Léamhthuiscint 01 – Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?

Léamhthuiscint 01 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 01 – Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?
  1. Bhíothas ag ceiliúradh i mbólaí áirithe i mbliana nuair fógraíodh gur tháinig méadú 10% ar líon na n-iarrthóirí a rinne scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana ag an Ardleibhéal. Tuairiscítear go bhfuil laghdú 50% ar líon na n-iarrthóirí Ardleibhéil nár bhain pas amach sa scrúdú agus gurbh é an laghdú ar an bpasmharc ó 40% go 30% i mbliana ba chúis leis sin. Ach an bhfuil aon mhórchúis cheiliúrtha dáiríre sna figiúirí seo? Níor chóir dearmad a dhéanamh nach ndearna beagnach duine as gach cúigear Gaeilge in aon chor agus díolúine ag formhór acu sin. Ba chóir cuimhneamh freisin nár bhain 8% pas amach ag an nGnáthleibhéal agus nár bhain 10% pas amach ag an mBonnleibhéal. Ach suimiú a dhéanamh ar líon na dteipeanna agus na ndíolúintí, déarfá go bhfuil breis agus 20% d’iarrthóirí Ardteiste 2017 nár chruthaigh go raibh bunchumas sa Ghaeilge acu agus iad ag fágáil an chórais iarbhunscoile, is é sin 12,600 dalta.
  2. Maidir leis an gcóras marcála nua, tá pas agus pointí anois á dtabhairt dóibh siúd a bhaineann amach 30% ag an Ardleibhéal. I gcás na Gaeilge, ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarrthóir pas a fháil (30%) ach 10 nó 15 nóiméad a chaitheamh ag scrúdú cainte san earrach, ag aithris píosaí fada cainte atá foghlamtha de ghlanmheabhair agus ag déanamh beagán cainte faoi shraitheanna pictiúr a bhfuil siad ag breathnú orthu le bliain go leith. Agus ar eagla na héagóra, ná déanaimis dearmad go mbíonn giota beag filíochta réamhullmhaithe le léamh agus cúpla ceist le freagairt faoi chaitheamh aimsire agus do rogha cúrsa tríú leibhéal. Agus sin sin. Má tá an fhoghlaim de ghlanmheabhair go maith agat bhí do phas agat roimh Lá Bealtaine agus gan peann curtha le pár fós. Pas agus pointí sa phóca!
  3. Níl aon ábhar eile san Ardteist a mbíonn marc chomh hard le tuilleamh ar a laghad sin dua agus ama. Níl ar fáil i scrúduithe cainte na dteangacha eile ach 20% agus níl múinteoirí ná daltaí ag éileamh go n-athrófaí an céatadán sin. Tháinig athrú ar dháileadh na marcanna don Ghaeilge san Ardteist in 2012.Rinneadh gearáin ag an am go raibh slad déanta ar an litríocht agus ar stair na teanga faoin gcóras nua, agus gealladh dá bharr go ndéanfaí athbhreithniú agus leasuithe dá réir ar an gcúrsa litríochta. Níl tásc ná tuairisc ar thoradh an athbhreithnithe sin go fóill.
  4. An dalta a dúirt i mbliana, gur faide a thóg sé air a bhéile a ithe ná Páipéar 1 den scrúdú Gaeilge a dhéanamh, ní gá gur áibhéil nó magadh ar fad a bhí ar bun aige. Is fiú go mór dul go cartlann ábhar scrúduithe an Choimisiúin Scrúduithe agus caighdeán na bpáipéar a mheas.I ndiaidh duit 14 bliain a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus an scrúdú ardleibhéil roghnaithe agat, níl ort ach 500-600 focal a scríobh mar aiste. Má bhíonn baint bheag éigin ag a scríobann tú leis an ábhar, bronnfar marcanna go flaithiúil ort.
  5. In ainneoin torthaí na scrúduithe Gaeilge, níl tuairiscí na gcigirí faoin nGaeilge chomh dearfach céanna ar chor bith agus atá i roinnt mhaith ábhar eile. Sa tréimhse 2010-2012 mheas na cigirí go raibh fadhbanna ag baint le foghlaim na ndaltaí sa Ghaeilge i 32% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. De réir Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-2012, ba léir freisin easnaimh sa tslí ina raibh an t-ábhar á theagasc i 28% de na ceachtanna Gaeilge a ndearnadh cigireacht orthu.
  6. Tá cúrsa nua don Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh á thabhairt isteach sna scoileanna i mbliana. Ní hé an cúrsa céanna a bheidh ann i scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Ní bheidh an scrúdú cainte roghnach, arbh fhiú 40% de na marcanna é don té a roghnaigh é a dhéanamh, mar chuid den chur chuige nua agus tá roinnt mhaith múinteoirí Gaeilge gearánach faoin athrú seo. Beidh saothrú na litríochta mar chuid lárnach den chur chuige nua agus táthar ag súil go gcuirfidh sé sin le saibhreas teanga na ndaltaí. Tá sé i gceist go leanfar leis an gcur chuige nua seo ag leibhéal na hArdteiste agus go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ann amach anseo.Cé go bhfuil ciall áirithe leis an gcur chuige seo, tá imní léirithe cheana féin ag scoileanna go mbeifear ag éileamh ar iarrthóirí as scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge tabhairt faoi chúrsa a bheidh i bhfad níos dúshlánaí ná an cúrsa a bheidh á dhéanamh sna scoileanna Béarla, agus gan aon phointe breise le fáil acu as. Mar sin, tá líon na ngrád ard agus líon na n-iarrthóirí ardleibhéil ag méadú, ach cúis cheiliúrtha? Neosfaidh an aimsir cén rian a fhágfaidh an t-ardú sin ar chumas Gaeilge na ndaoine a bhfuil an seomra ranga fágtha acu nó atá anois ag múineadh ann.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth a rabhthas ag ceiliúradh níos túisce i mbliana? (alt 1)
  2. Ceapann an t-údar go mb’fhéidir nach bhfuil údar ceiliúrtha ann. Cad is cúis leis an tuairim sin? (alt 1)
  3. Luaigh rud amháin a deirtear faoi struchtúr an scrúdú cainte in alt 2?
  4. Cén fáth nach dtaitníonn struchtúr an scrúdú cainte leis an údar, meas tú? (alt 2)
  5. Cén tslí a bhfuil an Ghaeilge difriúil ó na hábhair eile? (alt 3)
  6. Cén fáth a raibh daoine ag gearán mar gheall ar na hathruithe in 2012? (alt 3)
  7. Cad dúirt dalta amháin i mbliana faoi scrúdú scríofa na hArdteiste? (alt 4)
  8. Cad a cheapann an t-údar don aiste, meas tú?  (alt 4)
  9. Cad í an tuairim ghinearálta a nocht na cigirí? (alt 5)
  10. Cén fáth a bhfuiltear míshásta leis an scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach nua? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.
  2. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite in alt 1.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 1.
  4. Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 1.
  5. Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
  • Chaill mé sóinseáil an (custaiméir).
  • Beidh rang (léitheoireacht) againn amárach.
  • Táimid chun páirt a ghlacadh sa chomórtas (díospóireacht).
  • Labhróidh mé leat tar éis (an Cháisc).

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú féin don chúrsa/scrúdú Ardteiste?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairimí in iúl, aontaigh/easaontaigh leis an struchtúr atá ann, déan moltaí, déan seasamh a ghlacadh.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 01 – Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?'