Léamhthuiscint 01 – Tús maith leath na hoibre! (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 01 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Study

1) Bliain scoile eile faoi lán seoil.  Breis agus mí curtha dínn againn. Mála scoile, éide scoile, téacsleabhar, cóipleabhair, pinn, rialóirí, fillteáin, taisceadáin, cead á iarraidh le dul ag an leithreas, clog ag bualadh gach daichead nóiméad agus obair bhaile, obair bhaile, obair bhaile. Mothaím nach bhfuil ach cúpla lá gafa tharam ó chríochnaigh scrúduithe an tsamhraidh, gliondar i mo chroí agus mé ag tnúth le laethanta saoire fada an tsamhraidh. An diabhal mála caite i gcúinne an tseomra gan an bosca lóin féin tógtha amach agam as. Shamhlaigh mé go mairfeadh an samhradh go deo. Ní bhíonn in aon ní ach seal, áfach. Táimid tite isteach i ngnáthamh na scoile arís. Ba dhóigh leat nach raibh aon bhriseadh againn.

2) Bhí samhradh den chéad scoth agam. Cé nach raibh an aimsir thar mholadh beirte chaith mé go leor ama amuigh faoin aer le mo chomrádaithe. Bhímis ag imirt peile agus iománaíochta leis an gclub áitiúil, ag dul ar an trá aon lá breá a tháinig maraon le dul isteach an baile mór gach Satharn.  Shroichmear cluiche ceannais an chontae sa pheil ach ar an drochuair fuair ár gcéilithe comhraic an ceann is fearr orainn. Bhí díomá an tsaoil orainn ag an am ach tá a fhios againn go mbeidh lá eile ag an bPaorachNí raibh cíos, cás ná cathú orainn agus bhaineamar an-taitneamh as comhluadar a chéile. Gan amhras bhí roinnt eachtraí le cailíní ach ní sceithim scéal caidrimh!

3) Bhí post páirtaimseartha agam san óstán áitúil rud a chiallaigh go raibh go leor airgead póca agam. Bhíos ag obair sa bheár ag bailiú na ngloiní agus ag glanadh na mbord. Tá an t-óstán i ngiorracht scread asail do mo theach agus bhí mé in ann siúl ag an obair.  B’obair thuirsiúil agus leadránach í ach ba chuma liom, bhí mo chrústa á thuilleamh agam. D’imigh an chuid is mó den airgead le haer an tsaoil, ach sin scéal eile. Ar a laghad bhí a dhóthain airgid curtha i dtaisce agam go raibh mé in acmhainn fón cliste a cheannach faoi dheireadh an tsamhraidh.

4) Táim i mbliain na hardteiste anois. Ní raibh dearmad déanta agam ar sin agus ní dhéanfaidh mé dearmad air mar bíonn gach uile múinteoir á mheabhrú dúinn gach lá. Má tá an focal ‘staidéar’ luaite uair amháin tá sé luaite fiche míle babhta ó thosach na scoilbhliana. Focail eile a bhíonn á gcaitheamh chugainn go leanúnach ná: ‘Plean staidéir’; ‘réamhscrúduithe’; ‘scrúduithe béil’; agus ‘scrúduithe praiticiúla’.  an chluas bhodhar á tabhairt don chaint seo ag roinnt do mo chomrádaithe agus an obair á cur ar an méar fhada acu, dá réir.

5) Táim féin luite isteach ar an obair cheana féin. Tá seacht n-ábhar le déanamh agam – Gaeilge, Béarla, Mata, Fraincis, Tíreolas, Bitheolaíocht agus Gnó –  agus seacht gcúraimí an tsaoil orm dá bharr. Sé an Tíreolas an t-ábhar is fearr liom agus teastaíonn uaim staidéar a dhéanamh air an bhliain seo chugainn. Is maith liom an Ghaeilge chomh maith. Tá roinnt Gaeilge ag mo mháthair agus bím ag labhairt Gaeilge léi ó am go ham. Cé go bhfuil an obair crua faoi láthair tá súil agam gur fiú an tairbhe an trioblóid. Tiocfaidh deireadh leis an Ardteist agus fillfidh laethanta fada an tsamhraidh.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén chaoi a mothaíonn an t-údar in alt 1?
  2. Céard a tharla don mhála i rith an tsamhraidh (alt 1)?
  3. Cén chaoi ar éirigh leis an údar ó thaobh an spóirt (alt 2)?
  4. Cad a deirtear faoi na cailíní (alt 2)?
  5. Cad iad na cúraimí a bhí ar an údar sa phost a bhí aige (alt 3)?
  6. Céard a tharla don airgead (alt 3)?
  7. Céard a bhíonn na múinteoirí a mheabhrú do na scoláirí (alt 4)?
  8. Céard atá cuid dá chomrádaithe a dhéanamh? (alt 4)?
  9. Cad a deir an t-údar faoina mháthair in alt 5?
  10. Cén dearcadh atá ag an údar faoin obair scoile (alt 5)?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine in aice leat. Léifidh seisean/sise an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal don duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile de na habairtí a scríobh.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.teanglann.ie agus/nó www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal firinscneach in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir fháistineach in alt

Tugaimis sracfhéachaint ar an aidiacht…

Bain na lúibíní agus déan pé athruithe is gá a dhéanamh:

Tá saotharlann (mór) sa scoil seo.
Is é Seán an cara is (flaithiúil) atá agam.
Fágfaidh mé an cheist is (decair) go dtí an deireadh.
Tá mé chun an buachaill (tapaidh) a roghnú don rás.
Tá peann an (buachaill + óg) fágtha ansin.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cad iad na hábhair scoile atá idir lámha agat?
Cén t-ábhar is fearr leat agus cén fáth?
Céard a rinne tú féin i rith an tsamhraidh?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan cur síos, cuir tuairimí i láthair, cuir rogha in iúl, tabhair dearcadh, léirigh sástacht/míshástacht.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 01 – Tús maith leath na hoibre! (Cartlann 2016)'