? (alt 4 agus 5)
  7. Céard í tuairim an údair i leith na teicneolaíochta? (alt 5)
  8. Cad é an ‘ghné shainiúil’ a luann sé? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse.
  • Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.

  • Éist siar leis.

  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla den mhodh coinníollach in alt 1.
  2. Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 2.
  3. Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 3.
  4. Aimsigh sampla den tuiseal ginideach in alt 5.
  5. Sracfhéachaint ar an aimsir láithreach (bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
  • (Díol) go leor earraí gach Nollaig.

  • (Scaip) drochscéalta an-tapaidh ar fad.

  • (Éist – mé) le gach sórt ceoil.

  • (Taispeáin – sinn) dóibh cén chaoi an cluiche a imirt.

  • (Tabhair – sé) bronntanas dom gach bliain.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

  1. An maith leat féin an teicneolaíocht?
  2. An mbíonn tú ar an idirlíon go minic?
  3. Cad iad na suíomhanna a thaitníonn leat?
  4. Cad iad buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht/idirlíon?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, déan argóint, cuir tuairimí i
  • láthair, cuir rogha in iúl, tóg taobh, abair gur maith leat rud nó nach maith agus cén fáth. Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.