Léamhthuiscint 04 – Star Wars, na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 04 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Star Wars

  1. Na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim agus an aisling fágtha le huacht ag an gcéad ghlúin eile, idir charachtair, aisteoirí agus lucht féachana. Is scannán eachtraíochta ar an seandéanamh atá i saothar an cheardaí JJ Abrams, leis an gcantam ceart d’aicsean, greann, carachtair chaithiseacha agus scéal shimplí, shuimiúil. É sin ar fad agus seatanna de Sceilg Mhichíl a bhainfeadh d’anáil díot.
  2. Is feiniméan domhínithe é an cnuasach Star Wars. In ainneoin go bhfuil nach mór daichead bliain gafa tharainn ó chuir an chéad ghála an lucht féachana faoi dhraíocht, tá an iliomad daoine ar fud na cruinne fós gafa leis an domhan agus na carachtair a gineadh i scioból samhlaíochta George Lucas. Tá ráitis agus nithe ón gcnuasach neadaithe sa chultúr coiteann: an ráiteas míchruinn sin faoi atharthacht Luke, gleo an chlaímh sholais agus an bhleadaráil faoin bhfórsa.
  3. D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é Star Wars a thug an uirlis troda is suaithinsí riamh dúinn (an claíomh solais), an bithiúnach is suimiúla riamh (Darth Vader), an oide múinte is geanúla riamh(Yoda), an spásárthach is suntasaí (The Millennium Falcon), agus duine de na gaiscígh is caithisí riamh (Hans Solo). Sin ar fad gan trácht ar choincheap an Jedi, an fhórsa, Luke Skywalker, Princess Leia, Obi-Wan Kenobi agus go leor carachtar, suíomhanna agus nithe eile nach iad.
  4. Bhí uisce le fiacla nuair a fógraíodh na réamhscannáin agus cé ná rabhadar gan a maitheasaí, tugadh íde na muc agus na madraí dóibh, ar Jar Jar Binks bocht go háirithe. B’shin deich mbliana ó shin, agus tá na cearta ag Disney anois agus iad ar a ndícheall borradh a chur faoin arrachtach arís eile le ceithre scannán ar na bioráin. Bheadh dualgais thar na bearta ar an té a roghnófaí le dul ar an stiúir agus bhí mórán, mé féin san áireamh, an-mhuiníneach go ndéanfadh JJ Abrams an t-aicsean, go mór mór i ndiaidh a ghaisce le Star Wars.
  5. Tá eachtraí an scannáin seo suite 30 bliain i ndiaidh The Return of the Jedi agus cogaíocht fós sa tsiúil. Is í Rey (Ridley) príomhcharachtar an scéil agus carachtar í sa mhúnla céanna le Anakin agus Luke Skywalker.
    Téann sí i mbun comhghuaillíochta le Finn (Boyega), Stormtrooper a bhfuil droim láimhe tugtha aige leis an gculaith bhán, le droid beag, a bhfuil eolas tábhachtach aige, a thabhairt ar ais chuig na reibiliúnaithe. Fan na slí, tagann na seanlaochra ar fad os ár gcomhair – R2-D2 agus C3 PO san áireamh. Gan amhras, is geall le carachtar ann féin é an droid beag BB-8 agus tá a fhios agat go maith go bhfuil lucht na siopa bréagán ag cuimilt a mbos dá chéile le teann áthais leis na pinginí a dhéanfaidh siad as an neach úd. Ina dteannta siúd ar fad tá an píolóta cumasach, deisbhéalach Poe (Isaac) agus Ginearál le Domhnall Gleeson againn.
  6. Is turas siar ar bhóithrín na smaointe atá anseo gan aon agó agus go leor tagairtí á ndéanamh don chnuasach bunaidh. Bhí maoithneachas agus ardú croí thar na bearta ag baint leis an gcéad radharc de Hans Solo agus Chewbacca. Ag an am céanna, áfach, tá iomairí nua á rómhar agus cloch mhíle sroichte sa tslí is go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil carachtar lárnach curtha de dhroim seoil.
    Níl an táirge gan lochtanna, áfach. Tá blas eipeasóideach ar chúrsaí ar uairibh agus ní dhéantar comhthéacs an domhain úir seo a chruthú ná a mhíniú chun mo shástachta. Cé gur bithiúnach cumasach é Kylo Ren (Driver), ní haon Darth Vader é agus ní raibh mé chomh tógtha sin le carachtar Finn. Is ar Sceilg Mhichíl atá clabhsúr tábhachtach an scannáin agus tá cuma dhraíochtúil ar an oileán. Bhí sé foirfe don radharc, a chomhartha sin nach raibh aon mhaisiúcháin ann.
    I bhfad níos fearr ná na réamhscannáin ach aistear fós le déanamh má tá sé le bheith inchurtha leis an gcnuasach bunaidh.
    Tosach maith, ach is ina thosach atáimid.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cad a deir an t-údar in alt 1 faoin ngála is déanaí de Star Wars?
  2. Cén tagairt a dhéantar do Sceilg Mhichíl in alt 1?
  3. Cén fáth gur ‘feiniméan domhínithe’ é Star Wars? (alt 2)
  4. Céard a deirtear faoin gcultúr coiteann? (alt 2)
  5. Cad a deirtear faoi Darth Vader? (alt 3)
  6. Conas mar a glacadh leis na réamhscannáin? (alt 4)
  7. Cén fáth go measann an t-údar go ndéanfadh J.J. Abrams jab maith do Star Wars? (alt 4)
  8. Cén sórt carachtair í Rey? (alt 5)
  9. Cad a deirtear faoi BB – 8? (alt 5)
  10. Cad a deirtear faoin radharc de Hans Solo agus Chewbacca?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

1) Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.

2) Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 4.

3) Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 5.

4) Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 6.

5) Sracfhéachaint ar an Modh Coinníollach (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):

  • (Faigh) an dráma léirmheas maith dá mbeadh aisteoirí maithe ann.
  • (Ceannaigh + mé) carr nua dá dtabharfaí ardú céime dom.
  • (Léigh) sé an leabhar dá dtabharfaí ceann dó.
  • (Tar + sinn) isteach in am dá mbeadh dá dtosódh an obair níos déanaí.
  • (Sábháil – siad) níos mó airgid dá ndéarfaí leo cé chomh costasach is a bhí na laethanta saoire.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

An bhfuil aon cheann de scannáin Star Wars feicthe agat?

Cad a cheap tú díobh?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: déan deimhniú, cuir tuairimí in iúl, cuir dúil/suim nó easpa suime in iúl, tabhair moladh, déan cáineadh.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís, is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 04 – Star Wars, na seanfhondúirí ar ais ar a seanléim (Cartlann 2016)'