Leagan Maoraise den scannán Moana díolta amach taobh istigh de leathuair an chloig

Tá scéal Moana bunaithe ar fhinscéalta na mbundúchasach i ndeisceart an Aigéin Chiúin, na Maoraigh ina measc

Leagan Maoraise den scannán Moana díolta amach taobh istigh de leathuair an chloig

Tá leagan Maoraise den scannán Disney Moana á thaispeáint an tseachtain seo i bpictiúrlanna na Nua-Shéalainne mar chuid de Sheachtain na Maoraise, macasamhail Sheachtain na Gaeilge do theangacha dúchais na Nua-Shéalainne.

Ar ndóigh, tá scéal Moana bunaithe ar fhinscéalta na mbundúchasach i ndeisceart an Aigéin Chiúin, na Maoraigh ina measc, rud a fhágann go mbeidh spéis bhreise ag cainteoirí óga Maoraise sa leagan seo den scannán.

Chaith lucht Sheachtain na Maoraise trí mhí ar an togra, idir aistriú, athghuthú agus eagarthóireacht fuaime. Nuair a fógraíodh go mbeadh an leagan Maoraise den scannán le feiceáil i 30 pictiúrlann ar fud na tíre, cuireadh gach suíochán in áirithe taobh istigh de leathuair an chloig.

Dúirt Haami Piripi, iarcheannaire na heagraíochta stáit a chuireann an Mhaorais chun cinn, go bhfuil súil aige go léireoidh an scannán do chainteoirí óga Maoraise go bhfuil a dteanga dhúchais úsáideach, comhaimseartha agus ‘cool’.

Dúirt léiritheoir an leagain Maoraise “nach raibh iontas air” faoin rath a bhí ar an leagan nua den scannán sa Nua-Shéalainn.

“Tá díocas ar an bpobal  deiseanna fháil an Mhaorais a chloisteáil, ach is amhlaidh nach bhfuil sé chomh furast sin teacht uirthi agus ba mhian linn. Tá mé ag ceapadh go mbeidh iontas ar Disney, mar tá margadh anseo nár bhreathnaigh siad riamh air,” a dúirt Tweedie Waititi.

Aithníodh an teanga mar cheann de theangacha oifigiúla na Nua-Shéalainne 30 bliain ó shin, ach mar sin féin tá sí faoi bhrú mór ón mBéarla. Tá titim shuntasach tagtha ar líon na gcainteoirí le céad bliain anuas agus fiú i measc na Maorach féin, níl ach 21% acu in ann comhrá a dhéanamh sa teanga.

Beidh leagan DVD den scannán Maoraise ag teacht amach mí na Samhna agus súil ag lucht a dhéanta go mbeidh cainteoirí óga Maoraise in ann ‘sult a bhaint as Moana arís agus arís eile, i bhfad i ndiaidh Sheachtain na Maoraise”.

Fág freagra ar 'Leagan Maoraise den scannán Moana díolta amach taobh istigh de leathuair an chloig'