Leagan LEGO déanta d’oileán Gaeltachta ag an mórchomhlacht bréagán

Tá leagan LEGO den oileán Gaeltachta Sceilg Mhichíl ar fáil anois ón mórchomhlacht bréagán mar chuid den tsraith nua seiteanna atá bunaithe Star Wars: The Last Jedi

Leagan LEGO déanta d’oileán Gaeltachta ag an mórchomhlacht bréagán

Tá leagan LEGO den oileán Gaeltachta Sceilg Mhichíl ar fáil anois ón mórchomhlacht bréagán mar chuid den tsraith nua seiteanna atá bunaithe ar an scannán Star Wars: The Last Jedi.

Rinneadh an scannánaíocht do radhairc a tharlaíonn ar ‘oileán Ahch-To’, an tearmann a d’aimsigh an ridire Jedi Luke Skywalker dó féin, ar Sceilg Mhichíl sa scannán Star Wars: The Last Jedi agus i Star Wars: The Force Awakens a tháinig amach in 2015.

Ar Cheann Sibéal ar an míntír, áfach, a rinneadh formhór na scannánaíochta don scannán deiridh seo de bharr deacrachtaí a bhain le húsáid an oileáin.

Tá an seit nua bunaithe ar na clocháin cháiliúla choirceogacha atá ar an oileán le breis is míle bliain, mar a gcónaíodh na manaigh a chuaigh amach ansin ar thóir suaimhnis.

San áireamh sa seit nua seo, tá deilbhín LEGO de na carachtair Luke Skywalker agus Rey chomh maith le hainmhí beag ‘Porg’ a bhunaigh lucht Disney ar phuifíní Sceilg Mhichíl.

Sceilg Mhíchíl i nGaeltacht Chiarraí. 

Bhí conradh ag LEGO seiteanna a dhíol a bhíonn bunaithe ar an tsraith cháiliúil scannán Star Wars ón mbliain 2000 i leith nuair a chuir LucasFilm Star Wars Episode I: The Phantom Menace amach. Tá an conradh sin fós ag an mórchomhlacht bréagán le Disney, a cheannaigh na cearta don tsraith tamall de bhlianta ó shin. Mairfidh an conradh sin go dtí 2022. Tiocfaidh an scannán deiridh den triológ reatha amach mí na Nollag 2019 ach tá an ceathrú triológ fógartha cheana féin ag Disney, cé nach bhfuil sceideal ama leagtha amach di go fóill.

Tá an tsraith Star Wars ar cheann de na sraitheanna is luachmhaire don chomhlacht LEGO agus na céadta seit forbartha acu bunaithe ar na hocht scannán atá déanta le 40 bliain anuas. Tá cúig chluiche ríomhaire bunaithe ar na scannáin eisithe ag LEGO freisin agus beidh ceann nua ag teacht amach go luath atá bunaithe ar an ochtú scannán.

Fág freagra ar 'Leagan LEGO déanta d’oileán Gaeltachta ag an mórchomhlacht bréagán'